Níl Daidí na Nollag in ann Nintendo Switch a dhéanamh? Sin seafóid, Mamaí…

Is mó dúshlán a bhaineann leis an nós atá againn tabhairt ar na páistí litir a scríobh chuig fear draíochta i bhfad i gcéin agus bronntanas a iarraidh air

Níl Daidí na Nollag in ann Nintendo Switch a dhéanamh? Sin seafóid, Mamaí…

‘Tá daoine amuigh ansin ag imeacht absolutely mental!’ a dúirt Fear an Tí agus é ag teacht isteach an doras, é tagtha ar ais ón siopa bréagán, áit a raibh sé imithe faoi bhrat na hoíche agus gnó fíorthábhachtach idir lámha aige.

Oíche chomh dubh leis an bpic a bhí ann agus é ina ghleadhradh. Bhí an carr tarraingthe isteach taobh amuigh den doras agus an t-inneall fágtha ag imeacht. Shílfeá gur ag robáil bainc a bhí muid.

‘An bhfuil siad ina gcodladh?’ a d’fhiafraigh sé ansin os íseal, ‘an bhfuil sé sábháilte?’

‘Tá’ a deir mé. Ansin, bhuail amhras mé. Bhreathnaigh mé siar thar mo ghualainn agus suas an staighre. ‘Cuir as na soilse. Ar fhaitíos.’

Cén fáth go ndeireann muid leis na páistí faoi Nollaig litir a scríobh chuig fear draíochta i bhfad i gcéin agus bronntanas a iarraidh air?

An dúshlán is mó atá tagtha chun cinn leis an gcur chuige seo, ná go bhfuil an baol ann go gcuirfí iarratais isteach ar an litir nach bhfuil imithe tríd an gcóras ceart faofa.

D’fhiafraigh mé den Bhabaí an lá cheana céard a bhí sé a ghabháil a iarraidh ar Dhaidí na Nollag. ‘Nintendo Switch,’ a deir sé. Níl mé baileach cinnte céard é ‘Nintendo Switch’ agus tá tuairim agam nach bhfuil barúil rómhaith aige fhéin ach an oiread, ach gur chuala sé caint air.

Níor chuala mé aon trácht ar Prime Time do ghasúir bheaga, ach fós fhéin, éiríonn leo a bheith suas chun dáta maidir le cúrsaí reatha – na scéalta cúrsaí reatha sin atá tráthúil don té atá sa réamhscoil, ar aon nós.

‘Faraor,’ a deir mé, ‘níl Daidí na Nollag in ann Nintendo Switch a dhéanamh.’

‘Ach Mamaí,’ a deir sé agus ba léir gur cheap sé go raibh seafóid orm. ‘Ní hé Daidí na Nollag a dhéanann na bronntanais, is iad na heilfeanna a dhéanann iad!’

‘Ó, sea,’ a deir mé, ‘bhí dearmad déanta agam air sin.’

Ansin chuimhnigh mé ar phointe eile. ‘Ach níl na heilfeanna in ann nintendos a dhéanamh,’ a mhínigh mé.

‘Actually tá, Mamaí,’ a mhínigh sé dom, ‘dúirt Pádraic liom go bhfuil na heilfeanna an-mhaith ag déanamh nintendos.’ Glacaim leis gurb é Pádraic an comhfhregaraí teicneolaíochta atá ar 7Lá: Eagrán na nGasúr Réamhscoile.

‘Ó,’ a deir mé. Bhí mé i dtrioblóid. Chaithfinn teacht aníos le plean eile.

Ar a laghad, níl mé sa tsáinn chéanna is a bhí mo chara an lá cheana. ‘Tá mé ag iarraidh iPad ó Dhaidí na Nollag,’ a deir an leaid óg léi nuair a chuir sí ceist air.  Is dóigh nár ghá dom a rá nach bhfuil iPad-anna san áireamh ar an liosta faofa de bhronntanais Nollag.

‘Ó nach mór an feall é, is iad Apple a dhéanann iad sin,’ a deir sí agus í ar a míle dícheall ag iarraidh éalú ón gceist, ‘níl aon chead faraor ag na heilfeanna iad sin a dhéanamh.’

‘Sin seafóid Mamaí,’ a deir sé, ‘tá na heilfeanna in ann chuile shórt a dhéanamh.’

‘Ó, tá siad in ann na iPads a dhéanamh, alright, ach níl aon chead acu ó Apple,’ a deir sí, ‘ceist cóipchirt atá ann.’

Fág freagra ar 'Níl Daidí na Nollag in ann Nintendo Switch a dhéanamh? Sin seafóid, Mamaí…'