Níl aon bhealach chun stop a chur leis an gcogadh ach le cainteanna agus comhghéilleadh

Céard tá le déanamh? Leanúint leis an gcogadh, leis an mbás agus leis an scrios, nó suí síos agus a bhfuil le sábháil a shábháil?

Níl aon bhealach chun stop a chur leis an gcogadh ach le cainteanna agus comhghéilleadh

Tá dúmhál agus dúmhál ann, is cosúil. Ceann amháin ceart, cóir is morálta agus an ceann eile mícheart, mímhorálta agus gan údar inchosanta.

Le roinnt seachtainí, tá tráchtairí is polaiteoirí áirithe san iarthar ag éileamh go fórsúil go gcuirfí cosc i bhfeidhm ar ghás nó ola a thabhairt isteach san Aontas Eorpach ón Rúis. Morálta gan dabht.

Ach anois tá cinneadh déanta ag na Rúisigh gan ola nó gás a dhíol leis an bPolainn nó leis an mBulgáir (toisc nach bhfuil siad sásta na billí a íoc le rúbail, an t-aon airgeadra gur féidir leis na Rúisigh a chaitheamh).  Mímhorálta is cosúil, más fíor do Ursula von der Leyen, uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

Tá na Rúisigh dhiabhalta ag iarraidh aontacht an Aontais i dtaobh an chogaidh a bhriseadh, a deir sí.

Mar a tharlaíonn, tá comhlachtaí as ceithre bhallstát den Aontas i mbun ullmhúcháin le cuntas bainc i rúbail a oscailt san Eilvéis lena gcuid billí a íoc i rúbail.

Tuairiscíonn an Financial Times go bhfuil comhlachtaí as an nGearmáin, an Ostair, an Ungáir agus an tSlóvaic i mbun cainteanna cheana, ina measc Uniper sa nGearmáin agus OMV san Ostair, dhá cheann de na comhlachtaí fuinnimh is mó san Eoraip.

Agus tuairiscítear freisin go bhfuil Eni san Iodáil ag smaoineamh faoina leithéid  a dhéanamh nuair a bheidh bille s’acusan le híoc ag deireadh mhí na Bealtaine.

Ba é an teoiric taobh thiar den éileamh go gcuirfí stop ar fad le gás nó ola na Rúise a ligean isteach san Aontas ná go mbeadh cailliúint mhór airgid i gceist don Rúis, is go gcuirfeadh sé sin brú orthu éirí as an gcogadh.

Is léir anois nach raibh bunús leis an teoiric sin. Tá na Rúisigh sásta leas a bhaint as an mbagairt le brú a chur ar na ballstáit a gcuid smachtbhannaí féin a shárú.

Ag deireadh thiar, ní chuireann na smachtbhannaí isteach an oiread sin ar an Rúis, toisc go bhfuil siad ag díriú a n-aird ó thaobh na trádála de soir go dtí an Áise is an Afraic.  Tá sé seo ar siúl le roinnt blianta, agus, cé nach bhfuil an próiseas curtha i gcrích ar fad go fóill, tá an chuid is mó den athstruchtúrú déanta agus stáit eile ar bís le fuinneamh is cruithneacht a fháil ón Rúis.

Tuigeann an Ghearmáin, thar aon tír eile, go ndéanfaí dochar mór dá ngeilleagar mura mbeadh siad in ann gás a fháil ón Rúis.  Cibé rud is féidir a dhéanamh sa todhchaí, bheadh cúlú mór eacnamaíochta dosheachanta faoi láthair sa chás nach mbeadh teacht ar an ngás sin. Agus bheadh tionchar as cuimse ag a leithéid ar an Eoraip ar fad.

Deir von der Leyen gur sárú ar rialacha an Aontais a bheadh ann dá n-íocfaí an Rúis i rúbail, ach is cosúil nach bhfuil aon fhadhb le cuntas a bhunú san Eilvéis a ghlacfadh le híocaíochtaí euro is a aistreoidh go rúbail iad.

Cur i gcéill agus cluiche focal, nach hea?

Cuireann na fíricí seo leis an argóint nach bhfuil sna smachtbhannaí ach cur i gcéill, cé go mbeidh an-drochthionchar acu ar chaighdeán maireachtála ar fud na hEorpa.  Is cinnte nach bhfuil siad ag cabhrú beag ná mór leis an Úcráin sa gcogadh.

Tuigeann gach éinne a bhfuil ciall ar bith aige nach féidir le NATO dul i gcogadh go díreach leis an Rúis.  Ní bheadh domhan ar bith fágtha againn dá mbrúfaí isteach i gcogadh núicléach muid.

