Ar cheart do na meáin Ghaeilge ardán a thabhairt do dhuine atá go neamhleithscéalach ar thaobh na Rúise?

Tá sé éasca mífhaisnéis a chur amach ar na meáin shóisialta ach faoin am go mbíonn a leithéid ceartaithe bíonn sí scaipthe go forleathan agus a thuilleadh di curtha amach idir an dá linn

Ar cheart do na meáin Ghaeilge ardán a thabhairt do dhuine atá go neamhleithscéalach ar thaobh na Rúise?

Tá ceisteanna le freagairt ag Tuairisc.ie agus ag na meáin Ghaeilge faoi ardán a bheith a thabhairt acu d’Eoin Ó Murchú atá go neamhleithscéalach ar thaobh na Rúise sa chogadh san Úcráin agus atá sásta nimh fhrithÚcránach na Creimile a scaipeadh ar na meáin shóisialta. 

Féach ar Twitter Uí Mhurchú agus é faoi lán seoil ag cosaint na Rúise agus ag déanamh leithscéal do bharbarthacht na Rúise. Féach ar an “cad faoi seo, siúd is eile?” a bhaineann aird ón uafás laethúil agus atá beag beann ar bhréaga na Creimile agus fhíor-eite dheis Mheiriceá. De réir mar a thuigim is uaibhse sna meáin Ghaeilge is mó a fhaigheann Eoin Ó Murchú ardán mar thráchtaire agus anailísí polaitiúil agus iriseoir gairmiúil, (an cur síos atá aige air féin ina phróifíl Twitter.) 

Is léir go gcreideann Ó Murchú go leor den mhífhaisnéis faoin Úcráin. 

De réir na mífhaisnéise seo, ‘coup’ Meiriceánach a bhí in imeachtaí 2014, tá an Rúisis agus cainteoirí Rúisise á gcur faoi chois san Úcráin, tá ‘Naitsithe’ i gceannas i gCív nó ar a laghad tá tionchar agus cumhacht as cuimse ag na Naitsithe ar an tír, nach raibh rún ar bith ag an Rúis ionradh a dhéanamh ar an Úcráin, gur ghabh na Rúisigh cathair Mariupol ar an 26 Feabhra, gur Naitsithe iad fórsaí frithbheartaíochta na hÚcráine, go raibh Meiriceá ag forbairt arm bitheolaíochta i saotharlanna san Úcráin, gurbh iad na hÚcránaigh a rinne ‘stáitsiú’ ar an ionsaí ar an ospidéal máithreachais in Mariupol agus gur aisteoir a bhí sa ghrianghraf den mháthair ghortaithe agus í ag iompar clainne. Ach pé ní a chreideann Ó Murchú faoina bhfuil á scaipeadh aige, is mífhaisnéis agus bolscaireacht cuid mhaith de. 

Mar a phléigh mé san alt deireanach a bhí agam ar Tuairisc.ie, sular ionsaigh na Rúisigh mo thír shlog Eoin Ó Murchú scéal na Rúise nach raibh rún ar bith acu ionradh a dhéanamh ar an Úcráin. Maith go leor, a deir tú, ach bhí a lán daoine ann nár chreid go raibh an Rúis chun ionradh a dhéanamh agus bhí Eoin Ó Murchú ar dhuine acu. Ach is bréag cuibheasach mór é a rá nach bhfuil tú chun ionradh a dhéanamh ar thír agus ansin a mhalairt a dhéanamh. Shamhlófá gur leid a bheadh ansin d’aon duine, bíodh sé ina iriseoir nó ná bíodh, nach féidir muinín a chur i bhfoinsí oifigiúla na Rúise. Ach ar fhoghlaim Eoin Ó Murchú ceacht uaidh sin? Níor fhoghlaim. Leoga, a mhalairt glan a tharla, is cosúil – lean sé air ag scaipeadh mífhaisnéis agus bolscaireacht chogaidh na Rúise.

