‘Nimh’ atá san ola chnó cócó a deir ollamh, ach í á húsáid go rialta i dtionscal na háilleachta

Meallann an boladh álainn muid ach an ola seo ina cúis le colaistéaról ard a mbaineann contúirt taomanna croí agus strócanna leis

‘Nimh’ atá san ola chnó cócó a deir ollamh, ach í á húsáid go rialta i dtionscal na háilleachta

Bhí mé ag inse do chara liom le gairid faoin rabhadh soiléir a thug ollamh as Ollscoil Harvard faoin gcontúirt an-mhór atá ag baint le hola chnó cócó.

‘Cén imní a bhí air?’ a d’fhiafraigh mo chara.

Glacadh leis más ollamh a bhí i gceist in Ollscoil Harvard gur fear a bheadh ann!

Ach is bean chumasach í an tOllamh Karin Michels atá oilte mar eipidéimeolaí agus atá ag obair i Scoil na Sláinte Poiblí in Harvard chomh maith le bheith ina stiúrthóir freisin ar Institiúid Sláinte in Ollscoil Freiburg sa Ghearmáin.  

Ba san ollscoil sin sa Ghearmáin a thug sí an léacht chonspóideach an mhí seo caite nuair a dúirt sí gur ‘pure poison’ atá in ola chnó cócó agus go bhfuil sí ar ‘one of the worst things you can eat’. 

Ar ndóigh, ní ag ‘ithe’ ola chnó cócó nó á húsáid mar chomhábhar i mbia amháin a bhíonn daoine. Baintear úsáid mhór aisti freisin i dtionscal na háilleachta, go speisialta fad is a bhaineann sé le cúram cnis agus smideadh. 

An tOllamh Karin Michels

Má tá sí chomh contúirteach sin agus go bhfuil an t-ollamh léanta ag rá linn go bhfuil sí le seachaint inár gcuid beatha mar gur nimh atá inti, caithfidh go bhfuil amhras an-mhór ann maidir leis an ábhar céanna a úsáid ar ár n-aghaidh, in ár gcuid gruaige nó ar ár gcolainn. Súnn ár gcraiceann isteach ola de chineál ar bith a chuirtear air agus ní haon eisceacht í an ola chnó cócó. Úsáidtear freisin í mar chomhábhar i ngealadh fiacla, i mbalsam béil agus in ola aghaidhe. 

An argóint is mó a bhí ag an Ollamh Michels i gcoinne ola chnó cócó ná go bhfuil céatadán an-ard de shaill sháithithe ann, os cionn 80%. Tá dlúthcheangal idir sin agus ráta ard colaistéaróil. Tá cruthúnas eolaíochta ann go bhfuil an colaistéaról ard in chúis le taomanna croí agus strócanna. 

‘Níl oiread agus staidéar amháin déanta i measc an phobail go dtí seo a d’aimsigh toradh dearfach ar úsáid ola chnó cócó,’ a dúirt an tOllamh Karin Michels agus í ag labhairt i nGearmáinis ag an léacht a thug sí in Ollscoil Freiburg.

Níl hí Michels amháin a bhíonn ag comhairliú do dhaoine ola chnó cócó a sheachaint.

Dúirt an American Heart Association tar éis dóibh taighde a dhéanamh ar an ábhar anuraidh ‘we advise against the use of coconut oil’.

Tá an British Nutrition Foundation ar aon fhocal leo agus é ráite acu: ‘There is to date no strong scientific evidence to support health benefits from eating coconut oil’. 

Meallann an boladh álainn a bhíonn ar ola chnó cócó go leor againn ach i bhfianaise an eolais ón Ollamh Karen Michels bheinn féin go mór in amhras anois faoina fiúntas, go speisialta agus an focal ‘nimh’ úsáidte aici lena damnú.

B’fhiú fanacht ar a laghad go bhfeicfidh muid a mhalairt d’fhianaise.

Fág freagra ar '‘Nimh’ atá san ola chnó cócó a deir ollamh, ach í á húsáid go rialta i dtionscal na háilleachta'

  • Áine

    Áine: Léigí ar mercola.com an méid atá scríofa ag an Dr. Mercola faoi leasa móra atá ag baint leis an ola seo. Comhairlíonn sé dúinn na holaí eile go léir a chaitheamh amach!