‘Ní raibh aon rogha againn ach scor’ – eagraíocht cheoil Ghaeltachta

Bhí deacrachtaí airgid ag an nGaelacadamh, an eagraíocht cheoil, damhsa agus cultúir, ar an Spidéal, ó aimsir na géarchéime airgeadais

‘Ní raibh aon rogha againn ach scor’ – eagraíocht cheoil Ghaeltachta

 

Deir stiúrthóirí An Gaelacadamh, a chuireadh ranganna ceoil ar fáil do pháistí Gaeltachta i gConamara, nach raibh “aon rogha” acu ach scor.

I ráiteas ó stiúrthóirí na heagraíochta atá lonnaithe ar an Spidéal gur “oth” leo gur theip ar an idirbheartaíocht a bhí ar siúl acu leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoin a raibh i ndán don eagraíocht a raibh deacrachtaí airgeadais aici le roinnt blianta.

Deirtear sa ráiteas nach acmhainn don Ghaelacadamh “feidhmiú gan deontas” agus cé go n-aithnítear sa ráiteas céanna “an cúnamh flaithiúil” a fuarthas ón Roinn, deirtear gur údar díomá do na stiúrthóirí “réamhfhógra iontach gearr” go mbeadh a gcuid seirbhísí a gcur faoi chúram Ealaín na Gaeltachta, fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta.

“Tá gach iarracht déanta ag an nGaelacadamh sna seachtainí ó shin dul i mbun idirbheartaíochta leis an Roinn chun léargas cruinn a fháil ar an gcur chuige nua sin, mar go mba léir dúinn go dteastódh ár gcomhoibriú mar gheall ar an mbrú ama go háirithe. Agus muid á chur seo i láthair, ní heol dúinn cén uair go díreach a bheidh sé ar chumas…Ealaín na Gaeltachta an tseirbhís a atosú, nó an cur chuige atá beartaithe acu ina leith, ach tuigtear dúinn anois go bhféadfadh sé nach dtarlóidh sé roimh dheireadh na bliana.”

“Tá an-díomá orainn faoin mbriseadh sa tseirbhís seo a bhí ag croílár obair an Ghaelacadaimh.”

Dúirt stiúrthóirí an Ghaelacadaimh nach raibh aon rogha acu ach scéal a scoir a chur in iúl don fhoireann, do na múinteoirí agus do na scoileanna agus na daoine eile a mbídís ag cur ranganna ar fáil dóibh.

Deirtear sa ráiteas go bhfuil sé “thar a bheith tábhachtach” ag “am cinniúnach don Ghaeilge sa Ghaeltacht” go dtógfaí ar an obair a bhíodh ar siúl ag an eagraíocht.

“Thug an obair deis do dhaoine óga agus do dhaoine nach bhfuil chomh hóg sin na buanna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus eile a chleachtadh os comhair an tsaoil ina gceantar féin agus in áiteanna eile ar nós an Oireachtais, Fleadhanna Ceoil agus féilte eile Gaeltachta. Chabhraigh sé seo go mór leis an gcultúr dúchasach a bhuanú i bpobal Chonamara agus Árann.”

Dúradh nach mbeadh aon ráiteas poiblí eile á dhéanamh ag an gcomhlacht faoin scéal faoi láthair.

Bhí deacrachtaí airgid ag an nGaelacadamh ó aimsir na géarchéime airgeadais. 

Chuir iar-phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, duine de stiúrthóirí an chomhlachta, urrús pearsanta i dtaobh €89,500 ar fáil do Bhanc Uladh sa bhliain 2008.

In 2015, chuir an Gaelacadamh ar a súile dá bhfoireann teagaisc agus do Roinn na Gaeltachta araon go raibh an baol ann go dtiocfadh deireadh leis an eagraíocht de bharr deacrachtaí airgid.

Laghdaigh fiacha bainc na heagraíochta go dtí €57,432 le linn 2014, ach de réir a gcuntas ag deireadh na bliana sin, bhí caillteanas €100,000 i gceist.

Sa bhliain 2015, chuir an Gaelacadamh plean trí bliana i bhfeidhm leis na deacrachtaí a réiteach. Agus an plean sin réitithe, d’fhógair an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh deontas reáchtála trí bliana €390,000 don Ghaelacadamh.

Rinne an eagraíocht an córas íocaíochta acu a leasú agus bhí íocaíochtaí á ndéanamh go rialta ar feadh tamaill.

Dheimhnigh Roinn na Gaeltachta ag deireadh na bliana seo caite go raibh deontas €130,000 ceadaithe acu don Ghaelacadamh don bhliain 2017/18 ach nár íocadh aon chuid de leis an eagraíocht de bharr ceisteanna faoina riaradh.

Tháinig sé chun solais anuraidh nár íocadh roinnt múinteoirí de chuid an Ghaelacadaimh le breis agus dhá bhliain.

Tharla plé idir Roinn na Gaeltachta agus An Gaelacadamh faoi ghnéithe de chúrsaí rialachais an Ghaelacadaimh agus ceist an phá a bhí le híoc leis na múinteoirí a bhí ag obair don eagraíocht.

Bhí plean trí bliana eile á ullmhú ag bord an Ghaelacadaimh nuair a fuair siad an scéala ón Roinn go raibh cúraimí na heagraíochta á n-aistriú go dtí Ealaín na Gaeltachta agus na seirbhísí sin le leathnú go dtí na ceantair Ghaeltachta eile.

Fág freagra ar '‘Ní raibh aon rogha againn ach scor’ – eagraíocht cheoil Ghaeltachta'

  • Seán Ó hAodha

    Ní “eagraíocht cheoil” a bhí sa nGaelacadamh ach eagraíocht chun an cultúr Gaelach a chur chun cinn agus a chaomhnú sa nGaeltacht, bíodh go raibh an ceol tradisiúnta mar gné amháin den obair thábhachtach a bhí ar siúl acu. Is é an Gaelacadamh an t-aon eagraíocht a bhí ann chun amhránaíocht ar an sean nós a chothú i gConamara agus Árann agus murach iad bheadh an amhránaíocht ar an sean nós mar “museum piece” faoin am seo. Ní mór do pé dream a thógann obair an Ghaelacadaimh urthu fhéin tús áite a thabhairt don amhránaíocht ar an sean-nós. Ba chóir béim a chur freisin ar an gcumadóireacht amhrán i nGaeilge idir amhráin nuachumtha ar an sean nós agus amhráin nuachumtha sna stíleanna nuaaimseartha le tionlacacain nuaaimseartha. Is iad na hamhráin i nGaeilge idir sean agus nuachumtha ceann des na gnéithe de chultúir na Gaeltachta nach mór aire na huibhe a thabhairt di.
    Ní bheadh imní dá laghad agam faoin cheol tradisiúnta mar tá ríleanna á casadh go beo bríomhar chuile áit anois ó Bheirlin go Krakow , ón Chóiré go Tóiceo agus ó “New Orleans go San Antòn.”

  • Róisín Elsafty

    Tá muintir Chonamara agus Árainn, agus gasúir Chonamara agus Árainn ach go háirid, fágthaí ar an aineolas faoi céard atá chun ag tarlú lena gcuid ranganna a bhí chun tosaigh arís an mhí seo, thais briseadh an tsamhraidh. Is maslach amach is amach an bealach ina bhfuil an Roinn ag tabhairt faoi seo… Agus iad ag céilúradh 2018 Bliain na Gaeilge agus 2018 European Year of Cultural Heritage…. an dtuigeann siad ar chor ar bith céard atá idir lámha acu? Tá muid ar buille!