Níl sé i gceist fiú staidéar a dhéanamh ar chostas ionad náisiúnta oideachais Gaeilge i mBaile Bhuirne

Gealltar, sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go ndéanfaí 'beart láithreach le dlús a chur le forbairt an ionaid acmhainní oideachais Ghaeilge i mBaile Bhuirne i gCo. Chorcaí'

Níl sé i gceist fiú staidéar a dhéanamh ar chostas ionad náisiúnta oideachais Gaeilge i mBaile Bhuirne

Níl sé i gceist ag an Aire Oideachais fiú staidéar a dhéanamh ar an gcostas a bhainfeadh le forbairt ionad náisiúnta oideachais don Ghaeilge

Gealltar, sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a foilsíodh in 2010, go ndéanfaí “beart láithreach le dlús a chur le forbairt an ionaid acmhainní oideachais Ghaeilge i mBaile Bhuirne i gCo. Chorcaí”.

Ach tá sé tugtha le fios ag an Aire Oideachais Richard Bruton nach bhfuil aon chuimhneamh aige fiú staidéar a dhéanamh ar an gcostas a bhainfeadh lena leithéid d’fhorbairt.

My Department has no proposals to carry out a cost study in relation to the establishment of a support centre for Irish language medium education at this time,” a dúirt an tAire Bruton.

Ag tagairt dó d’fhreagra Richard Bruton, dúirt an Seanadóir Gaeltachta de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh gur “údar mór díomá” a bhí sa mhéid a bhí le rá ag an Aire.

“Léiríonn sé nach bhfuil aon tuiscint acu ar an ngéarchéim náisiúnta atá ann maidir le soláthar múinteoirí Gaeilge agus nach bhfuil spéis dá laghad acu leigheas a fháil ar an scéal. Íorónach go maith,  is ó thuaidh i mBéal Feirste atá an t-aon choláiste ullmhúcháin lán-Ghaeilge atá againn [Coláiste Mhuire]. Ach níl an rialtas ó dheas sásta fiú breathnú ar an scéal agus is léir do chuile dhuine anois a laghad measa atá acu ar an teanga agus ar na geallúintí a tugadh  sa Straitéis, cáipéis ar chóir athbhreithniú iomlán a dhéanamh uirthi ar mhaithe le deireadh a chur leis an gcineál seo cur i gcéill, ” a dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Fógraíodh den chéad uair i 1999 go mbunófaí Ionad Náisiúnta Oideachais Gaeilge i mBaile Bhuirne agus dúradh gur ionad barr feabhais a bheadh ann a thacódh le teagasc na Gaeilge agus leis an teagasc trí Ghaeilge.

Ar an 12 Meitheamh 2002, chas an t-iar-aire oideachais Michael Woods, Fianna Fáil, an fód d’fhorbairt an ionaid oideachais náisiúnta i gColáiste Íosagáin. €1.5 milliún a chosnódh an togra, a dúradh.

In 2007, d’fhógair Mary Hanafin, aire eile de chuid Fhianna Fáil, go raibh sé i gceist an t-ionad nua náisiúnta a fhorbairt agus dúradh go mbeadh an Chomhairle Um Oideachais Gaeilge agus Gaeltachta ina bhun. Chuirfí breis foirne ar fáil do COGG chun féachaint i ndiaidh an ionaid agus chuirfeadh Údarás na Gaeltachta, ar leo Coláiste Íosagáin agus an talamh a bhaineann leis, an infheistíocht chaipitil ar fáil.

In imeacht seacht mbliana, d’fhógair ceathrar airí ar fad go rabhthas chun an t-ionad a bhunú ach níor deineadh beart de réir briathair. Gealladh arís i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a foilsíodh i ndeireadh na bliana 2010, go ndéanfaí ionad acmhainní oideachais don Ghaeilge a fhorbairt i mBaile Bhuirne.

Sa phlean forfheidhmithe don Straitéis a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais ceithre bliana ó shin, i mí Iúil 2013, dúradh nach raibh forbairt an ionaid acmhainní “indéanta laistigh de na hacmhainní atá ann faoi láthair”.

Ceithre bliana ina dhiaidh sin agus nach mór 20 bliain ó gealladh den chéad uair go dtógfaí an t-ionad oideachais náisiúnta, níl sé i gceist ag an Roinn Oideachais a fháil amach cén costas a bhainfeadh lena leithéid d’fhorbairt.

Fág freagra ar 'Níl sé i gceist fiú staidéar a dhéanamh ar chostas ionad náisiúnta oideachais Gaeilge i mBaile Bhuirne'

  • Mánus

    Cén bunús a bhí le hionad oideachais a bhunú sa gceantair iargúlta ina bhfuil Coláiste Íosagáin? Tá stádas oifigiúil “Gaeltachta” ag an cheantair ach le fada an lá ní teanga an phobail í an Ghaeilge i mBaile Bhúirne. Is i dtimpeallacht Bhéarla tuaithe a bheadh an ionad oideachais. Teastaíonn ollscoil Lán Ghaeilge ní coláiste oideachais LánGhaeilge amháin. Ba chóir a leithéid a bhunú i mbaile mór seachas i nGulag tuaithe.

  • traolach

    Ana-cheart agat a Mhanuis. Cur amu uafasach airgid eile a bheadh ann agus gan aon toradh fonta air. Buaileamsciath, agus beal ban ar fad is ea na ‘huppies’ liom leat sin o dheas maidir leis an teanga. Comhlacht aistriuchain ann le cabhair Stait arb e an Bearla a lingua franca. Agus gan aon naire orthu faoi.

  • Con

    Glacaim leis gur i nGaeilge a d’fhreagair an tAire. Agus an dualgas sin leagtha air tri bhithin reachtaiochta. Ach is i mBearla ata se anseo ag Foinse. Tuige?

  • maitiu

    Na bunaitear aon ionad ann. Comhlacht aistriuchain a bunaiodh le cabhair airgid on Stat agus Bearla mar lingua franca ann. Freagrai i mBearla ar rphoist Ghaeilge fiu!

  • Liamo

    Leis an gcinneadh seo is léir go bhfuil an Rialtas seo ag tarraingt siar ina iomláine ón Stráitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Le deireanas chinn siad fáil réidh leis an gCoiste Rialtas a bhí in ainm is a bheith mar Choiste ag déanamh monatóireacht do chur i bhfeidhm na Stráitéise agus anois rud éicint eile leagtha síos sa Stráitéis caite i dtraipsí. Conas gur féidir chur le líon na múinteoirí oilte le Ghaeilge agus le líon na nGaelscoileanna gan Ionad Náisiúnta Oideachais a gcuirfeadh oiliúint agus tacaíocht dos na múinteoirí?