Níor mhór do cheannairí an Rialtais a bheith ar an airdeall faoin rud fánach a bhainfeadh tuisle astu

Cén fáth go raibh obair rialtais á plé i bhfoirm téacs idir beirt airí sinsearacha?

Níor mhór do cheannairí an Rialtais a bheith ar an airdeall faoin rud fánach a bhainfeadh tuisle astu

Is iad na rudaí fánacha a bhaineann tuisle asat, a dúirt Albert Reynolds tráth. I mí na Samhna 1994 thit an comhrialtas a bhí ag Fianna Fáil agus Páirtí an Lucht Oibre as a chéile agus b’éigean d’Albert éirí as. Ainneoin ról lárnach a bheith aige sa bpróiseas síochána agus é a bheith in oifig an Taoisigh nuair a d’fhógair an IRA a gcéad sos comhraic i samhraidh na bliana céanna, thit an lug ar an lag air i mí na Samhna mar gheall ar iarratas ar eiseachadadh nach raibh próiseáilte in oifig an Ard-Aighne.

Bhain an t-iarratas leis an iarmhanach John Anthony Duggan a raibh sé curtha ina leith go ndearna sé mí-úsáid ar pháistí i scoil i Sasana. Bhí an cás sin agus fadhbanna in oifig an Ard-Aighne le heiseachadadh an Athar Brendan Smyth cinniúnach i dtitim an chomhrialtais idir Fianna Fáil agus an Lucht Oibre ach ba í fírinne an scéil gur bhain sé le heaspa muiníne idir an dá pháirtí seachas aon eachtra ar leith.

Meas tú nár mhiste caint an iarThaoisigh faoi na rudaí fánacha a thabhairt chun cuimhne an tseachtain seo agus muid ag trácht in athuair ar an gcóisir in óstán an Merrion? De réir cosúlachta deimhníodh don iar-aire Katherine  Zappone nach raibh a leithéid d’ócáid taobh amuigh ag sárú na rialacha sláinte poiblí. Dá réir, ní raibh locht ar bith ar an Tánaiste Leo Varadkar agus baill dá pháirtí a bheith i láthair.

Ná ar an Teachta Dála nuathofa de chuid Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik, ná go deimhin, pé polaiteoirí agus pearsana poiblí eile a bhí ann. Éiríonn an scéal níos casta nuair a chuireann tú san áireamh go raibh an t-iar-aire Katherine Zappone i mbun eadrána leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag an am faoi ról nua mar thoscaire speisialta chuig na Náisiúin Aontaithe. Ról a raibh an Tánaiste – a bhí ag an gcóisir –  ar an eolas faoi agus a phléigh sé i sraith téacsanna leis an Aire Simon Coveney – nach raibh ag an gcóisir.

Tá ceisteanna á gcur ar feadh an tsamhraidh faoin gceapachán. Cén fáth agus cén chaoi gur ceapadh gur theastaigh a leithéid? Céard faoin gcomhfhreagras a bhí ag an Aire Coveney faoin scéal? Ní ann dó anois, a deir Coveney, mar tá na teachtaireachtaí glanta dá fhón. Cén fáth go raibh obair rialtais á plé i bhfoirm téacs idir beirt airí sinsearacha? Agus cén fáth nár smaoinigh ceachtar acu ar feadh an ama labhairt leis an Taoiseach faoin méid a bhí á bheartú?

Deir an Tánaiste go bhfuil leithscéal gafa aige le Mícheál Martin agus Eamon Ryan (an tríú ceannaire páirtí ag bord an rialtais). Cé go bhfuil an Taoiseach ar a mhíle dícheall ag iarraidh an dochar a bhaint as an scéal seo, caithfidh go bhfuil dochar déanta don mhuinín eatarthu. Agus is í an mhuinín sin a choinníonn comhrialtais le chéile.

Léiríonn caint Barry Cowen go bhfuil an chorraíl i bhFianna Fáil ag neartú arís. Tá an seans ann anois, agus an chuid is measa den ghéarchéim Covid-19 thart (má tá) agus páirtithe an rialtais ag iarraidh iad féin a choinneáil slán, go mbeidh níos mó suntais á thabhairt d’eachtraí ar nós an cupán tae sin sa Merrion. Tugann chuile lá eile a chaitheann siad i mbun rialtais le chéile níos gaire do thoghchán iad agus don bhrú a ghabhann leis sin. Níor mhór dóibh ar fad a bheith ag faire amach don rud fánach a d’fhéadfadh tuisle a bhaint astu.

Fág freagra ar 'Níor mhór do cheannairí an Rialtais a bheith ar an airdeall faoin rud fánach a bhainfeadh tuisle astu'