Deir urlabhraí airgeadais Shinn Féin nach leor ar chor ar bith an maoiniú breise atá fógartha don Ghaeilge agus don Ghaeltacht faoi Bhuiséad 2025.
Fógraíodh tráthnóna go bhfuil €107 milliún le caitheamh ag an Rialtas ar chúrsaí teanga an bhliain seo chugainn, ardú thart ar €6 milliún ón méid a bhí i gceist i mbliana.
Thug an Teachta Dála Pearse Doherty le fios go raibh i bhfad níos mó tacaíochta ag teastáil má bhí an Rialtas dáiríre faoi dhul i ngleic leis na fadhbanna atá ag cur as don teanga agus do mhuintir na Gaeltachta.
“€6 milliún breise atá curtha ar fáil sa Ghaeltacht, níl sé seo maith go leor ar chor ar bith agus daoine óga agus daoine eile ag scairteadh amach le haghaidh athbheochan na Gaeilge sa Ghaeltacht,” a dúirt Doherty.
Mhaígh an Teachta Dála do Dhún na nGall gur chóir go mbeadh tuiscint mhaith ag an Aire Airgeadais Jack Chambers ar na fadhbanna atá ag cur as do mhuintir na Gaeltachta tar éis dó seal a chaitheamh mar Aire Stáit na Gaeltachta.
“Ó thaobh na Gaeltachta, címid go bhfuil fadhb mhillteanach ó thaobh na Gaeltachta agus cainteoirí Gaeilge ag titim sa Ghaeltacht. Nil ach teaghlach amháin as achan chúig theaghlach ag tógáil a gclainne le Gaeilge agus caithfidh go bhfuil a fhios ag an Aire Airgeadais é seo mar bhí sé mar Aire Stáit na Gaeltachta,” a dúirt Doherty sa Dáil.
Dúirt Doherty go gcuirfeadh a pháirtí tacaíocht bhreise ar fáil do theaghlaigh agus athbhunú Scéim Labhairt na Gaeilge ar cheann de na bearta a luaigh sé.
Sa mbuiséad malartach a d’fhógair Sinn Féin an tseachtain seo caite, dúradh go gcuirfeadh an páirtí €45 milliún breise ar fáil do Roinn na Gaeltachta, i bhfad níos mó ná an €6 milliún breise a d’fhógair an Rialtas inniu.
Dúirt Doherty go mbeadh níos airde tugtha ar an ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht ag aire tithíochta de chuid Shinn Féin agus “aire sinsearach Gaeltachta”.
Faoi bhuiséad malartach Shinn Féin, €14.3 milliún breise a chuirfeadh siad ar fáil d’Údarás na Gaeltachta ach ardú €1.9 milliún a fógraíodh inniu.
Tá sé fógartha ag an Rialtas go bhfuil €2.25 milliún breise le caitheamh freisin ar scéimeanna tacaíochta teanga lasmuigh den Ghaeltacht ach níl an chuma ar an scéal go bhfuil aon airgead breise le tabhairt do scéimeanna sa nGaeltacht. Maidir leis an bpróiseas pleanála teanga, ní deirtear ach go dtabharfadh “tuilleadh tacaíochta” don phróiseas.
Fág freagra ar '‘Níl sé seo maith go leor ar chor ar bith’ – easpa tacaíochta don Ghaeltacht sa mBuiséad cáinte ag Sinn Féin'