Níl fios cén damáiste atá á dhéanamh don fharraige i ngan fhios dúinn

Déanann dreideálaithe dochar millteanach don chóras éiceolaíoch nuair a dhéantar arís agus arís eile í

Níl fios cén damáiste atá á dhéanamh don fharraige i ngan fhios dúinn

Ní bitheolaí mara mé, ná ní haon saineolaí ar chúrsaí mara mé. Tráth amháin i mo shaol, bhíodh mé i gcomhluadar eolaithe agus taighdeoirí sna hábhair sin agus chloisinn an chaint eatarthu. D’fhoghlaim mé beagán.

Aithním faocha agus faocha ghliomaigh, tá a fhios agam cén chaoi a mbeathaítear bradáin feirme. Aithním cuid de na cineálacha feamainne.

Thug iar-chomhghleacaí liom, Seosamh Ó Cuaig, trí na céimeanna a bhaineas le climín feamainne a dhéanamh. Bhíomar beirt ag obair do Chomharchumann Chois Fharraige ag an am agus bhí colún do pháistí á scríobh agamsa. Cheap mé go mbeadh an-suim ag mo chuid léitheoirí i mbaint fheamainne.

Agus mar a deirim, cé nach saineolaí mé, cuirim spéis i gcónaí i dtuairiscí faoi chúrsaí mara – scéalta maidir leis an iascaireacht, scéalta faoi thruailliú farraige, scéalta faoi choinníollacha oibre ar thrálaeir agus a leithéid.

Amanta, cuireann na scéalta thar lear i gcuimhne dhom go mb’fhéidir go bhfuil rud dá leithéid ag tarlú níos gaire do bhaile.

An chéad uair ar chuala mise trácht ar dhreideáil oisrí, bhí mé ag éisteacht leis an Seosamh Ó Cuaig céanna agus é ag déanamh cur síos ar cheadúnais agus ar chearta iascairí oisrí i gcuan éicint i gConamara Thiar. Bhí easaontas ann, más buan mo chuimhne idir na hiascairí agus Gael-Linn a raibh na cearta acu ag an am.

Níor chuala mé mórán faoi le blianta beaga anuas. Agus ní chloisim daoine ag clamhsán níos mó faoin bhfeilméaracht bradán ach an oiread.

An rud a tharlaíonn as amharc, ní chloisfidh tú mórán faoi. An bhfuil a fios ag éinne cén chaoi a ndéanann muintir na Síne a gcuid iascaigh amuigh sna haigéin mhóra? Deirtear go bhfuil grinneall na farraige scuabtha glan acu in áiteacha agus an-dochar déanta don iascach amach anseo dá bharr.

Ansin, nuair a leag mé súil ar cheannlíne in iris Shasanach an lá cheana, tugadh siar mé. ‘From a boat near Orkney, glimpses of wanton destruction under the sea.’ Bhí suim agam sa scéal ar an bpointe.

Bhí pictiúir áille tharraingteacha, mar a bheifeá ag súil leis, ag dul leis an alt. Is álainn ar fad iad Oileáin Inse Orc.

Bhí an tuairisceoir meallta ag na radharcanna, ceart go leor, ach ba mhó a shuim sa mhéid a bhí ag titim amach faoi dhromchla na farraige. Bhí sé ar bord long taighde, an ‘Sea Beaver,’ long de chuid na n-eagraíochtaí timpeallachta Greenpeace agus Open Seas.

Ar bord na loinge agus na heolaithe ag iarraidh dianscrúdú a dhéanamh ar ghrinneall na farraige, bhí innealra cosúil le fomhuireán, a bhí faoi stiúir na loinge agus a bhí in ann pictiúr a chur ar ais chucu ón ngrinneall.

Bhain mo dhuine an-sásamh as na pictiúir de ghrinneall na farraige clúdaithe ag ábhar a dtugtar ‘maerl’ air i mBéarla. Is minic a thugtar ‘coiréal’ air ach ní coiréal i gceart é. Is cineál feamainn chalctha é agus in áiteanna tá ról éiceolaíochta aige atá cosúil le sceir choiréil. Maireann an t-uafás ainmhithe, éisc agus plandaí sa timpeallacht sin. Ar scáth a chéile a mhaireann siad, cinnte.

