‘Níl an Stát dáiríre faoin mBlascaod Mór, agus an t-oileán ‘níos measa as anois’ ná mar a bhí 30 bliain ó shin’ – de Mórdha

Bainisteoir Ionad Oidhreachta an Bhlascaoid míshásta faoi easpa suime an Stáit san oileán. ‘Deargnáire’ don OPW é nach bhfuil duine le ceapadh ina áit ag leibhéal bainisteora

SONY DSC
Mícheál de Mórdha lena bhean Angela ag seoladh ‘Scéal Shéamais Bhig’, leabhar a mic, Dáithí, in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin

Níl an Stát ‘dáiríre’ faoi chaomhnú agus forbairt an Bhlacaoid Mhóir agus tá an t-oiléan “níos measa as anois” ná mar a bhí sé tríocha bliain ó shin, dar le Mícheál de Mórdha, Bainisteoir Ionad Oidhreachta an Bhlascaoid i nDún Chaoin, i gCiarraí.

Dúirt de Mórdha gur “deargnáire” ab ea é d’Oifig na nOibreacha Poiblí agus don Stát nach raibh a phost mar Bhainisteoir le líonadh ach a n-éireoidh sé as.

Amárach an lá deireanach ag an obair ag an Mórdhach agus é ag eirí as a phost mar Bhainisteoir an Ionaid tar éis 22 bliain.

Ag labhairt dó le Helen Ní Shé ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt de Mórdha go raibh sé sásta leis an méid a bhí curtha i gcrích ag Ionad an Bhlascaoid ó bunaíodh é ach níorbh amhlaidh an scéal aige i gcás an oileáin féin.

“Nílim sásta in aon chor. Níl an chéad aidhm a bhí ag an bhFonúireacht [Fondúireacht an Bhlascaoid], ag pobal na háite, ag muintir na hÉireann ar fad agus ag muintir an domhain – ‘sé sin páirc náisiúnta stairiúil a dhéanamh ar an oileán – níl sé sin fíoraithe go fóill agus is eagal liom ná beidh ar feadh tamaill eile,” a dúirt Bainisteoir Ionad Oidhreachta an Bhlascaoid.

Chuir sé fáilte roimh an deontas a cheadaigh Roinn na Gaeltachta an tseachtain seo chun athchóiriú a dhéanamh ar Thigh Thomáis Uí Chroimhthain ar an oileán, ach dúirt nach raibh ann “ach tráithnín i gcomparáid leis an méid atá le caitheamh ar an oileán go fóill”.

Thagair Bainisteoir an Ionad Oidhreachta don €8.5 milliún a cheadaigh an Rialtas sa bhliain 2005 chun plean bainistíochta a chur i bhfeidhm don oileán.

Bhí €6 milliún den airgead sin le teacht ó Roinn na Gaeltachta ach ní bhfuarthas riamh é. Thug de Mórdha le fios gur thug Iar-Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív le tuiscint dó ag an am nach gcuirfí an t-airgead ar fáil mar nach raibh daoine ag maireachtaint ar an mBlascaod.

“‘Sé an fáth a thug sé domsa ná, ná ráibh daoine ina gcónaí istigh ar an oileán. Sin é a cheapas a bhí i gceist aige, ach bhíos ag rá leis ná raibh an t-oileán caillte, gur oileán breá beo a bhí ann agus go raibh an-chuid daoine ag brath air ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta agus mar sin de.

“Bhí go leor airgid ag an Roinn an uair sin agus caitheadh an t-airgead in áiteanna eile…Nuair an bhí an Tíogar Ceilteach ar bhogshodar timpeall na háite, b’shin é an t-am leis an airgead a chur ar fáil,” a dúirt de Mórdha.

Dúirt sé nach raibh aon dul chun cinn déanta ó 2009 maidir le ceannach an chuid sin de thalamh an oileáin nach bhfuil i seilbh an Stáit fós in ainneoin go raibh daoine sásta an talamh sin a dhíol. Ní fhéadfaí ach an oiread bainistiú ceart a dhéanamh ar an oileán nó go dtógfaí cé nua ceart dó, a dúirt sé.

Tá ceist na cé á phlé faoi láthair ag an OPW le Fáilte Ireland ach tá Bainisteoir an Ionaid in amhras an bhfuil an OPW “lándáiríre” faoi na cainteanna sin.

“Bhí an-spéis ag an OPW ionainn nuair a thosnaíomair ach tá spéis acu i rudaí eile anois,” a dúirt sé.

Thug de Mórdha le fios go raibh díomá air nach raibh sé i gceist éinne a cheapadh mar Bhainisteoir ar an Ionad Oidhreachta i nDún Chaoin nuair a eireoidh sé féin as. ‘Saoiste’ a bheidh i bhfeighil anois ar Ionad an Bhlascaoid.

“Bhí triúr againn ag obair go lánaimseartha ar an bhfoireann bainistíochta; ní bheidh ach beirt anois ann agus ní chím de thalamh an domhain conas is féidir le beirt na dualgaisí agus na gnóthaí ar fad a bhí ar siúl againne a chur i bhfeidhm agus is dóigh liom gur deargnáire é don OPW agus don Stát go bhfuilid ag cuimhneamh air sin a dhéanamh,” a dúirt sé.

Bhí an Mórdhach sásta go bhfuil “céimeanna móra chun cinn” tugtha ag an Ionad ó bunaíodh é. Ionad cuairteoireachta, ionad pobail agus ionad taighde ab ea é anois, a dúirt sé. An rud is mó a thug sásamh dó ná go raibh “an t-ionad ar fáil don bpobal” i gcónaí, ceann de na príomhaidhmeanna a bhí aige nuair a chuaigh sé i mbun oibre ann.

Fág freagra ar '‘Níl an Stát dáiríre faoin mBlascaod Mór, agus an t-oileán ‘níos measa as anois’ ná mar a bhí 30 bliain ó shin’ – de Mórdha'