Níl an fuinneamh agam gach masla a thugtar dúinn mar Úcránaigh a fhreagairt, ach tá ceann amháin nach féidir liom scaoileadh leis…

Deir Gaeilgeoir óg as an Úcráin go bhfuil taithí na gcéadta bliain ag muintir a tíre ar mhaslaí na Rúise, ach gur rud eile ar fad é daoine eile a bheith ag cur leis na maslaí sin tráth a bhfuil ionradh á dhéanamh ar a tír

Níl an fuinneamh agam gach masla a thugtar dúinn mar Úcránaigh a fhreagairt, ach tá ceann amháin nach féidir liom scaoileadh leis…

Nadia Dobrianska ag déanamh ar theorainn na Polainne an tseachtain seo agus í ar a teitheadh ón ionradh ar a tír

Ní haon ionadh dúinne, muintir na hÚcráine agus muid á marú ag diúracáin Putin, a chuid bréag agus bolscaireachta mar gheall orainn: Is Naitsithe iad. Ní fíornáisiún iad. Is bagairt iad do shlándáil na Rúise. 

Tá rialtais na Rúise ag rá rudaí mar sin ón 19ú haois ar a laghad. 

Is ábhar iontais agus díomá dom tuairimí mar sin a bheith á n-athchúrsáil ag colúnaí de chuid Tuairisc.ie ina cholúin don suíomh seo agus ar na meáin shóisialta. 

Nuair a gheall Putin agus a mhadraí lathaí arís agus arís eile nach raibh aon rún acu ionradh a dhéanamh ar an Úcráin is léir gur shlog Eoin Ó Murchú an méid sin. 

Dúirt sé, mar shampla, ar Twitter, an 14 Feabhra: ‘Russia has no intention of invading Ukraine (what purpose could such an invasion have?)’ agus rinne sé fonóid ina cholún i Tuairisc.ie faoi éinne a thug suntas don bhagairt.

Níl an suaimhneas intinne nó an fuinneamh agam alt a scríobh i dteanga nach bhfuilim líofa inti ag tabhairt aghaidh ar gach ceann de na ráitis bhréagacha nó dá leathfhírinní claonta a bhíonn á scaipeadh faoin Úcráin agus a muintir. Bhí orm cabhair a fháil ó mo chara chun an píosa seo a scríobh. 

B’fhéidir gurb amhlaidh nach bhfuil na fuinneamh agam toisc nár éirigh liom codladh ceart na hoíche a fháil le coicís de bharr thorann na bpléascán agus na n-eitleán cogaidh. Nó b’fhéidir toisc an eagla go marófaí mé sa chéad ruathar eile. Nó b’fhéidir toisc an strus ó bheith ag iarraidh a oibriú amach conas mo thuismitheoirí aosta tinne a thabhairt slán ón ár. Nó b’fhéidir toisc a bheith ag súil le scéal a fháil nóiméad ar bith go bhfuil daoine atá gar dom is atá ag troid san arm marbh. 

Mar sin níl fúm anseo ach ráiteas amháin – an ráiteas is measa, is mailísí agus is nimhní a thógáil mar eiseamláir – an líomhain gur Naitsithe iad an dream atá ag cosaint ár dtíre i gcoinne na n-ionraitheoirí. 

Bhí Eoin Ó Murchú ar dhuine de na daoine a chuir leis an masla sin.

Ar an 26 Feabhra scríobh sé ar Twitter: ‘Reports suggest that Mariupol has been cleared of Nazi forces.’ 

Fágaimis ar leataobh an t-athrá ar an mbréag Rúiseach go raibh Mariupol gafa, nuair atá ár bhfórsaí fós ag seasamh an fhóid i gcoinne an dara harm is cumhachtaí ar domhan ansin inniu (naoi lá ina dhiaidh sin).

An ráiteas is measa ar fad dar ndóigh is ea an líomhain gur Naitsithe iad ár n-arm náisiúnta. 

Is masla Naitsithe a thabhairt ar na fir as gach cúige, aicme, aoisghrúpa agus cúlra teanga san Úcráin atá ag troid as a stuaim fhéin lenár bhfórsaí friotaíochta. Is iad ár n-aithreacha is ár máithreacha, ár ndeartháireacha is ár ndeirfiúracha, ár bhfir chéile is ár mná céile, agus ár leannáin iad. Tá siad gach lá ag tabhairt suas a mbeatha ar mhaithe linne chun ár dtír a chosaint ón ionsaí barbartha atá á dhéanamh orainn. 

Cé nach bhfuil mé ar an líne thosaigh, tá mise ar dhuine de na daoine a bhí i mbaol mar gheall ar mo chuid oibre ar son cearta daonna. 

Níl muid inár suí go te teolaí ag méarchlár i dtír atá i bhfad ó pháirc an áir ag scaipeadh bholscaireacht Putin agus ag ceapadh go bhfuil muid cróga dá bharr. 

