Níl aon phlean ag Ross ainm Gaeilge a thabhairt ar an ‘Metro North’

Fiafraíodh den Aire Iompair an tseachtain seo an aontaíonn sé gur chóir ainm Gaeilge a thabhairt ar an tseirbhís iarnróid atá beartaithe d’Aerfort Átha Cliath, mar a tugadh ar an tseirbhís tram ‘Luas’

Níl aon phlean ag Ross ainm Gaeilge a thabhairt ar an ‘Metro North’

Pictiúr: Sam Boal /RollingNews.ie

Níl “aon phlean” ag an Aire Iompair Shane Ross faoi láthair ainm Gaeilge a bhaisteadh ar an tseirbhís nua iompair atá beartaithe idir  Baile Átha Cliath agus Aerfort Átha Cliath.

‘New Metro North’ an t-ainm reatha atá ar an tionscnamh le nasc iarnróid éadroim ó Bhaile Átha Cliath go Sord a thógáil i dtuaisceart an chontae, agus an líne ag dul tríd an aerfort.

D’fhiafraigh an Teachta Dála Catherine Murphy, ceannaire na nDaonlathach Sóisialach, den Aire Iompair sa Dáil an tseachtain seo an aontaíonn sé gur chóir ainm Gaeilge a thabhairt ar an tseirbhís nua “mar a rinneadh leis an tseirbhís tram ‘Luas’ os cionn deich mbliana ó shin”.

Dúirt an tAire Ross gur “teideal oibre” atá i ‘New Metro North’, a tugadh ar an tionscnamh nua agus an ‘Metro North’, an “moladh bunaidh” a cuireadh chun cinn roinnt blianta ó shin.

Thug Ross le fios nach bhfuil “bac” ar ainm eile a roghnú amach anseo don tseirbhís nua iarnróid, ach dúirt sé nach bhfuil aon phlean aige faoi láthair é sin a dhéanamh.

Moladh an ‘Metro North’ den chéad uair ag casadh na mílaoise, nuair a bhí airgead go leor ag an Stát. Níl nasc díreach traenach ag Aerfort Átha Cliath leis an bpríomhchathair — rud atá neamhchoitianta go maith ar fud na hEorpa. Breathnaíodh ar dtús ar shíneadh a chur leis an tseirbhís DART, a théann timpeall Chuan Bhaile Átha Cliath ó Mhullach Íde i dtuaisceart Átha Cliath go dtí na Clocha Liatha i gCill Mhantáin, ach diúltaíodh don mholadh sin.

Tosaíodh ar an obair phleanála in 2005 ach faoin mbliain 2010 bhí an tóin tite as an tionscnamh agus €200 milliún caite air cheana féin. Tháinig an plean chun cinn arís in 2016 agus moladh an uair seo go gcuirfí cuid den line traenach faoi thalamh.

De réir an phlean nua seo, beidh 14 stop ar an mbealach ó lár Bhaile Átha Cliath go dtí An tInbhear ar an taobh ó thuaidh de Shord. Tosófar ar an obair thógála in 2021, an bhliain a raibh an plean nua iompair a leag Fianna Fáil amach in 2005 ceaptha a bheith críochnaithe, agus cosnóidh an togra €2.4 billiún. Táthar ag súil go mbeidh an tseirbhís nua faoi lánseol faoin mbliain 2026.

Idir an dá linn, is ainm ‘leath-Ghaeilge’ atá luaite faoi láthair do sheirbhís nua iarnróid éadroim do Ghaillimh. An ‘Gluas’, comhfhocal as ‘Gaillimh’ agus ‘Luas’, atá á thabhairt ar an togra atá á mholadh ag roinnt comhairleoirí cathrach agus contae i nGaillimh.

Níl aon phlean ann faoi láthair seirbhís ‘Gluas’ a thabhairt isteach ach tá tacaíocht tugtha ag an AA, An Taisce i nGaillimh, agus an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Catherine Connolly don togra.

Fág freagra ar 'Níl aon phlean ag Ross ainm Gaeilge a thabhairt ar an ‘Metro North’'

  • Em

    An dtabharfar ‘cluas’ d’ainm gaelach a bhaisitiú ar sheirbhís iarnróid i gCorcaigh amach anseo, meas tú?

  • Josie

    Ross sásta le ‘Metro Huaie ? Gheobhaidh muid an Huaie! I’m on the Huaie! Waitin for the Huaie!
    Ag fanacht don Huaie