Níl ‘aon bharántas ann’ go gcuirfear deireadh leis na srianta ar an 5 Márta – An Taoiseach

Beidh ar gach duine a thagann thar lear isteach sa stát féinleithlisiú a dhéanamh de réir dlí

Níl ‘aon bharántas ann’ go gcuirfear deireadh leis na srianta ar an 5 Márta – An Taoiseach

Níl “aon bharántas ann” go gcuirfear deireadh leis na srianta Leibhéal 5 ar an 5 Márta, a deir an Taoiseach Micheál Martin. 

B’fhéidir chomh maith go n-éireodh níos fearr linn ná mar a shíltear, arsa an Taoiseach. 

Ach cur chuige “aireach agus coimeádach” a bheidh ann maidir le scaoileadh na srianta, ar sé.

“Tá bóthar crua romhainn ach d’éirigh linn an beart a dhéanamh cheana agus éireoidh linn a dhéanamh arís,” a dúirt Micheál Martin. 

Mar sin féin, in ainneoin na héiginnteachta faoi sholáthar na vacsaíne AstraZeneca, dúirt an Taoiseach go mbeadh  “níos mó solúbthachta” ann maidir le scaoileadh na srianta mar gheall ar sholáthar níos mó den vacsaín Pfizer/BioNTech a bheith ar fáil. 

Dúirt an Taoiseach go raibh dul chun cinn maith á dhéanamh maidir le líon na gcásanna den ghalar sa phobal a laghdú agus gur léir go raibh ag éirí leis na srianta.

Táthar an-bhuartha i gcónaí faoin líon ard othar atá sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim, a dúirt sé.

Dúirt Martin gur dócha go mbeadh idir 800-1,300 othar Covid-19 fós sna hospidéil gach lá faoi dheireadh na míosa seo chugainn agus thart ar 100 duine a bheadh i gceist i gcás líon na n-othar san ICU an uair sin.

B’in an tslat tomhais is tábhachtaí ó thaobh an ghalair agus na srianta de mar chaithfí an brú ar na hospidéil a laghdú, a dúirt an Taoiseach. 

D’aontaigh an rialtas inniu go gcuirfí síneadh leis na srianta sláinte phoiblí atá i bhfeidhm faoi láthair go dtí an 5 Márta. Thug siad a mbeannacht chomh maith do shrianta nua faoi chúrsaí taistil.

De réir na srianta beidh ar aon duine a thagann chun na hÉireann tréimhse a chaitheamh ar coraintín sa bhaile. 

Caithfear reachtaíocht a rith sular féidir an riail sin a chur i bhfeidhm ar dhaoine as an Aontas Eorpach agus ar shaoránaigh de chuid na tíre seo. Dúradh sa Dáil inniu go rithfí an rialachán sin gan mhoill. 

Is é seo an chéad uair a mbeidh feidhm dlí ag an bhféinleithlisiú atá le déanamh ag gach duine a thagann chun na tíre seo. Beidh an riachtanas dlí céanna ar dhaoine a thagann chun an stáit seo trí na sé chontae. Aon duine a fhaigheann toradh diúltach ar an dara tástáil coróinvíris taobh istigh de chúig lá, beidh cead aige éirí as an bhféinleithlisiú ag baile.  

Faoi na socruithe nua aon duine a thiocfaidh chun na tíre seo agus gan toradh diúltach acu ar thástáil don choróinvíreas, caithfidh siad 14 a chaitheamh ar coraintín éigeantach in óstán. Beidh an coraintín céanna le déanamh ag aon phaisinéir a thagann as an mBrasaíl nó as an Afraic Theas. 

Ní bheidh aon víosaí gearrthéarmacha á n-eisiúint agus cuirfear smachtbhannaí níos déine i bhfeidhm ar an teorainn taistil cúig chiliméadar le daoine a chosc ó dhul go dtí aerfoirt le dul ar eitiltí neamhriachtanacha. 

Faoi láthair fíneáil €100 atá ar dhuine a sháraíonn an teorainn 5 chiliméadar taistil agus tuairiscítear go bhfuil sí sin le hardú. 

D’fhéadfadh go ngearrfaí fíneáil €500 ar dhuine a mbéarfaí air ag dul go dtí an t-aerfort ar mhaithe le taisteal neamhriachtanach.

Fág freagra ar 'Níl ‘aon bharántas ann’ go gcuirfear deireadh leis na srianta ar an 5 Márta – An Taoiseach'

  • Antóin

    Coraintín éigeantach in óstán! Fáilte go 9 Lúnasa 1971 arís.