Lean sé air ag tagairt do líomhaintí Putin go bhfuil tionchar mór ag Naitsithe ar rialtas agus ar fhórsaí frithbheartaíochta na hÚcráine, fórsaí a bhfuil mo dheartháir féin agus mo ghaolta agus mo chomharsa agus daoine de gach cúlra teanga, aicme agus creideamh san Úcráin ar fiannas leo. 

Chomh maith le m’alt fhéin faoi seo ar Tuairisc.ie tá léargas ar fáil in ailt nuachtáin ar fud an domhain a thugann léargas tomhaiste ar stádas agus ról dreamanna atá i bhfad amach ar an eite dheis san Úcráin. Ailt ar nós an ailt seo ón bhFrainc, an ceann seo ón nGearmáin, agus ar eagla go gcuirfí i leith na nuachtán sin go bhfuil siad bog ar an Naitsíochas, an ceann seo ón Iosrael. 

Ar an 14 Márta scríobh Ó Murchú ar Twitter: ‘Despite Ukrainian Govt claims that thousands of civilians have been killed, the UN says 636. That’s 636 too many, but still a far cry from the disinformation put out by Kiev and the media ratpack here.’ 

Níl sé fíor go ndúirt na Náisiúin Aontaithe ar an 14 Márta nár maraíodh ach 636 sibhialtach sa chogadh. Is é a dúirt na Náisiúin Aontaithe ina ráiteas an lá sin go raibh 636 bás dearbhaithe acu ach gur chreid OHCHR “that the actual figures are considerably higher, especially in Government-controlled territory and especially in recent days, as the receipt of information from some locations where intense hostilities have been going on has been delayed and many reports are still pending corroboration”. 

Seo cuid eile den méid a deir na Náisiúin Aontaithe, nár luaigh Eoin Ó Murchú. 

‘‘The agencies’ leaders said that to attack the most vulnerable – babies, children, pregnant women, and those suffering from illness and disease, as well as health workers risking their safety to save lives – is ‘an act of unconscionable cruelty’.”

Ar an 14 Márta scríobh Eoin Ó Murchú: 

“I might have missed it, but while the rest of the world has been told about the US funded biological warfare labs found in Ukraine, RTÉ regards this fact as unnewsworthy, even though it was admitted in the US Congress itself.” 

(Ar mhaithe le soiléireacht, tá mioncheartú déanta agam ar bhotún beag sa tvúit seo, botún a d’admhaigh Eoin Ó Murchú fhéin). 

Níl sé fíor go bhfuiltear tar éis ‘insint don chuid eile den domhan’ go bhfuil ‘US funded biological warfare labs’ san Úcráin. A mhalairt glan atá fíor. Tá eagraíochtaí nuachta ar fud an domhain shaoir tar éis an scéal sin a bhréagnú dá gcuid léitheoirí agus lucht féachana. Gan ach cúpla sampla a lua – seo scéalta ag an BBC sa Bhreatain, ag an Associated Press agus ag an Berliner Zeitung sa Ghearmáin. 

Níl fíric é ach oiread gur ‘admhaíodh’ i dTithe na Comhdhála gurbh ann san Úcráin do shaotharlanna rúnda atá maoinithe ag Meiriceá ag táirgeadh airm bitheolaíochta. 

Ar an 11 Márta dúirt an Fo-Rúnaí Stáit, Victoria Nuland ag Coiste de chuid Sheanad Mheiriceá: 

‘Ukraine has biological research facilities which we are now concerned Russian forces may be seeking to get control of so we are working with the Ukrainians to prevent any of those research facilities from falling into the hands of Russian forces should they approach.’ 

Níor rith sé le haon bhall den choiste, Poblachtánach nó Daonlathach, gur ‘admháil’ a bhí anseo gurbh ann do shaotharlanna rúnda a bhí maoinithe ag Meiriceá agus ag táirgeadh arm bitheolaíochta. 

Is é Tucker Carlson, craoltóir aitheanta ar an eite dheis, a dúirt gurb é sin an bhrí a bhí leis na focail sin, dhá lá níos déanaí ar a chlár ar Fox News. 

