‘Níl toghchán uaim ach táimid ag fágáil agus sin sin’ – Boris Johnson

Agus iarracht ar bun in Westminster cosc a chur ar an mBreatimeacht gan mhargadh, dúirt Príomh-Aire na Breataine tráthnóna nach lorgóidh sé síneadh ama leis an mBreatimeacht ar aon chúis

‘Níl toghchán uaim ach táimid ag fágáil agus sin sin’ – Boris Johnson

Dúirt Boris Johnson tráthnóna nach olltoghchán a theastaigh uaidh ach imeacht ón AE faoi Shamhain bíodh sé ina mhargadh nó ná bíodh.

Bhí roinnt tuairimíochta inniu ann go bhfógródh Príomh-Aire na Breataine go raibh faoi vóta faoi olltoghchán a ghairm.

Cé nár bhagair sé a leithéid go neamhbhalbh tráthnóna táthar fós den tuairim go bhféadfadh sé vóta faoi olltoghchán a fhógairt sa chás go vótáiltear in Westminster amárach ar son cosc a chur ar Bhreatimeacht gan mhargadh.

Rinne Phríomh-Aire na Breataine ráiteas tráthnóna faoi chúrsaí Breatimeachta, ráiteas a tháinig sna sála ar an scéala go mbeidh bille á chur faoi bhráid na parlaiminte ag feisirí amárach in iarracht cosc a chur ar an mBreatimeacht gan mhargadh ar an 31 Deireadh Fómhair.

Mhaígh Johnson tráthnóna go mbeadh sé “dodhéanta” tuilleadh idirbheartaíochta a dhéanamh leis an AE dá vótálfaí ar son síneadh ama eile a chur leis an mBreatimeacht.

Tá ráite go minic cheana ag an AE nach mbeifear ag déanamh aon idirbheartaíocht eile faoin gcomhaontú aistarraingthe a socraíodh le Theresa May,

Dúirt Johnson tráthnóna nach lorgódh sé féin síneadh ama leis an mBreatimeacht ar aon chúis agus go mbeidh an Ríocht Aontaithe ag fágáil an AE faoi Shamhain is cuma cad a tharlóidh.

Dúirt sé go gcreideann sé go n-éireoidh leis margadh nua a fháil ag cruinniú mullaigh an AE an mhí seo chugainn agus go “mbainfí na cosa” de ó thaobh na hidirbheartaíochta dá vótálfaí chun cosc a chur ar Bhreatimeacht gan mhargadh.

Dúirt sé gur chóir d’fheisirí vótáil i gcoinne “moill gan dealramh Corbyn”.

“Ba mhaith liom go dtuigfeadh gach duine nach mbeidh mé ag iarraidh aon síneadh ama ar an mBruiséil is cuma cad a tharlóidh. Táimid ag imeacht ar an 31 Deireadh Fómhair agus sin sin.

“Ní ghlacfaimid le haon iarracht ár ngealltanais a bhriseadh ná an reifreann a chur ar ceal.”

Fág freagra ar '‘Níl toghchán uaim ach táimid ag fágáil agus sin sin’ – Boris Johnson'