B’álainn an radharc é. Go tobann d’athraigh an pictiúr. D’imigh gach rud as amharc agus ní raibh tada beo le feiceáil ach sórt gaineamh scríobtha, gan portán ná feamainn, gan aon ní beo. Gaineamhlach a bhí fágtha agus an áit bánaithe.

Ní de thimpiste a bhí an long taighde ná an scríbhneoir ag tabhairt cuairte ar an áit áirithe seo amach ó Inse Orc.

Bhí leide tugtha dóibh go bhfacthas bád dreideála i mbun oibre sa gceantar sin agus go raibh siad ag obair ‘sa ndorchadas.’ Is é sin, bhíodar ag dreideáil agus an tarchuradóir tíreolaíochta casta as acu. Ní bheadh a fhios ag éinne go rabhadar ann, nó cá rabhadar go díreach, murach go bhfaca roinnt tumadóirí muiríní an long i mbun oibre. Chuireadar scéala ag an ‘Sea Beaver’.

Ba léir go raibh an-damáiste déanta acu de bharr an cineál dreideála a bhí ar bun acu. Tharraing siad an gléas dreideála miotail ina ndiaidh agus scríob sé sin leis gach a raibh os a chomhair amach. Meastar go bhfuil an dreideáil íochtair ar ceann de na modhanna iascaireachta is mó a dhéanann dochar sa bhfarraige.

De réir na tuairisce sin, toisc go ndéantar an méid sin dreideála agus trálaeireacht domhain-uisce ar fud an domhain, is mó an méid carbóin a scaoileann sé amach – thart ar giga-tonna- ná an méid iomlán carbóin a scaoileann tionscal na n-eitleán.

Mhínigh duine de na heolaithe a bhí ar bord na loinge taighde in Inse Orc go ndéanann na dreideálaithe dochar millteanach don chóras éiceolaíoch nuair a dhéanann siad an cineál sin iascaigh arís agus arís eile. Is deacair don ‘maerl’ fás in athuair. Nuair a imíonn sé sin, imíonn gach rud beo a fhásann air.

Mar a dúirt an tuairisceoir, tá sé dleathach. Ní fheiceann éinne é. Fiú amháin agus iadsan ar a dturas taighde b’éigean dóibh dul timpeall an oileáin ar fad gur tháinig siad ar fhianaise a d’fhéadfaidís a úsáid amach anseo. Go minic, nuair a shocraíonn an gaineamh síos ní bheadh a fhios ag éinne céard ba chúis le cuma an ghaineamhlaigh a bhí ar an áit.

Ach nuair a thángadar fhad le Scapa Flow, an cuan mór nádúrtha i lár na n-oileán, chonaic siad an fhianaise a bhí uathu: ar dtús bhí pictiúir dheasa nádúrtha ag teacht ar ais ón bhfomhuireán – portáin, éisc bheaga, plandaí, gach rud ag breathnú an-nádúrtha. Go tobann d’athraigh an pictiúr: grinneall na farraige lom agus bán mar a bheadh sé rácáilte ag garraíodóir. Bhí corrshliogán folamh caite anseo is ansiúd a thit tríd an scagaire. Bhí patrún isteach-is-amach an ghléis dreideála le feiceáil go sonrach sa ngaineamh.

Is cosúil go mbeidh Open Seas ag cur na fianaise os comhair Rialtas na hAlban amach anseo, le súil is go ndéanfar rialacha níos daingne a chur i bhfeidhm maidir leis an gcineál seo iascaigh.

Cosnaíonn an taighde seo airgead. Níl a fhios cén damáiste atá á dhéanamh as amharc is faoi choim agus gan aon tuairisciú á dhéanamh air sna meáin.

Murar féidir rud a fheiceáil, an gciallaíonn sin nach bhfuil sé ag titim amach?

Fág freagra ar 'Níl fios cén damáiste atá á dhéanamh don fharraige i ngan fhios dúinn'

  • Gerry Sóna

    Tá na traileirí móra ag déanamh an dóchar céanna agus ag cur na milliún tonna breosla/diosal amú gan call. Tá dóigheanna eile iascaireachta ann nach ndéanann an dámaiste céanna agus tá tíortha ann cosúil leis An Danmhairg a úsaideann dóigheanna mar seo.