Ach dúirt Nuland an lá sin freisin go raibh sí 100% cinnte dá dtarlódh aon ionsaí le hairm bhitheolaíocha gurbh iad na Rúisigh a bheadh taobh thiar de agus gur ‘classic Russian technique’ a bheadh ann ‘to blame on the other side what they intend to do themselves’. Agus cad a deir na Náisiúin Aontaithe (sea na Náisiúin Aontaithe!) faoi na hairm bhitheolaíochta seo? Deir siad nach bhfuil eolas ar bith acu faoina leithéid. 

Ar an 11 Márta scaip Eoin Ó Murchú mífhaisnéis ó Roinn Cosanta na Rúise ag iarraidh a thabhairt le fios gur cur i gcéill ó rialtas na hÚcráine a bhí san ionsaí ar an ospidéal máithreachais in Mariupol. Beirt iriseoirí de chuid an Associated Press, Mstyslav Chernov agus Evgeniy Maloletka, a ghlac na grianghrafanna agus a dhearbhaigh na fíricí maidir le hionsaí na Rúise ar an ospidéal. Tá tuairisciú déanta ag Mstyslav Chernov ó chogaí san Iaráic, san Afganastáin agus i Nagorno Karabakh. Tá cur síos déanta aige ar an obair iriseoireachta a rinne siad in Mariupol chun scéal an tsléachta a bhí ag tarlú ann a insint agus a thaispeáint don domhan. Tá an cur síos ar fáil anseo faoin teideal ’20 Days in Mariupol: The team that documented a city’s agony’. 

Chuir Chernov agus Maloletka a mbeatha i mbaol chun an fhírinne a léiriú don domhan faoi choireanna cogaidh na Rúise in Mariupol. Tá ár mbuíochas agus ár meas tuillte acu as a bhfíor-iriseoireacht. 

Gan amhras ní bhíonn leisce ar bith ar leithéidí Eoin Uí Mhurchú ‘cinsireacht’ a chur i leith daoine eile agus é fhéin ag seasamh le réimeas ina bhfuil sé in aghaidh an dlí, do na meáin fiú, a rá go bhfuil cogadh agus ionradh ar siúl san Úcráin, nó agóidíocht a dhéanamh sna sráideanna i gcoinne an chogaidh. 

Beidh Eoin Ó Murchú saor i gcónaí chun a chuid postálacha ar son na Rúise a scaipeadh ar Twitter agus Facebook, murab ionann agus muintir na Rúise nach n-aontaíonn lena n-uachtarán agus a rialtas.

Tá saoirse chainte tábhachtach, ach cuid den tsaoirse chainte is ea an tsaoirse gan a bheith luaite sinn féin le rudaí áirithe, bíodh muid ag caint faoi chiníochas, fuathchaint nó sa chás seo bolscaireacht agus mífhaisnéis.

Tá sé éasca mífhaisnéis a chur amach ar na meáin shóisialta. Ach, mar is léir thuas, is gá go leor taighde a dhéanamh chun an mhífhaisnéis sin a cheartú. Faoin am go mbíonn a leithéid déanta agat bíonn an mhífhaisnéis scaipthe go forleathan agus a thuilleadh di curtha amach idir an dá linn. Ní fheicfidh formhór na ndaoine a léigh an mhífhaisnéis an bréagnú a rinneadh uirthi agus ní féidir coimeád suas le sruth na bréagnuachta. 

Mar sin níl sé réadúil ná éifeachtach gach píosa mí-eolais a chuireann leithéidí Eoin Uí Mhurchú amach a cheartú. 

Is ar mhaithe le ceisteanna a ardú do Tuairisc.ie agus do na meáin Ghaeilge atá an t-alt seo á scríobh agam. 

An bhfuil sé inchreidte Eoin Ó Murchú a chur i láthair mar údar anailíse faoi chúrsaí san Úcráin? 

