‘Níl a fhios ag éinne againn céard atá á fhoilsiú fiú’ – imní faoi easpa teagmhála idir foilsitheoirí Gaeilge agus siopaí leabhar

Dúirt ionadaí ó shiopa leabhar amháin go gcuirtear an bhéim ar fad ar na leabhair Ghaeilge a fhoilsiú agus nach ndéantar dóthain iarrachta na leabhair chéanna a dhíol

‘Níl a fhios ag éinne againn céard atá á fhoilsiú fiú’ – imní faoi easpa teagmhála idir foilsitheoirí Gaeilge agus siopaí leabhar

Deir lucht siopaí leabhar go bhfuil easpa teagmhála agus easpa caidrimh idir iad agus foilsitheoirí Gaeilge.

Ag cruinniú de Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge dTeach Laighean a phléigh bainisteoirí An Siopa Leabhar, Hodges Figgis agus Siopa Leabhar Uí Chionnaith.

“Mar shiopa, ní féidir linn leabhar a ordú ó na dáileoirí mura bhfuil a fhios againn gurb ann dó,” a dúirt Bainisteoir An Siopa Leabhar, Gráinne Ní Mhuilneoir. “Sin bun agus barr an scéil dúinne mar shiopa. Tá, le blianta beaga anuas, brú curtha againn ar sholáthraithe scéala a chur chugainn nuair a bhíonn leabhair ar fáil.”

Dúírt Ní Mhuilneoir go bhfuil ‘dualgas’ ar fhoilsitheoirí agus go pointe ar scríbhneoirí, a rá leis na siopaí leabhar go bhfuil leabhair ag teacht, agus ansin nuair a bhíonn siad ar fáil conas is féidir leo iad a ordú.

Deir Ní Mhuilneoir gur ‘trua’ léi i gcónaí nuair a scaiptear scéal go bhfuil leabhar ‘foilsithe’ agus gan é fiú ag an dáileoir fós.

“Minic go leor a chloiseann an léitheoir faoi leabhar nua sula mbíonn scéal ar bith faighte againn sa siopa mar gheall ar an saothar céanna.”

“Téimid sa tóir ar an eolas céanna, agus fós tá leabhair nach gcloisimid fúthu go ceann seachtainí nó míonna i ndiaidh a bhfoilsithe cheal teagmhála.”

Measann Tomás Kenny ó Shiopa Leabhar Uí Chionnaith i nGaillimh go gcuirtear an bhéim ar fad ar na leabhair Ghaeilge a fhoilsiú agus nach ndéantar dóthain iarrachta na leabhair chéanna a dhíol.

“Nuair a tugadh aitheantas speisialta don úrscéal Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin don Duais Eorpach don Litríocht, tháinig Tadhg chugainn le feachtas poiblíochta,” ar sé. “B’in an chéad uair le 82 bliain gur tháinig foilsitheoir Gaeilge chugainn mar sin. Tagann foilsitheoirí Béarla chugainn go minic, ach ní tharlaíonn sé le foilsitheoirí Gaeilge.”

“Tá easpa teagmhála ann ó fhoilsitheoirí Gaeilge,” a deir Bainisteoir Hodges Figgis, Liam Donnelly. “Níl caidreamh againn leo. Ní fhaigheann muid póstaeir uathu fiú maidir leis na leabhair atá á bhfoilsiú acu.”

Measann Bainisteoir Margaíochta Shiopa Uí Chionnaith, Sarah Kenny, gur cheart d’fhoilsitheoirí Gaeilge feachtais phoiblíochta a chur ar bun cosúil leis an foilsitheoirí Béarla. 

“Níl aon rud ag tarlú faoi láthair,” a deir sí.

“Níl a fhios ag éinne againn céard atá á fhoilsiú fiú,” a deir Tomás Kenny. “Tá easpa iomlán suime ó na foilsitheoirí Gaeilge. Ní dhéanann foilsitheoir ar bith seachas Futa Fata teagmháil linn. Tá leabhair Ghaeilge níos costasaí ná leabhair Bhéarla, faighimid níos lú ar gach leabhar a dhíoltar – níl aon spreagadh ann do shiopaí leabhar leabhair Ghaeilge a dhíol.”

Dúirt Tomás Kenny freisin go mbíonn caighdeán na leabhar Gaeilge níos ísle ná leabhair Bhéarla ó thaobh dearatha de, caighdeán an pháipéir, méid léaráidí agus araile.

“Tá leabhair Ghaeilge níos costasaí ná leabhair Bhéarla den mhéid céanna,” ar sé.

“Tá easpa eolais ó na foilsitheoirí Gaeilge,” a dúirt Gráinne Ní Mhuilneoir. “Tá sé seo ag tarlú leis na blianta, ach tá sé ag éirí níos fearr.”

I measc na gceisteanna eile a luadh ag an gcruinniú, bhí an ISBN, an caighdeán idirnáisiúnta chun leabhair a shainaithint. Is aitheantóir táirge é ISBN a úsáideann foilsitheoirí, díoltóirí leabhar, leabharlanna, miondíoltóirí idirlín agus rannpháirtithe eile sa slabhra soláthair chun leabhair a ordú agus a liostú chomh maith le taifid díolacháin agus rialú stoic a dhéanamh. 

“Ní chloíonn gach foilsitheoir leabhar Gaeilge leis an gcaighdeán seo, rud a chruthaíonn fadhbanna in athordú agus díol leabhar trí Chórais Díolacháin Leictreonacha (EPOS),” a deir Bainisteoir Hodges Figgis, Liam Donnelly. “Dá nglacfaí leis an gcaighdeán seo go forleathan, bheadh sé níos éasca teidil a ordú, a athordú agus a shainaithint.”

“Crá croí atá san easpa ISBN ar leabhair Ghaeilge,” a deir Tomás Kenny. 

Pléadh cúrsaí poiblíochta agus margaíochta freisin, le Sarah Kenny ó Shiopa Leabhar Uí Chionnaith ag rá gur gá do na foilsitheoirí Gaeilge feachtais phoiblíochta a chruthú ar nós na gcinn a bhíonn ag foilsitheoirí Béarla.

“Ach, caithfear fadhb an dáileacháin a réiteach ar dtús,” a deir Tomás Kenny. “Ní haon mhaith a bheith ag tabhairt poiblíochta do leabhar mura bhfuil an leabhar féin ar fáil.”

Tá deireadh tagtha anois leis an tsraith cruinnithe faoi chúrsaí foilsitheoireachta i nGaeilge atá á reáchtáil le tamall ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Fág freagra ar '‘Níl a fhios ag éinne againn céard atá á fhoilsiú fiú’ – imní faoi easpa teagmhála idir foilsitheoirí Gaeilge agus siopaí leabhar'

  • Lillis Ó Laoire

    Dá bhfios dom, níl ach comhlacht amháin ann nach n-úsáideann ISBN. Níl sé cothrom sin a rá faoi na comhlachtaí ar fad.

  • C Ó Floinn

    Bíonn na foilsitheoirí ag gearán faoi easpa maoinithe – agus an ceart acu gan dabht – ach cad is fiú maoiniú mura féidir leo glaoch a chur ar na siopaí leabhar móra nó ríomhphost a chur chucu lena chinntiú go bhfuil a gcuid leabhar á ndíol?