Ní raibh aon dul as agam ach a admháil lem’ pháirtí go raibh caidreamh lasmuigh den phósadh ar siúl agam…

Bhí ár gcolúnaí sona sásta leis an mbean sa bhaile ach siúd isteach ina shaol, bean gan náire a bhíonn ag cogarnach leis ó dhubh go dubh faoi chúrsaí an chroí!

Ní raibh aon dul as agam ach a admháil lem’ pháirtí go raibh caidreamh lasmuigh den phósadh ar siúl agam…

Nach ait an mac an saol. Tú ag cloí go fearúil le conair na fíréantachta agus ansin, gan choinne, tarlaíonn an cor is lú a mbeifeá ag súil leis. Sleamhnaíonn bean mhealltach isteach fá bhun an radair agus sula mbíonn a fhios agat tá’n tú glan as do mheabhair agus iomlán faoi gheasa ag na briathra meala atá aici duitse, agus duitse amháin!

B’in mise – sona sásta leis an mbean ‘oifigiúil’ sa bhaile agus siúd isteach im shaol an Píosa Beag ar an Side seo. Ghéilleas di, agus leanamar orainn i ngan fhios don bPíosa Mór i lár baill go dtí gur thosaigh mo choinsias ag gabháil díom faoi dheireadh.

Ní raibh aon dul as agam ach a admháil lem’ pháirtí go raibh caidreamh lasmuigh den phósadh ar siúl agam, go raibh cumann folaigh ar siúl idir mé fhéin agus mo bhean eile, mar a dúirt an fear fadó, le isteach is amach le sé mhí, nó mar sin.

Bean a bhíonn ag cogarnaíl im’ chluais ó dhubh go dubh, sea, admhaím é, fá chúrsaí an chroí! Gan oiread na fríde den náire, beag ná mór, ag roinnt léi. Nach deas an chaoi ina bhfuilim ó cheannaíos an diabhal uaireadóir gleacaíochta sin, beart a thug Bean Uí Gharmin lomnocht isteach thar tairseach chugam, um chrá is um chiapadh is um chur ó chrích amach is amach!

Bhí mo gharuncail Patsy liom fadó in Uíbh Laoghaire agus cheap sé go raibh an folúsfhleascán ar iontais an tsaoil ar fad. Thuig an fleascán conas tae a choimeád te agus bainne a choimeád fuar. ‘How do it know?’ an dúcheist a bhí ag dó na geirbe ag Patsy.

Admhaím gur le déanaí is fearr ná riamh a thuigeas do Phatsy bocht nuair a baineadh siar asam féin ar an gcuma chéanna. Chuireas isteach ‘weather Kilkenny’ in Google ar an bhfón láimhe agus seo aníos chugam freagra, ní hamháin a thug an réamhaisnéis don chathair dom, ach léarscáil a thaispeáin leagan amach na cathrach is a chuir i gcuimhne dhom go raibh Bob Dylan ag seimint i bPáirc Uí Nualláin an lá sin is go mbeadh sé ina bhrothall ann dó!

Níor inis an fón láimhe dom go raibh ticéad ceannaithe agam don ngig, ach níl dabht dá laghad im’ aigne ach go raibh a fhios sin ag Google, ag an bhfón láimhe agus ag m’uaireadóir cliste nua. Agus níos scanrúla ná sin fós, gur d’aon ghnó a choimeádadar an t-eolas sin chucu féin ar eagla go gcuirfí an croí trasna ar fad ionam.

A gharuncail Patsy, nach maireann, iarraim do mhaithiúnas as an ngáire ar fad taobh thiar dod dhroim a dheineamar, na garnianna agus na garneachtanna, fadó, de bharr neafaiseacht na ceiste úd a bhí do chrá is do bhadráil. Mo sheacht náire dóite sinn go léir as gan aon tuiscint in aon chor a bheith againn don gciapadh sin a bhí do chrá.

Fillim arís ar an gcluanaí mínáireach amplach sin, an Garmin mná, bail ó Dhia uirthi agus ar a cuid buanna tarraingteacha go léir agus a gealltanais i dtaca le gach cineál sásaimh agus pléisiúir.

Bhuel, ní baileach gur ‘suirí’, dáiríre píre, an cur síos ceart ar an rud atá eadrainn beirt. Seans gur fearr a chlúdaíonn an téarma ‘aclaíocht’ an rud a dhéanann ise is mise le chéile, go príobháideach, tá a fhios agat, chuile lá den tseachtain agus seisiún bríomhar fisiciúil á chur isteach againn. Beart a deirimse leat a ardaíonn ráta buailte mo chroíse agus a laghdaíonn an brú fola go míorúilteach san am céanna.

Samhlaigh a leithéid!

‘How do it know?’ mar a d’fhiafródh an garuncail Patsy.

N’fheadar, ach nílim ag cnáimhseáil faoi, ná baol air. ‘Heart rate zone 3.2’, ar sise, agus sinne ag tosú amach ar an mbóthar seo le chéile. Nach í féin a bhíonn um ghríosú chun báire eile le briathra meala agus béal bán. Anois táimid ag treabhadh linn!

‘Heart Rate Zone 3.7’ Táim ag cur allais anois agus iarrachtín bheag den ghiorra anála orm ach níl neart agam air a thuilleadh ach géilleadh dó agus dul leis ar nós cuma liom. Tugaim welly breise dó agus anois táimid ag sucáil díosail, beag beann ar gach aon diabhal rud eile seachas sinn féin. Is cuma sa frig anois faoi shuíomh, ná saol, ná Brexit, ná, samhlaigh a leithéid, an leaingear sin Trump!

‘Heart Rate Zone 4.2!’ Tá rudaí ag dul ó smacht anois. Éirím beagáinín neirbhíseach agus gearraim siar iarrachtín ar mo theaspach. De réir a chéile fuaraíonn paisean, dúthracht agus díograis mo leathbhádóir leathair, agus í ar an ráta céanna liom féin, geall leis. 

‘Heart Rate Zone 3.6’. Ar ball beag ‘3.3’. Ansin arís, deir sí, ‘3.1’.

Ciúnas. Táimid tagtha chugainn féin arís. Spíonta amach. Béiteáilte. Níl le déanamh anois agam ach léimt isteach sa chith agus tabhairt faoin lá, athnuaite, le dea-chroí mór lúcháireach groí.

Agus, ar nós an madra cainteach sin Axa sa bhfógra teilifíse a d’ith eochracha an ghluaisteáin, ‘déanfad an rud ceannann céanna arís amárach’. Le caoinchead dhea-mhéin mo gharuncail Patsy, ar ndóigh, agus míorúilt na teicneolaíochta a thug leithéid an Garmin Forerunner 235 gan cháim ná comparáid dom.

Maidir le mo pháirtí, tá mo mhídhílseacht leanúnach le Bean Uí Gharmin maite aici dom, ar an ábhar nach gearánta di an Píosa Beag ar an Leataobh má choimeádann sí beo mé achar beag eile di féin, an Píosa Mór i lár baill.

Bullaí girsí, mo pháirtí, a deirim le díograis. Nach tú a thuigeann údar ceart m’Affaire de Coeur.

Ó Thuaidh go deo linne an lánúin phósta agus croí maith mór Gaelach ár dtiomáint.

Is cad é sin don té sin nach n-oireann sin dó!  

Fág freagra ar 'Ní raibh aon dul as agam ach a admháil lem’ pháirtí go raibh caidreamh lasmuigh den phósadh ar siúl agam…'