Ceann de na tuairimí is mó a chuireann mearbhall orm, ach is minice atá cloiste agam, maidir leis an gcúis nár éirigh liom foilsitheoir a aimsiú go dtí seo don úrscéal úd a mbím ag trácht air ó am go chéile sa cholún seo ná go bhfuil an saothar scríofa cheana féin.
Shílfeá go bhfuil lúb éigin ar lár sa lár sa mhéid sin, nach gceapfá?
Ba dhóigh leat go mbeadh lúcháir ar fhoilsitheoir dá gcuirfí úrscéal faoina bhráid ar chaith scríbhneoir proifisiúnta dua leis ar feadh breis agus ocht mbliana, a bhfuil bailchríoch agus snas air, agus a thaitin le daoine a oibríonn i dtionscal na leabhar agus a léigh é.
Ach nuair a deirim sin, breathnaíonn na léitheoirí cabhracha céanna sin orm agus meascán den trua agus den tsaoithíneacht ina gcuid súl. Ba chóir go mbeadh a fhios agam, shílfeá, go raibh ceann de rialacha neamhscríofa na hearnála briste agam.
‘Is iondúil,’ a deir siad, ‘go gcuireann scríbhneoir an chéad chaibidil nó dhó de shaothar nua chuig foilsitheoir sula leanfaidh siad ar aghaidh leis. Má thaitníonn an tús leis an bhfoilsitheoir, bíonn an scríbhneoir agus eagarthóir ag obair as lámha a chéile ar an gcuid eile as sin amach.’
‘Bíonn siar is aniar ann.’
‘Ní féidir saothar atá scríofa cheana féin a mhúnlú, a stiúradh sa treo ceart.’
An treo ceart, sin é treo an mhargaidh, ná bíodh dul amú orainn.
Dá theoranta é an t-airgeadú a dhéanann an stát ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge, tugann an phátrúnacht sin saoirse d’fhoilsitheoirí na Gaeilge nach mbíonn ag foilsitheoirí an Bhéarla agus mhórtheangacha eile, gan trácht ar fhoilsitheoirí na teanga inar scríobh mé m’úrscéal, an Ísiltíris, nach mionteanga í ach nach bhfuil margadh litríochta ollmhór ag baint léi ach oiread. Má bhíonn tú ag brath go hiomlán ar dhíolacháin, ní féidir dul sa tseans.
Tuigim sin. Agus fiú amháin nuair a bhí mo chuid leabhar i nGaeilge á scríobh agam, bhí siar is aniar idir mé féin agus na foilsitheoirí. Ach sna cásanna sin, dréachtaí críochnaithe a chuirinn ar fáil; ní raibh aon chaint ar ‘mhúnlú’ nó ‘treo ceart’; ní raibh greim láimhe ag an bhfoilsitheoir orm ó thús deireadh an phróisis.
Sin é a chuireann isteach orm faoin dearcadh atá coitianta i bhfoilsitheoireacht na hÍsiltírise, de réir cosúlachta: nach bhfuil scríbhneoir le trust lena shaothar féin.
Azcvb
Réiteach amháin:
Foilsigh an leabhar tú féin agus déan do chuid margaíochta féin ar na meáin shóisialta?
alan titley
An galar céanna a leanann drámaíocht go minic, go háirithe sna tíortha móra. Scríobhtar dráma agus tagann scaoth d’eagarthóirí is de lucht eolais is de lucht tuisceana is de dhrámaturgairí id threo ag tabhairt gach comhairle duit conas a fheabhsú. Cailltear buntiobraid an scríbhneora sa chabaireacht. Is ionadh liom go bhfuil seo ar siúl maidir le húrscéalta de. Cheapas go rabhamar saor go maith!