‘Níl aon loighic leis’ – imní faoi chaint go mbogfaí aiste Ghaeilge na hArdteiste go dtí Páipéar a Dó

Deir Conradh na Gaeilge gurb amhlaidh go ndéanfadh sé rudaí níos measa dá mbogfaí isteach i bPáipéar a Dó an píosa ceapadóireachta

‘Níl aon loighic leis’ – imní faoi chaint go mbogfaí aiste Ghaeilge na hArdteiste go dtí Páipéar a Dó

Ní dhéanfadh sé “aon chiall” aiste Ghaeilge na hArdteiste a bhogadh ó Pháipéar a hAon go dtí Páipéar a Dó agus is amhlaidh go gcuirfeadh sé leis an strus a bhíonn ar dhaltaí.

Sin a bhí le rá ag Conradh na Gaeilge an tseachtain seo faoi thuairisc go bhfuiltear ag smaoineamh an ‘aiste’ a bhogadh mar chuid den phlean go ndéanfaí an chéad chuid de scrúdú Gaeilge na hArdteiste sa chúigiú bliain.

Is cosúil go bhfuil an tAire Oideachais Norma Foley meáite ar dhul ar aghaidh lena cinneadh Páipéir a hAon na Gaeilge agus an Bhéarla a bhogadh go dtí an cúigiú bliain, in ainneoin go bhfuil cáineadh láidir déanta ag múinteoirí agus grúpaí oideachais agus teanga ar an bplean.

Deir an tAire Oideachais Norma Foley go laghdóidh bogadh chun cinn na bpáipéar an strus a bhíonn ar dhaltaí sa séú bliain, ach deir saineolaithe áirithe go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha ann d’oideachas na ndaltaí.

Sa chor is déanaí sa scéal, tuairiscíodh ar an Irish Times inné go raibh faoin Roinn Oideachais an aiste a bhogadh go dtí Páipéar a Dó, a dhéanfaí sa séú bliain, mar iarracht an imní atá ar dhaoine faoi bhogadh chun cinn Páipéar a hAon a mhaolú.

Ach deir Conradh na Gaeilge gurb amhlaidh go ndéanfadh sé rudaí níos measa dá mbogfaí isteach i bPáipéar a Dó an píosa ceapadóireachta – an aiste, scéal nó óráid a bhíonn le scríobh mar chuid de Pháipéar a hAon.

Deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur chóir don Aire dul siar ar fad ar an gcinneadh agus athbhreithniú a dhéanamh ar mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais trí chéile.

“An tuairim a bheadh againn ná nár chóir dul ar aghaidh le Páipéar 1 de chineál ar bith ag deireadh bhliain a cúig,” arsa de Spáinn le Tuairisc. “Tá an oiread fadhbanna a bhainfeadh leis [an plean] soiléirithe ag daltaí agus ag múinteoirí le cúpla mí anuas gur fearr céim siar a ghlacadh agus breathnú air seo i gcomhthéacs na sonraíochtaí Ardteiste agus na hathbhreithnithe ar shonraíochtaí na Sraithe Sóisearaí.

“Ba chóir athmhachnamh a dhéanamh ar an gcóras iomlán ó thaobh na Gaeilge sa chóras oideachais, sin atá i gceist lenár bpolasaí Gaeilge4All.”

Deir de Spáinn go mbeadh na fadhbanna céanna a bhain le Páipéar a hAon a bhogadh go dtí an cúigiú bliain fós i gceist fiú dá gcuirfí an cheapadóireacht siar. Tá an baol ann gur “níos mó struis” a bheadh i gceist do dhaltaí, a deir sé.

Faoi láthair, ní bhíonn ach an chluastuiscint agus an cheapadóireacht ar Pháipéar a hAon agus bheadh níos mó scríobh le déanamh ag daltaí do Pháipéar a Dó dá gcuirfí an cheapadóireacht isteach ann.

“Tá siad ag lorg breis ama don scrúdú [do Pháipéar a Dó] mar atá. Tá sé trí uair an chloig ar fhad cheana féin. Ní fhéadfaí am breise a chur leis,” arsa de Spáinn. “Céard atá le cailliúint má chuirtear an aiste siar?”

“Tá an tAire ag rá go laghdódh sé an strus atá ar na daltaí ach, inár dtuairim, chuirfeadh sé leis an strus sin. Sin atá na daltaí a rá linn, ISSU mar shampla, go mbeidh daltaí anois ag déanamh scrúdaithe, ní hamháin i mbliain a sé ach i mbliain a cúig chomh maith.

“Ní fheiceann muid aon loighic oideachasúil anseo. Tá na saineolaithe ag rá gan dul ar aghaidh leis, tá na múinteoirí ag rá gan dul ar aghaidh leis, tá na daltaí ag rá gan dul ar aghaidh leis. Nach fearr seasamh siar agus éisteacht leo agus dul le córas nua? Ní dhéanann sé aon chiall dul síos an bóthar seo.”

Tháinig sé chun solais anuraidh gur chuir Príomh-Chigire na Roinne an moladh go ndéanfaí cuid den Ardteist ag deireadh an chúigiú bliain i láthair mar ‘easy win’ a d’fhéadfadh an tAire Foley a fhógairt mar chuid d’athbhreithniú ar an tsraith shinsearach.

I gcáipéisí a fuair Conradh na Gaeilge faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, léiríodh go raibh imní mhór ar oifigigh shinsearacha sa Roinn Oideachais, i gCoimisiún Scrúduithe an Stáit agus sa Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoin moladh na scrúduithe a athrú.

Tá Sinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre i measc na ndreamanna eile a deir gur chóir don Aire Foley athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh.

Tá Gaeloideachas, Gael Linn, An Gréasán agus Aontas Múinteoirí Éireann i measc na n-eagraíochtaí a léirigh imní faoin bplean go mbogfaí chun cinn páipéar a haon na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Níl aon loighic leis’ – imní faoi chaint go mbogfaí aiste Ghaeilge na hArdteiste go dtí Páipéar a Dó'

  • Seán

    Gaeilge4All…go bhFóire Dia ar an nGaeilge más sin an fealsúnacht atá ag dreamanna áirithe…Gaeilge do chách!

  • Siobhán

    Alt eile ag Tuairisc ar bheagán taighde. Sin na heagrais is cúis leis an bpraiseach ar fad.
    An bhfuil cinsireacht ar siúl ag Tuairisc i bhfoilsiú tuairimíocht gach aon dhuine? Fundúireacht stáit á fháil agaibh agus cúram orthu guth an phobail a roinnt. Féachfar….