‘Ní theastódh Sherlock Holmes le rá leat céard tá in easnamh ar phlean teilifíse BBC Alba’ – GáidhligTV

An t-eagras feachtasaíochta GáidhligTV míshásta le tuarascáil nach bhfuil aon tagairt d’fhotheidil ar chor ar bith inti

bbc alba

sásta atá an t-eagras feachtasaíochta GáidhligTV leis an tuarascáil ‘Leirsinn 2021’ (Fís 2021), a sheol Aire na Gáidhlig Alasair Allan, i dTaigh an Róid le déanaí. Dúirt an t-eagras go bhfuil ‘deis caillte’ ag BBC Alba sa cháipéis, a leagann síos straitéis an stáisiúin ó thaobh cur chun cinn na Gáidhlig de don tréimhse 2016-2021.

Dúradh i ráiteas a d’eisigh GáidhligTV aréir go nach gcaithfí “glaoch ar Sherlock Holmes chun a dheimhniú go bhfuil rud éigin in easnamh” sa straitéis nua-fhoilsithe. Tá an cháipéis 41 leathanach ar fhad agus tá trí mhóreasnamh, dar le GáidhligTV, le brath sa mhéid sin.

Is é an chéad easnamh atá luaite ag an eagras ná nach bhfuil aon tagairt d’fhotheidil ar chor ar bith sa cháipéis. D’fhéadfaí a rá gurb í ceist na bhfotheideal an chloch is mó ar phaidrín lucht cáinte na stáisiún Gaeilge in Albain agus in Éirinn araon. Tá feachtas ar bun ag GáidhligTV ó thús na bliana seo in aghaidh ró-úsáid an Bhéarla agus easpa fotheidil Gháidhlig ar chláracha a chraoltar ar BBC Alba.

Thug an BBC le fios i mí Iúil na bliana seo bhfuil an teicneolaíocht ag an gcomhlacht teilifíse chun fotheidil roghnacha a chur ar fáil ar Freeview. Bhí ráite cúpla bliain ó shin acu nárbh fhéidir fotheidil Bhéarla a chur i bhfolach ar chóras Freeview mar gheall ar a laghad spáis a bhí ar an mbanda sin. Thug urlabhraí na heagraíochta le fios do Tuairisc.ie i mí Iúil og bhfuil taighde á dhéanamh ag BBC i láthair na huaire, féachaint ar spéis leis an lucht féachana na fotheidil roghnacha a bheith ar fáil.

Tamall ina dhiaidh sin, thug TG4 le fios do Tuairisc.ie go bhfuil an stáisiún Gaeilge ag obair “síoraí seasta” ar cheist na bhfotheideal cé go ndúirt an stáisiún Gaeilge gur “beag tionchar atá ag an méid a dúirt an BBC ar scéal na bhfotheideal”.

Is é an ‘dara heasnamh; atá ag cur isteach ar lucht GáidhligTV ná an t-easpa plé a rinneadh sa straitéis cúig bliana ar chleachtas an athghuthuithe ar chláracha BBC Alba. Tá ráite cheana ag an ngrúpa go bhfuil an ‘iomarca Béarla’ le cloisteáil faoi láthair ar an stáisiún atá ceaptha a bheith ag cur na Gáidhlig chun cinn.

Mhaígh an t-eagras freisin nach bhfuil aon chritéir leagtha síos ag an stáisiún don chúig bliana atá le theacht chun a chinntiú go mbíonn níos mó Gáidhlig ar na cláracha a chraolfar as seo go 2021.

Tagraítear sa cháipéis don imní a léiríodh i rith an phróisis comhairliúcháin a cuireadh i gcrích i mbliana ach dúradh go mb’éigean cláracha a chur i mBéarla le daoine a mhealladh chun na teanga.

“Bhíothas imníoch ag an am a rinneadh an comhairliúchán poiblí, agus ó shin, faoin méid Gáidhlig sna cláracha. Cuireann na treoracha teanga atá ar an suíomh againn léiriú ar na prionsabail atá mar bhunús do na cinntí a dhéantar faoin gcothromas idir ábhar Gáidhlig agus Béarla i gcláracha BBC ALBA.

“Féadfaidh sé go bhfuil níos mó Béarla i gcuid den ábhar óir rinneadh é a choimisiúnú le spriocanna áirithe normalaithe i gceist, mar shampla, dearcadh an lucht féachana a athrú ó dhearcadh phatuair go dearcadh neodrach nó ó dhearcadh neodrach go dearcadh dearfach i dtaobh na Gáidhlig. Coinneoimid orainn ag obair lenár gcuid soláthraithe chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt d’oiliúint na Gáidhlig san uile thaobh den obair léirithe,” a scríobhadh i ‘Leirsinn 2021’.

Fág freagra ar '‘Ní theastódh Sherlock Holmes le rá leat céard tá in easnamh ar phlean teilifíse BBC Alba’ – GáidhligTV'