An gcreideann na meáin Ghaeilge nach mbaineann an nimh a scaipeann colúnaí nó tráchtaire dá gcuid ar na meáin shóisialta leo?

An mbeidh sibh ábalta breathnú sna súile ar na mílte teifeach ó chogadh Putin atá ag teacht chun cónaithe in bhur measc agus a mhíniú dóibh cén fáth go bhfuil ardán agus stádas á thabhairt d’Eoin Ó Murchú?

Fág freagra ar 'Ar cheart do na meáin Ghaeilge ardán a thabhairt do dhuine atá go neamhleithscéalach ar thaobh na Rúise?'

  • Daithí MacGiobúin

    Aontaím go hiomlán le seo. Níl measaracht ar bith taispéanta ag Ó’Murchú le fada agus ba chóir go mbeadh níos mó ionchur eagarthóireachta sula bhfoilsítear ana-chuid dá thuairmíocht.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Buíochas mór tuillte ag Nadia faoin stró a chur uirthi féin an t-alt cuimsitheach seo a scríobh agus argóintí leibideacha Eoin a bhaint óna chéile.

  • Seán Ó Floinn

    Sách ráite agat ansin a Nadia – maith thú. Is í an cheist a bheadh agamsa ná cén fáth go bhfuil Eoin Ó Murchú ag Tuairisc.ie mar cholúnaí ar chor ar bith. Is rí-annamh a léigh mé alt leis a chaith solas ar rud ar bith – ní léir dom go ndéanann go mbíonn dearcadh úr aige ar chúrsaí.

  • Seanán Ó Coistín

    Aontaím le Nadia. Is mithid dúshlán a thabhairt d’Eoin Ó Murchú. Tá sé claonta le fada agus níl a chuid tuairimí neodrach. Tá sé ar thaobh na Rúise. Ní miste sin ach ba cheart dó sin a rá go follasach seachas a bheith ag ligean air go bhfuil sé ar son na fírinne nó seasamh neodrach nó rud éigin den chineál sin.

  • Antóin

    Tá súil agam nach iarracht atá anseo Eoin a chealú mar tá faisnéis, bréagfhaisnéis agus mífhaisnéis ar an dá thaobh sa chogadh seo agus is leamh atá do cheann ort má shíleann tú a mhalairt.

  • Aonghus Ó hAlmhain

    Ceisteanna fiúntacha, a Nadia. Táim buíoch go háirithe as an alt cuimsitheach seo a chuir faoi mo bhráid https://geschichtedergegenwart.ch/die-ukraine-putin-und-die-rhetorik-des-krieges/

    Is dóigh liom go cás le freagairt ag Tuairisc. Rud amháin is ea saoirse tuairimíochta; ach rud eile is ea ráitís a mhaíonn fíricí a bheith iontu nuair nach bhfuil.

  • Pól Ó Braoin

    Ní féidir linn dul síos bóthar na cinsireachta nó gan stáitse a thabhairt don údar seo nó don údar eile. Mar sin féin is maith an rud é alt den chineál seo a chur i gcló sa gcaoi go bhfeicfidh muidne na léitheoirí cá mbíonn an mhífhaisnéis agus an bhréagnuacht. Go raibh maith agat, a Nadia, agus tá súil le Dia agam go gcoinneoidh Sé do mhuintir slán.

  • Treasa Ní Cheannabháin

    Sár phíosa scríobhnóireachta uaidh Nadia anseo inniu. Níl aon aithne am uirthi ach bheadh spéis am tuilleadh aithne chuir uirthi tar éis píosa iontach mar sin a scríobh go hoilte i dteanga sin ainne. Níl aon dabht am ach go bhfuil Ó Murchú claonta ar shon na Rúise. Ní chuirfhidh sé an dubh ar an mbán go chuid mhaith ainn, mar go bhfuil fírinne an scéil ainn ar aon nós. Ach is maith ann leithéidí Nadia le tabhairt faoina chuid scéalta? ní amháin na cinn a scríobh sé ar Tuairisc ach ar Twitter chomh maith.