Mar sin tá sé práinneach go gcuirfí stop leis an gcogadh, agus níl aon bhealach eile chun sin a dhéanamh ach le cainteanna agus comhghéilleadh. Ba chóir go háirithe plé a dhéanamh faoi gan aon ionaid mhíleata a bheith ag NATO san Úcráin agus éirí as na hionsaithe ar na réigiúin scarúnaíocha, ionsaithe a bhfuil méadú mór tagtha orthu mar thoradh ar an gcogadh.

Ní thaitneoidh sé sin leo siúd ar mhaith leo go dteipfeadh ar an Rúis. Ach is í fírinne an scéal ná go bhfuil dul chun cinn mall ach cinnte á dhéanamh ag an Rúis sa chogadh.

Céard atá le déanamh mar sin? Leanúint leis an gcogadh, leis an mbás agus leis an scrios, nó suí síos agus a bhfuil le sábháil a shábháil?

Tá sé éasca labhairt go trodach faoin scéal, ach ní hiad NATO ná Stáit Aontaithe Mheiriceá atá ag íoc as an gcogadh ach muintir na hÚcráine agus, go deimhin ár muintir féin a bhfuil €3 billiún le caitheamh acu ar ghéarchéim na dteifeach.

Is cinnte go bhfuil bá againn leis na teifigh, ach tá srian leis an méid gur féidir linn a dhéanamh.  Agus bheadh baol mór ciníochais ann dá ndéanfadh muid dearmad ar ár muintir féin atá gan dídean.

Fág freagra ar 'Níl aon bhealach chun stop a chur leis an gcogadh ach le cainteanna agus comhghéilleadh'

  • Concubhar

    Níl aon údar fén spéir ag An Rúis ionradh a dhéanamh ar an Úcráin. Mar sin is ar éigean gur fiú éisteacht lena gcuid cainte. Mháigh siad go raibh siad ag iarraidh teacht I gcabhair ar chainteoirí Rúiseacha in oirthear na hÚcráine. Scrios siad an chuid sin den tír agus mharaigh siad na daoine a raibh siad le ‘sábháil’.
    Táim bréan de bheith ag léamh bolscaireacht stát urraithe ar son ‘Náitsithe’ ár linne i Tuairisc ón scríbhneoir seo atá fós, dealraíonn sé, ag troid sean chath idéolaíochta an Chogaidh Fhuair ar son an Aontais Shoivéidigh.
    Chaill siad an chogadh sin agus caillfidh Vlaidín an chogadh seo. Níl tìnte ifrinn te a dhothain dó ná dá leithscéalaithe.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Comhghéilleadh? Cad atá le géilleadh ag na Rúisigh ach deireadh leis an ár? Agus maidir le cainteanna – cé chreideann aon ní a deireann siad, fiú a lucht leanúna féin … nó a ndíonchruthúnaithe?

  • Cormac Ó Dúlacháin

    Eoin, cén cosc ar Putin eirí as an gCogadh? Cén “comh” a mholann tú don Rúis sa chomhghéilleadh? Cé leag na bailte, cé cas cré na cille? An é cúlbhrat do alt go gcreideann tú féin go oibiachtúil nach bhfuil eachtraí na Rúise mícheart, mímhorálta ná inchosanta? An é ó céad lá an cogadh go raibh sé inmholta don Úcráin cead a bhóthair a thabhairt do Putin?

  • Críostóir Ó Faoláin

    Dá raibh Putin sásta forsaí na Rúise a tharraingt siar ón Úcráin agus deireadh a chur leis an ionradh barbartha atá déanta aige, bheadh síocháin ann. Ar an drochuair, níl suim dá laghad aige a leithéid a dhéanamh.

  • Art

    Ba chóir nasc do exposé Nadia Dobrianska faoi mhífháisnéis Uí Mhurchu a chur faoi bhun gach alt leis mar chineal rabhadh sláinte poiblí: https://tuairisc.ie/ar-cheart-do-na-meain-ghaeilge-ardan-a-thabhairt-do-dhuine-ata-go-neamhleithscealach-ar-thaobh-na-ruise/

  • Pádraig O'hEipicín

    Go bhfóire Dia orainn uilig.

  • MacAnRí

    Nil ionadh ar bith é (ach giota beag aisteach) go bhfuil Eoin ag lorg comhghéillte ionas gur féidir le Putin a ghnóthachain a chomhdhlúthú, rud a d’fhágfadh an Úcráin deighilte agus gan dabht le tuilleadh beart foréigneach sna blianta amach romhainn. Ar an drochuair, tá cogadh fada os ár gcomhair.