Pléadh cúrsaí tithíochta sa Dáil arís i rith na seachtaine. Mar a phléitear ar dhóigh éigin gach seachtain.
Ní foláir léitheoirí an cholúin seo a chur ar a suaimhneas ag an bpointe seo. Ní chuirfear oiread agus focal eile faoi chaint na seachtaine seo ar thithíocht i gcló anseo.
Cíoradh an fáth go bhfuil moill ar chur chuige an rialtais maidir le tithíocht sa cholún seo seachtain ó shin. Ní bheidh an t-athrú atá beartaithe ná a éifeacht soiléir go mbeidh czar tithíochta nua aimsithe in ionad phríomhfheidhmeannach NAMA Brendan McDonagh a dúirt nár theastaigh an post uaidh.
Ní haon chabhair an scéal gan chríoch fós d’iarracht an Taoisigh cur i bhfeidhm pholasaithe an rialtais a bhrostú – maidir le tithíocht go háirithe. Is dlúthchuid den fheabhsú a theastaíonn, dar leis, soláthar uisce agus leictreachais a bheith ar fáil in am d’eastáit nua tithíochta.
Is léir an riachtanas ach ní hionann é a fhógairt agus an fhorbairt mhór fhadtéarmach a theastaíonn a chur i gcrích agus a mhaoiniú. Mar a léiríonn scéal an mhórphíobáin uisce atá molta a thógáil ó abhainn na Sionainne go Baile Átha Cliath.
Tógfaidh an píobán a dó faoin gcéad ar a mhéid d’uisce na Sionainne soir ó thuaidh chun freastal ar mhéadú 34 faoin gcéad ar éileamh atá á thuar sa phríomhchathair agus i mbailte móra san oirthear agus i lár tíre – ina measc Droichead Átha, An Muileann gCearr, an Tulach Mhór, an Uaimh agus Port Laoise.
Scéal an Phíobáin go dtí seo
Is in 2011 a mhol comhairle na cathrach (a bhí freagrach as an soláthar uisce i mBaile Átha Cliath go dtí gur bunaíodh Uisce Éireann) go dtógfaí é.
Is in 2014 a chuaigh Uisce Éireann i mbun pleanáil an togra.
Is i mbliana a reáchtáladh cruinnithe poiblí agus seisiúin d’eagrais éagsúla eile chun eolas ina thaobh a chur ar fáil.
Níl an dáta a gcuirfear an togra faoi bhráid an Bhoird Pleanála socraithe fós.
Measann Uisce Éireann go dtógfaidh sé 4-5 bliain orthu an obair a dhéanamh.
Ní bheidh an píobán á úsáid ar a luaithe mar sin go dtí 2030 – 19 bliain tar éis d’innealtóirí uisce a rá nach bhféadfaí soláthar uisce don daonra méadaithe sa phríomhchathair agus sa cheantar máguaird a dheimhniú d’uireasa an phíobáin.
Ní tearc samplaí den mhoill as cuimse a chuirtear ar scéimeanna infreastruchtúir – tograí móra go háirithe – a lagaíonn cumas an stáit freastal ar mhéadú an daonra.
Is follasaí an mhoill a chuirtear ar sholáthar tithíochta ach is eol d’ár bhformhór tograí atá molta, beartaithe, fógartha, ceadaithe agus fiú amháin tosaithe nach gcuirtear i gcrích go ceann i bhfad. Nó nach gcuirtear i gcrích go deo.
Tarraingíonn scéal scéal eile go minic agus b’amhlaidh a tharla ar léamh an fhógra a d’eisigh Bord Soláthair an Leictreachais faoi chuairteanna ar stáisiún cumhachta Ard na Croise. (Beidh cead isteach ag grúpaí scoile ó 22 Bealtaine agus daoine eile ón gcéad lá de mhí Iúil.)
Scéal Ard na Croise
Is i 1924 a cuireadh moladh faoi bhráid an rialtais go dtógfaí an chéad stáisiún cumhachta poiblí in Ard na Croise ar an taobh thiar den tSionainn i gcontae an Chláir.
Is i 1925 a thosaigh an obair agus 5,000 oibrí fostaithe ar an togra is mó dár tógadh riamh go dtí sin sa tír.
Is i 1929 a d’oscail ceannaire an rialtais W.T. Cosgrave an stáisiún a ghin dóthain leictreachais chun freastal ar an éileamh iomlán (agus a dó faoin gcéad den éileamh reatha).
Tá difríocht mhór idir saol polaitiúil na tíre sna 1920idí agus polaitíocht na linne seo. Is fiú cuimhneamh mar sin féin ar fhadbhreathnaitheacht agus go háirithe ar chrógacht rialtas na linne sin.
Chuir rialtas W.T. Cosgrave £5.2m ar fáil chun stáisiún Ard na Croise a thógáil – caiteachas arbh ionann é agus fiche faoin gcéad dá mbuiséad bliantúil.
Chríochnaigh Siemens-Schucktert agus Bord Soláthair an Leictreachais (a bunaíodh i 1927) an obair go léir ar an togra in imeacht cheithre bliana.
Ainneoin gach athrú ar shaol na tíre ó shin i leith, is eiseamláir agus ábhar misnigh do pholaiteoirí na linne seo é an t-éacht a rinneadh (le neamhthoil na roinne airgeadais) céad bliain ó shin.
Is léir do Mhicheál Martin gur fadhb mhór í an mhoill a chuirtear ar thograí den uile chineál faoi láthair – tograí tithíochta go háirithe.
Ní léir fós faraor go bhfuil cur chuige níos fearr ar a chumas. Is léir faraor an lagmhisneach agus an t-éadóchas atá forleathan maidir le gach gné den ghéarchéim tithíochta.
Ní theastaíonn crógacht rialtais mar a bhí de dhíth i 1925 chun tograí riachtanacha a mhaoiniú in 2035.
Theastódh crógacht áfach chun éigeandáil tithíochta a fhógairt agus beartais éigeandála dá réir a chur i bhfeidhm. Gan mhoill.
Steve
Ní thagann na focail ‘fadtéarmach, ‘fadbhreathnaitheach’, ‘fadradharcach’ etc le ceannasaíocht ghearrthéarmach na tíre seo.