  • Concubhar

    Ní bheinn ar shon colún a shéanadh ar iriseoir de bharr nár aontaigh mé lena thuairimí ach is rud eile ar fad bheith ag scaipeadh mífhaisnéis agus bolscaireacht lom, bíodh sé anseo agus ar ardáin eile. Níor cheart ligint do sin.

  • Fearn

    Ar cheart do na meáin Ghaeilge ardán a thabhairt do dhuine atá go neamhleithscéalach ar thaobh na Rúise? Cinnte. Níl cúnglach ar chead chainte ná ar chead aighnis. Is fúinne atá sé scagadh na fírinne.

  • Itditditxff

    Eoin Ó Murchú. Iriseoir den chéad scoth.

  • Pádraic

    D’éirigh mé as altanna Eoin Uí Mhurchú a léamh i bhfad ó shin mar nach mbíonn iontu ach seafóid (agus ar mhaithe le mo mheabhairshláinte!). Is léir go bhfuil sé ar son na Rúise agus in aghaidh an AE. B’eol dúinn é sin fiú sula raibh aon chaint ar ionradh na Rúise ar an Úcráin! Ba cheart a dhúshlán a thabhairt i gcónaí agus gan ligean dó fáil ‘away’ leis an mbolscaireacht bhréagach a scaipeann sé. Alt tuairimíochta a bhíonn aige ar ndóigh agus tá saoirse cainte ag chuile dhuine sa tír seo ach cheisteoinn an loighic nó an chúis a mbítear sásta a chuid altanna a fhoilsiú sa chéad áit. Ach is dóigh go dtarraingeoinn sé caint…

  • Vincent Morley

    “An bhfuil sé inchreidte Eoin Ó Murchú a chur i láthair mar údar?”
    Níl, ach ní bheinn róbhuartha faoi mar níl iontaoibh ag aon duine as a thuilleadh. Déanann gach alt a scríobhann sé níos mó dochair dá cháil.

  • Mike

    Táim chomh buíoch de Nadia Dobrianska as an t-alt cuimsitheach seo a scríobh. Tá an ceart ag Ó Murchú a chuid tuaraimí a scaipeadh, ach is cur i gcéill é má ligeann sé air nach ar thaobh na Rúise atá sé. Agus níl morán measa agam ar an íomhá a chuireann sé air mar dhuine leathanaigeanta nach gcreideann ach i bhfíricí, nuair a bhíonn sé i gcónaí réidh le ionsaí ar bith a dhéanamh ar fhimíneacht an iarthair (agus is furasta é sin a dhéanamh), ach slogann sé siar bréaga follasacha ón Rúis. Is maith le daoine áirithe a bheith ag snámh in aghaidh an easa, cuma a chur orthu féin gur ‘guth san fhásach’ atá iontu. Agus is maith atá fhios ag na Rúisigh go bhfuil sé éasca dóibh úsáid a bhaint as daoine mar sin.