Is masla é freisin dár n-uachtarán, fear atá tar éis seasamh linn nuair a tháinig an crú ar an tairne, pé locht a bhí air mar pholaiteoir roimhe seo.  Fear ar Giúdach agus cainteoir dúchais Rúisise é fhéin, fear ar mharaigh na Naitsithe roinnt dá mhuintir le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Is masla é gan amhras do na milliúin eile d’fhíor-íobartach na Naitsithe, na sé mhilliún Giúdach a maraíodh san uileloscadh ina measc.

Is masla é do na mílte sibhialtach Úcránach atá tar éis bás a fháil faoi lámhach philéar agus diúracán Putin go dtí seo.

Is masla é don bhreis agus 97.7% de vótóirí na hÚcráine nár vótáil do pháirtithe atá fada amach ar an eite dheis san olltoghchán deireanach. Sea, an cathlán Azov sin a shílfeá ó cholúin Eoin Uí Mhurchú a bheith i gceannas san Úcráin, níl iontu dáiríre ach mionghrúpa sa chomhghuaillíocht de chuid an dreama sin atá i bhfad amach ar an eite dheis, dream nár bhuaigh ach 2.3% den vóta.

Is masla é do na milliúin de mhuintir mo thíre atá ag teitheadh ó shléacht Putin agus gan acu ach an méid is féidir leo a iompar, gan a fhios acu cathain a fhillfidh siad ar a dtír dhúchais nó an bhfillfidh siad go deo. 

Agus mé á scríobh seo tá mé fhéin agus mo thuismitheoirí aosta tinne i measc na ndaoine atá ag teitheadh ón mbaile.

Táim buíoch do phobal na hÉireann agus do phobal na Gaeilge atá ag tacú linn in am seo ár bhfulaingthe. 

Ní hionadh sin agus an oiread sin cosúlachtaí idir scéalta ár dhá náisiún – gorta, forlámhas ag tír níos mó, streachailt chun ár gcultúr agus ár dteanga a athbheochan. 

Sea – níl mo thír gan locht. Tá rudaí fúithi nach bhfuilim bródúil astu. Sea, tá ciníochas agus tá antoiscigh inti. Ach an féidir le héinne atá á léamh seo a mhalairt a rá faoina thír féin?

Táimidne, muintir na hÚcráine, agus ár dtír ag cur fola anois. Tá an chuid is mó den fhuil sin ar lámha Vladamir Putin. 

Ach tá cuid den locht freisin ar aon duine a scaipeann a chuid bréag agus a chuid bolscaireachta. 

Fág freagra ar 'Níl an fuinneamh agam gach masla a thugtar dúinn mar Úcránaigh a fhreagairt, ach tá ceann amháin nach féidir liom scaoileadh leis…'

  • Concubhar

    Scríte go maith a Nadia. Is náisiún cróga misniúil í an Úcráin agus seasann Éire libh. Ní hionann colún Phutineach Eoin Ó Murchú le guth na hÉireann. Ní heol dom pobal sa tír nach bhfuil ag bailiú ábhair foirithinte chun seoladh chughaibh. Agus é ag íonsaí na hÚcráine, tá Putin agus a chomh thaisteallaithe faisisteacha ag íonsaí aontas na hEorpa. Ní éireoidh leis. Slava Ukraini

  • Fidelma

    Treise leat, a Nadia, agus le do mhuintir agus go dté sibh slán ón sléacht. Maith thú as labhairt amach faoi na maslaí seo. Is olc a fheileann do dhaoine a bheith ag athchúrsáil bolscaireacht bhréagach go baoth.

  • Eoin Ó Murchú

    Ionsaí pearsanta gan amhras. Ach fágaimis na maslaí ar leataoibh agus luaimis cúpla fíricí:
    1. Is Naitsithe iad an Azov Battalion, a dhéanann comóradh oscailte ar an SS san Úcráin agus a raibh páirt mhor acu sa gcoup. Is iad freisin a dhódh na ceardchumannaigh beo chun báis in Odessa i 2014, agus a ghabh seilbh fhuilteach ar Mariupol. Fógraíonn an rialtas i gCíbh gur laoch náisiúnta é Stepan Bandera, an comhoibrí ba thábhachtaí ag na Naitsithe san Uileloscadh.
    2. Is fíor nár cheap mé go mbeadh aon ionradh ann agus táim fós den tuairim gur botún é. Ach dá mbeadh an Úcráin sásta bheith neodrach, mar a bhí an Fhionlainn mar shampla, ní fheicim go mbeadh aon ionradh ann.
    3. Maidir le Mariupol, is léir gur do bhuntáiste na Rúiseach é dá mbeadh na sibhialtaigh imithe ón áit. D’fhéadfaidís ionsaí ceart a dhéanamh air. Sin é an fáth nach bhfuil an cathlán Azov sásta daoine a ligean amach.
    4. Bhí socrú ann i Minsc i 2015 a léirigh bóthar na síochána. Chuirfeadh sé sin stop le diúracáin a chaitheamh isteach i nDonetsk nó Lukhansk (tá 14,000 duine nó níos mó básaithe de bharr na ndiúracáin seo), dí-lárnú cumhachta agus plé faoi féin riail dona ceantracha sin. Thug Zelenskiy tacaíocht don socrú ach theip air é a chur i bhfeidhm toisc nár ghlac daoine cumhachtacha sa rialtas leis.
    5. Tá bunús an tsocrú Minsc fós mar bhunús d’aon réiteach síochánta, agus a luaithe is a chuirfí i bhfeidhm é is luaithe a bheidh deire le uafás an chogaidh.

