Níor mhaith le Henry Shefflin dul go Corcaigh agus teacht abhaile folamh

Bhí Corcaigh ar fheabhas arís i gcoinne Luimnigh agus iad ag dul ó neart go neart sna cluichí sraithe go dtí seo

Níor mhaith le Henry Shefflin dul go Corcaigh agus teacht abhaile folamh

Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Bhí deireadh seachtaine thar a bheith gnóthach againn seachtain ó shin. Dar ndóigh bhí an Ard-Fheis nó an Chomhdháil Náisiúnta ar siúl sa chruinneachán i Maigh Eo agus cúpla cinneadh mór déanta ansin, go háirithe ó thaobh cúrsaí peile sa todhchaí.

I mbabhta a trí den tsraith Allianz iomána ar an Satharn thaispeáin Áth Cliath go bhfuil borradh fúthu agus mianach agus gearradh iontu i mbliana. Tháinig siad go Staid Semple chun na pointí a thógaint le cur leis an gcual pointí atá acu go dtí seo.

Cuirfear tástáil eile orthu tráthnóna agus Cill Chainnigh chucu i bPáirc Parnell. Is mór a chuirfeadh bua sa chluiche seo le muinín na foirne roimh an gcraobhchomórtas go háirithe agus na Cait mar fhreasúra.

Imreofar dhá cluiche eile i Roinn 1 um thráthnóna freisin. Beidh an Ghaillimh ag teacht chuig Páirc Uí Chaoimh agus Uíbh Fhailí ag taisteal go Páirc Chadwick i Loch Garman.

Is dócha gur féidir a rá gurbh é Corcaigh an contae ab fhearr i roinn a haon na sraithe go dtí seo cé go bhfuil an beart á dhéanamh ag Loch Garman agus Áth Cliath freisin. Bhí Corcaigh ar fheabhas arís i gcoinne Luimnigh agus iad ag dul ó neart go neart sna cluichí sraithe go dtí seo.

Tá an-mholadh ag dul do Kieran Kingston agus a mheitheal bainistíochta. Agus sea, tá a fhios agam nach bhfuil againn ach tús an Mhárta agus nach bhfuil corn ná bonn buaite fós. Ceapaim nár mhaith le Henry Shefflin dul go Corcaigh agus teacht abhaile folamh.

Is minic léite againn gur nós atá sa bhua ar fiú é a chothú agus tá cuid mhaith den fhírinne ansin. Cothaíonn an bua muinín agus is deacair muinín a fhorbairt gan roinnt taispeántas fiúntach, ar a laghad. 

Beidh taispeántas fearúil á éileamh ag Shefflin ach mura n-imríonn siad níos fearr ná mar a rinneadar Dé Domhnaigh seo caite in aghaidh Loch Garman, rachaidh sé crua orthu an bua a fháil ar Chorcaigh. Agus ós ag caint faoi na Carmannaigh é, caithfidh go bhfuil Darragh Egan thar a bheith sásta leis an tús atá déanta ag an bhfoireann faoina stiúir. 

Amárach bheinn ag súil go mbeidh rudaí te go maith i Páirc Uí Chíosóg in Inis mar go bhfuil na comharsana Luimneach ag teacht ar cuairt agus iadsan fós gan pointe amháin sraithe. Caithfidh gur tharraing Brian Lohan aird ar conas mar a d’imir Loch Garman, an Ghaillimh agus Corcaigh i gcoinne Luimnigh agus conas mar a stop siad córas Luimnigh. Rinneadar go léir iarracht a bheith chomh fisiciúil le Luimneach. Go dtí seo níor éirigh le Luimneach in aon cheann dá gcluichí.

Ach is ceart a rá nach raibh an fhoireann is láidre atá acu ar an bpáirc go fóill. Níl aon dabht ach gur mhaith le John Kiely nós an bhua a athchothú, ach níl ach sprioc amháin ag Kiely agus sin a bheith ullamh do Chorcaigh sa craobhchomórtas ar an 17 Aibreán. Sin céim a haon ar an turas go Baile Átha Cliath ar an 17 Iúil.

Gheobhaidh siad tástáil dhian in Inis go háirithe ó tá Tony Kelly ar ais. Ach mura gcloíonn An Clár le córas docht imeartha agus le himirt fhisiciúil nach rachaidh thar fóir, ní dóigh go mbeidh siad maith go leor do Luimneach.

Ní bheidh aon easpa iarrachta i bPáirc an Bhreathnaigh amárach ach an oiread, áit a mbeidh an fhoireann baile i gcoinne Thiobraid Árann. Caithfidh gur fearr go mór atá a fhios ag Liam Cahill cé a bheidh ar a fhoireann don chraobh ná mar atá ag Colm Bonner. Is dóigh go mbeidh na Tiobraid Árannaigh faoi bhrú i mbliana.

I gceann sé seachtaine beidh na foirne sa pháirc chéanna arís agus an chéad bhabhta craoibhe ar siúl. Amárach beidh súil ag an dá bhainisteoir ar an gcluiche craoibhe sin ach ní dóigh liom go mbeidh mórán den scáthdhornálaíocht ar siúl.

Dhá chontae eile a mbeidh pointí luachmhara agus taispeántas maith ag teastáil uathu araon iad Laois agus Aontroim a thabharfaidh aghaidh ar a chéile i bPort Laoise amárach freisin.

Beidh cuid maith d’aicsean an deireadh seachtaine ar an teilifís, an chuid is mó de ar TG4.

Fág freagra ar 'Níor mhaith le Henry Shefflin dul go Corcaigh agus teacht abhaile folamh'