Níl scéal ar bith chomh simplí agus a bhreathnaíonn sé ar an gcéad amharc. Mar shampla, bhí sé éasca locht a fháil ar phlean Uachtarán Mheiriceá seilbh a ghlacadh ar an nGraonlainn. Bhí sé dochreidte nach raibh, go ndéarfadh aon tír sa lá inniu, go bhféadfaidís an tír sin a ghlacadh chucu féin agus í a riaradh mar chuid dá ndlínse féin?
Is dócha freisin go raibh a fhios ag daoine go forleathan go raibh ceannas ag an Danmhairg ar an nGraonlainn le fada. Agus nach bhfuil cáil ar an Danmhairg as chomh liobrálach agus chomh síochánta is atá sí mar thír? Nach gcaithfidh sé gur rialaigh siad an Ghraonlainn le tuiscint agus le cineáltas? Agus nach raibh sé le tuiscint freisin, gurb amhlaidh gur chosain an rialú sin níos mó ar an Danmhairg ná mar a shaothraigh siad as?
Céard a bhí le saothrú as ar aon nós, ach roinnt éisc agus b’fhéidir corr-rud fánach eile a táirgeadh nuair nach raibh an pobal ag iascach nó ag fiach?
Caithfidh mé a admháil nach raibh mórán eolais agam féin faoin tír seachas na bunfhíricí atá luaite thuas. Ach le tamall anuas, agus caint Mheiriceá faoi fhorlámhas a ghlacadh ar thíortha eile sa réigiún, ar nós Cheanada, tá iriseoirí ag caitheamh súil níos géire ar chúrsaí sa taobh sin den domhan.
Duine de na hiriseoirí is mó tuiscint ar chúrsaí sa taobh ó thuaidh den domhan is ea James Meek, scríbhneoir agus údar, fear a chaith tréimhsí sa Rúis, san Úcráin, san Afganastáin agus in go leor tíortha eile.
Chuaigh sé ar cuairt chuig an nGraonlainn don London Review of Books le gairid agus scríobh aiste fhada faoina chuairt ann.
Tá sé deacair dul ann. Cé go mbíonn eitiltí ó Chóbanhávan sa Danmhairg, ní i gcónaí a bhíonn siad in ann leaindeáil. Aeráid, aimsir, deacrachtaí taistil, bonneagar scaipthe, ní haon ionadh nach gnáthcheann scríbe don turasóir í an Ghraonlainn.
Thug James Meek cuairt ar bhaile Ililissat, baile nach bhfuil aon bhóthar idir é agus bailte eile sa tír. Bíonn an mótar sneachta nó carr sleamhnáin le madraí in ann a mbealach a dhéanamh trasna na tíre agus iadsan is mó a úsáidtear.
Casadh daoine éagsúla air le Meek le linn a chuairte, rud a thugann spléachadh dúinn ar an gcineál saoil a chaitheann daoine sa Ghraonlainn agus freisin, ar na difríochtaí a bhíonn ina dearcadh ansin freisin. Ní hé gach duine a bheadh i gcoinne Mheiriceá, mar shampla. Ní gach éinne a bheadh umhal nó dílis don Danmhairg. Agus tá go leor daoine ar mhaith leo a bheith iomlán neamhspleách.
Ba é an scéal faoi Mheiriceá a bheith ag cur suime sa tír a tharraing aird ní ba ghéire ar an gcaoi ar rialaigh an Danmhairg an tír go dtí seo. Mar a deir an t-údar, ‘go hoifigiúil ní coilíneacht de chuid na Danmhairge í an Ghraonlainn, tá na cearta céanna ag an nGraonlainn, an Danmhairg agus na Scigirí faoi Ríocht na Danmhairge’. Ach ní mar sin a bhreathnaíonn pobal na Graonlainne ar an gcaidreamh áirithe sin.
Cé gur tugadh le fios le fada nach raibh aon spéis choilíneachta ag an Danmhairg sa tír agus gur caidreamh iomlán ‘carthanach’ a bhí eatarthu, tháinig sé chun solais le gairid nach raibh rudaí chomh dubh agus bán sin.