  • Art

    Dár ndóigh níor chóir cosc a chur ar fhoilsiú altanna le duine atá ar thaobh na Rúise. Ach tá pointe tábhachtach ardaithe anseo. Léimse colúnacha le David Quinn, Stephen Collins, Fintan O’Toole, Michael McDowell, Brenda O’Brien, Una Mulally etc. B’fhéidir nach n-aontaím lena gcuid tuairimí agus tá sin go breá. Ach déanaim talamh slán de i gcás colúnaí atá á fhoilsiú i nuachtán gairmiúil má deir siad go ndúirt na Náisiúin Aontaithe nár maraíodh ach x méid duine san Úcráin gur féidir liom brath air go bhfuil sin fíor agus sa chás annamh go ndéanann siad botún go n-admhaíonn siad sin agus go gceartaíonn siad é. Má tá amhras ann an féidir brath ar an eolas a chuireann colúnaí ar fáil, cad is fiú é a bheith á fhoilsiú ar mheán gairmiúil? Is féidir liom an sórt stuif neamhfhaofa sin a léamh ar na meáin shóisialta. Bím ag súil leis i gcás suíomh gairmiúil go bhfuil daoine roghnaithe acu gur féidir iontaoibh a chur iontu ó thaobh cruinneas agus fíricí de, cuma cé na tuairimí atá acu. Dár ndóigh tá seo beagáinín níos casta mar go bhfuil an mífhaisnéis a dhírigh Nadia air ar na meáin shóisialta seachas i gcolúnacha Eoin. Ardaíonn sin an cheist an bhfuil aon impleachtaí ag iompar colúnaí ar na meáin shóísialta don nuachtán a fhoilsíonn é? An bhfuil an colúnaí ag baint úsáide as séala an nuachtáin chun cur lena inchreidteacht agus é ag scaipeadh mífhaisnéis ar na meáin shóisialta? Cuireann seo ar fad scéal an impire gan aon éadaí i gcuimhne dom. Ní raibh aon éadaí le fada an lá ar Ó Murchú agus bhí a fhios ag a lán daoine sin ach ní raibh de mhisneach ag éinne dá chomhghleacaithe sna meáin alt a scríobh á rá sin. B’éigean do theifeach mná ón Úcráin ar foghlaimeoir Gaeilge í an jab sin a dhéanamh daoibh.

  • Áine Ní Á Shioradáin

    Alt do-chreidthe atá scríofa ón gcroí istigh .
    Ba cheart ardán I bhfad níos airde bheith tugtha don scríbhneoir seo ná an ceann ar chaill muid meas air tamall Maith ó shin .
    Nílim ag iarraidh fiú a ainm Á Luan arís mar sin an iomarca airde dó !
    Céard atá uainn?
    Alt leanúnach ó Nadia le bhur dtoil leis an dteideal ‘Ón gcroí istigh 🧡’
    – scéal leanúnach , seachtanúil ón Úcráin !
    Chuirfeadh sin deireadh le fionnscéalta agus tús le fíorscéalta !

  • Séamus Ó Coscair

    Maith thú Nadia, aontaím leat.

  • Vitaly

    Maith thú, a Nadia, agus aontaim leat. Táim bréan de mhéid na bréaga craiceáilte a léim gach lá sna meáin i mo thír féin. Níor mhaith liom a leithéid de bhréag a léamh anso.

  • Mick

    Sárjab, a Nadia, agus aontaím leat go huile is go hiomlán. Táthar ann a gcreideann go mbeadh cinsearacht i gceist muna bhfoilsítear rud, ach níl sé sin fíor ar chor ar bith. Luíonn an cinneadh le tuairisc.ie mar gheall ar cén ailt a roghnú agus cén eagarthóireacht a dhéanamh orthu. Níl aon dualgas ar thuairisc.ie aon rud a fhoilsiú in ainm saoirse labhartha.

  • Séadna Mac Seoin

    Aontaím le Nadia. Scoth iriseoireacht uaithi. Tá teacht Aniar iontach ag Muintir na hÚcráine. Guím gach rath orthu.

  • MacAnRí

    Tá lúcháir mór orm an t-alt seo a léamh. Mar is eol den chuid is mó dúinne, i ndáiríre, bíonn ó Murchú i dtólamh ar shon na Rúise beag beann céard a dhéanann siad ach is rud eile ardán a thabhairt dó. Táim sásta chun achan thaobh den aighneas a chluinstin ach ba cheart dúinn mífhaisnéis is bréaga a seachaint.

  • Frank Reidy

    Tá bearna mór idir fíricí agus tuairimí agus i gcás cogadh na hÚcráine tuigeann muid uilig go bhfuil bolscaireacht scaipithe ag chaon taobh i gCogadh na Meáin. Is fearr gan bacadh le colúnaí atá chomh súite-taobhach sin go bhfuil neamhaird á dhéanamh aige ar fhíricí agus go bhfuil a thuairimí báite in idé-eolaíocht.