    Meeting Mikhail Kononovich – Challenge Magazine (challenge-magazine.org)
    Factbox: What are the Minsk agreements on the Ukraine conflict? | Reuters

  • MacAnRí

    Ta saghas múisce orm faoin mhéid atá scríofa ag Eoin Ó’Múrchú thuas agus é, mar a deirtear i mbéarla “doubling down” leis an bholscaireachta bhreise agus ag thabhairt tacaíocht dá chara Putin. Náire air ach ní haon ionadh é.

  • Ruth

    Tá mo chroí i mo bhéal ag fulaingt mhuintir na hUcráine, a Nadia. Agus is mór an easpa cumhachta a mhothaím ach go háirithe! Coinnigh do mhisneach, bullaí mná!

  • Tomás

    Alt iontach. Go n-éirí libh, Nadia.

  • Colm

    Maith thú, Nadia. Ta na hÉireannaigh libh.

  • Antóin

    Níl go leor eolais agam faoi stair na hÚcráine le breith a thabhairt ar a bhfuil ráite ag Eoin ach go gineáralta is minic múisc ar dhaoine nuair a nochtar fírinne na staire.

  • Agus Sin Sin

    Go maire thú agus do chlann Nadia. D’fhéadfainn míle maslaí a chur ar Eoin as an méid atá curtha i leith na hÚcráine aige, is léir go bhfuil a dhílseacht cheana. Ach bímis sásta go bhfuil sibh ar bhur mbealach i dtreo áit atá níos sábháilte. Coinnigh do mhisneach a chailín :)

  • Indrek

    @Eoin. Ní ‘fíricí’ atá sa méid atá curtha faoinár mbráid agat thuas, ach tuairimíocht agus ráitís chlaonta. Seo chugat roinnt fíricí, ionas go bhfeicfeá an difríocht:
    1. Tá cathlán Azov faoi smacht Arm na hUcráine le tamall. Maidir leis an eachtra in Odessa, scliúchas idir dream Pro-Ucráineach agus dream Pro-Rúiseach a raibh toradh tubaisteach air a bhí ann, seachas dó ceardchumannach mar a mhaíonn tusa (tuairisc ó Deutsche Welle: https://www.dw.com/en/the-odessa-file-what-happened-on-may-2-2014/a-18425200). Ba phearsa conspóideach é Stepan Bandera, fear a bhí ag troid ar son na hUcráine, ach a chuaigh i muinín na Naitsíoch. Dhiúltaigh Parlaimint na hUcráine é a aithint mar laoch náisiúnta in 2019 (https://en.wikipedia.org/wiki/Stepan_Bandera).
    2. Deir tú gur botún é ionradh a dhéanamh ar an Ucráin. Ní botún é, ach coir in aghaidh dlí idirnáisiúnta tír neamhspleách shíochánta a ionsú. Maidir leis an bhFionlainn, tá sí tar éis dlús a chur lena comhoibriú le NATO i bhfianaise na mbagairtí atá déanta ag Putin.
    3. Is mar gheall ar an tsíorbhuamáil nach féidir leis na sibhialtaigh éalú ón sléacht in Mariupol, é sin agus go bhfuil mianaigh leagtha ag na Rúisigh ar an mbealach éalaithe.
    4. De réir Chomhaontú Mhionsc, bheadh dílárú cumhachta ar fáil do Donetsk agus do Luhansk taobh istigh den Ucráin. Is deacair a rá go díreach cén fáth nár éirigh leis an bplean sin fós, ach gach seans gurb í cleasaíocht na Rúise atá taobh thiar de agus í ag gríosú leis na scarúnaithe leanacht ar aghaidh leis an mbruíon, ag brú saoránacht na Rúise ar mhuintir na háite srl, chun greim a choinneáil ar a comharsa (https://www.chathamhouse.org/2022/02/why-minsk-2-cannot-solve-ukraine-crisis).
    5. Sea, tús maith a bheadh i gComhaontú Mhionsc, ach amháin go ndearna Moscó é a chaitheamh in aer tríd an Ucráin a ionsú.
    @Nadia. Comhghairdeas leat as seasamh a ghlacadh ar an ábhar agus as muid uilig a chur ar an eolas! Nára fhada go gcuirfidh sibh ruaig ar an ionsaitheoir.