Cúpla mí ó shin, chuir an craoltóir Danmhargach DR clár faisnéise amach faoi mhianach a oibríodh in Ivittuut, in iardheisceart na Graonlainne ó 1859 go dtí 1987. Cróilít an mianra a baineadh sa mhianach sin, agus ba ón mianra sin a bhíothas in ann olltáirge alúmanaim a chur ar fáil. Ní mianra coiteann í an chrióilít agus dá bharr sin bhí luach mór ag baint leis an obair mhianadóireachta sin sa Ghraonlainn. Ba leis an Danmhairg an mianach.
Sa scannán a rinne DR, taispeántar an méid airgid a rinneadh as an alúmanam seo. Tugtar figiúirí éagsúla ach ar deireadh meastar go ndearnadh thart ar £45 billiún i rith na mblianta. Deirtear gur tharraing an clár faisnéise go leor cainte nuair a craoladh é. Ar Greenlandic Facebook is mó a dhéanann daoine díospóireacht faoi chúrsaí polaitíochta sa tír.
Níl sé ach trí bliana ó chraol DR clár eile, a nocht an t-uafás a tharla do mhná óga na Graonlainne nuair a cuireadh gairis fhrithghiniúna ‘IUD’ iontu sna 1960idí agus sna 1970idí i ngan fhios dá dtuismitheoirí ná dóibh féin go minic. Tharla sé sin do 4,500 bean óg agus cuimhnigh nach bhfuil ach 57,000 duine san iomlán sa tír, fiú sa lá inniu.
Nuair a chuir daoine an dá scéal le chéile, b’fhacthas dóibh go raibh an Danmhairg ag slogadh na mbilliún as an tír le láimh amháin agus leis an láimh eile ag cur frithghiniúint i bhfeidhm in aghaidh a dtola ar an bpobal dúchasach. Níorbh aon ionadh gur chuir na scéalta seo le báiní muintir na Graonlainne.
Deir an t-údar nár fáiltíodh roimh an gclár faisnéise faoin mhianach sa Danmhairg féin ar chor ar bith. Dúradh nach raibh na figiúirí i gceart ag lucht léirithe an chláir agus gur saothraíodh brabach i bhfad níos lú ná mar a luadh ón mianach sa Ghraonlainn. Baineadh an clár anuas de shuíomh gréasáin DR agus tugadh bata agus bóthar don eagarthóir, a dúradh.
Ach d’ardaigh na díospóireachtaí ar fad ceisteanna go leor faoi rialú na Danmhairge agus an tionchar, maith nó olc, a bhí aici ar an mbail a bhí ar na ndaoine.
I ndeireadh a chuairte ar an nGraonlainn, níor léir do Meek cén fáth a mbeadh daoine ag cur argóint chun cinn chun an tír a ghabháil. Cinnte, tá an tír gar do thíortha móra ar nós na Rúise. Tá cathracha móra tábhachtacha ar nós Murmansk trasna an aigéin Artaigh uaithi. Agus is aigéan é seo atá ag leá go tréan. Mar sin, d’fhéadfadh tábhacht straitéiseach a bheith leis an tír.
Ach deir sé go bhfuil bunáit mhíleata cheana féin ag Meiriceá sa Ghraonlainn agus deir sé go bhfuil conradh acu le fada leis an Danmhairg a thugann cead dóibh beagnach a rogha ruda a dhéanamh ansin. D’fhéadfaidís cur leis an líon longa patróil agus longa oighearbhriste atá acu, gan stró ar bith agus chuideodh sé sin le cosaint idirnáisiúnta agus mar sin de.
Ach ní cosúil gurb é sin atá uathu. Le lá nó dhó, d’fhógair an tUachtarán Trump nach bhféadfadh sé a rá nach n-ionsódh sé an Ghraonlainn. Ní léir cad a dhéanfadh na Stáit Aontaithe léi, fiú dá n-ionsóidís an tír. Tá an chrióilít féin go hiomlán ídithe faoin am seo. Agus ar aon nós, bheadh aon chineál mianadóireachta nó próiseála níb éasca sa mbaile ar thalamh tirim Mheiriceá.
San olltoghchán a reáchtáladh le gairid sa Ghraonlainn, bhuaigh na Daonlathaigh an líon ba mhó suíochán. Breathnaíodh ar an toradh sin mar fhreagra diúltach ar Mheiriceá – an rud céanna a tharla i gCeanada agus san Astráil. Toradh nach raibh súil leis, ach a bhí ag feidhmiú mar fhreagra ar fhógraí ón Teach Bán.
Fág freagra ar 'Níl aon rud dubh agus bán faoi scéal na Graonlainne'