  • Gearóid de Grás

    Tá a dhúshlán tugtha d’Eoin Ó Murchú ag Nadia Dobrianska. Tá súil agam nach mbainfear cead freagartha de anois.

    Ní raibh aon chur amach agam ar tvuiteanna Eoin go dtí gur luaigh Nadia iad – ní bhacaim le Twitter ach le scóranna iomána i gcluichí thíos faoin tír a fháil. Cothaíonn Twitter aighneas idir dhaoine nach bhfuil de chumas acu taighde a dhéanamh agus insítear go leor bréag air. Níl aon spás ann do phlé tomhaiste mar is ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar dhaoine eile a bhíonn giolcairí don chuid is mó – braithim go bhfuil roinnt mhaith den “phlé” ar RTÉ ar an dul céanna, faraoir. Is arm cumhachtach é Twitter in armlann an pholaiteora agus lucht an chogaidh araon.

    Ach, nach fóram eile ar fad é Tuairisc.ie? Nó an é? Ba mhaith liom an chéad alt eile ó Eoin Ó Murchú anseo a fheiceáil. Beidh deis aige foinsí a chuid tuairimí a thabhairt dúinn; beidh deis aige na líomhaintí atá curtha ina leith a fhreagairt. Ansin, beidh deis ag léitheoirí altanna, tuairimí agus foinsí Nadia agus Eoin a mheas – agus cur leis an bplé.

    Tá an pointe á dhéanamh go minic ar RTÉ le déanaí go bhfuilimid sa tír seo neodrach ach gan a bheith neodrach – braithim go láidir gur ag iarraidh an dubh a chur ar an ngeal orainn atá lucht na ráiteas seo. Tá siad ag iarraidh a chur ina luí orainn nach fiú tráithnín an neodracht – agus i ndáiríre nach ann don neodracht ar chor ar bith. Le cúnamh Dé, tiocfaidh deireadh go luath leis an sléacht agus na huafáis san Úcráin – cé go bhfuil sé deacair é sin a shamhlú faoi láthair. Pé uair a thiocfaidh deireadh leis an gcogadh is trí chainteanna a tharlóidh sé sin – agus beidh áit lárnach ag tíortha neodracha in eagrú na gcainteanna sin. Le cúnamh Dé, rachaidh tíortha neodracha céim níos faide agus brúfaidh siad an tsíocháin agus an dí-armáil domhanda chun cinn mar níl cogaí mar seo ag teastáil ach ó lucht díolta arm.

    Éisteann daoine neodracha leis an dá thaobh; tá siad ábalta ráitis a mheas agus dúshláin a thabhairt le sprioc an chomhréitigh i gcúl a gcinn acu. Ní hionann neodracht agus cluas bodhar a thabhairt do thaobh amhain nó cinsearacht a dhéanamh air. Má tá tú neodrach ní chiallaíonn sé nach bhfuil cead tuairim a bheith agat. A mhalairt ar fad – tá tuairimí tomhaiste, ciallmhara, láidre agat toisc gur éist tú leis an dá thaobh agus go bhfuil tú ábalta dúshlán na mbréag a thabhairt.

    Níl aon áit ag cinsireacht i dtír neodrach. Ach b’fhéidir gur dúshlán rómhór é d’Éire a bheith neodrach agus gurbh fhearr dúinn a chreidiúint nach ann i ndáiríre don neodracht ar chor ar bith.

  • An tEisreachtach

    Tá na cinsirí féincheaptha go flúirseach sna freagraí anseo.
    Bolscaireacht aontaobhach fhrith-Putin agus fhrith-Rúiseach a bhíonn ar RTÉ, agus a shaitilít RnaG, agus ar an BBC ó dhubh go dubh.
    Cosnaítear saoirse tuairimíochta agus diúltaítear don chinsireacht nó ní bheidh againn ach tuairimíocht chlaonta, leanbaí de chineál amháin! Ach seans gurb in atá ón bpobal: leagan simplí ‘so-dhíleáite’ de scéalta fíorchasta.