Ní raibh ann ach an t-aon Evonne Goolagong amháin…

Dá mba vótáil a shocródh cé as a d’ainmneofaí an chúirt sa National Tennis Centre i Melbourne, thabharfadh ár gcolúnaí Uimhir 1 do Evonne Goolagong

Ní raibh ann ach an t-aon Evonne Goolagong amháin…

Níl a fhios agam cén aird a bhí agaibh ar an ealaín a bhí ar bun ag tarraingt ar dheireadh Chraobhacha Oscailte na hAstráile i Melbourne an tseachtain seo caite, ach fiú agus gur bhreathnaigh 100 milliún duine ar an Superbowl ar an teilifís chinntigh John McEnroe, Martina Navratilova agus Margaret Court nach raibh cluiche na leadóige i bhfad chun deiridh ar na scáileáin ná ar na leathanaigh spóirt.

Tá sé bunáite deich mbliana fichead ó d’éirigh McEnroe as an imirt, beagán faoi bhun a leath ó rinne Martina Navratilova amhlaidh agus bhuaigh Court, atá 77 bliain d’aois an ceann deireanach de na 24 Mórchraobh a thug sí léi i 1973.

Céard mar sin is cúis leis an gclampar atá tarraingthe ag na seanfhondúirí ?

Is in ómós do Margaret Court atá an chúirt ar a n-imrítear babhta ceannais craoibhe ban a tíre dúchais sa National Tennis Centre i Melbourne ainmnithe – tá an ceann ar a mbíonn cluiche ceannais na bhfear ainmnithe i gcuimhne ar Rod Laver, an té ab fhearr ar domhan idir 1960 agus 1970.

Mar Chaitliceach a tógadh Court ach, agus í ag drannadh le deireadh a saol imeartha, chuaigh sí isteach san Eaglais Chincíseach agus oirníodh ina ministir í i 1991. Áirítear beagnach 280 milliún duine a bheith san eaglais sin ar fud an domhain. Níl aon údarás lárnach ina gceannas mar go bhfuil suas le 700 creideamh éagsúil ina measc ach is í an bhéim láidir a chuirtear ar do shaol a chaitheamh mar atá leagtha síos sa mBíobla an snáithe a cheanglaíonn iad ar fad le chéile.

Ina cuid ministreachta tá cáineadh déanta go minic ag Margaret Court ar an homaighnéasacht agus ar an bpósadh comhghnéis, ní hamháin óna haltóir féin in Perth ach ar chláracha reiligiúnda teilifíse a chuireann sí féin i láthair. Cúpla bliain ó shin d’fhógair sí baghcat ar an aerlíne Quantas siocair gur thacaigh siad leis an bpósadh idir beirt fhear nó beirt bhan.

Go fiú roimhe sin bhí cáineadh déanta ar a seasamh ag roinnt imreoirí cáiliúla leadóige a bhí aerach iad féin – Billie Jean King agus Navratilova cuir i gcás agus in 2012 d’éiligh an eagraíocht Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Transinscneach (LGBT) go dtabharfaí ainm eile ar an Margaret Court Arena.

Bhí Príomh-Aire na linne, Malcom Turnbull, ar dhuine díobh siúd nár aontaigh leis an iarratas agus a dúirt gur in onóir Margaret Court, an t-imreoir liathróide láimhe, a bhí an áit ainmnithe.

Bhí an t-aighneas ag teacht agus ag imeacht ar an gcuma sin ar feadh blianta nó go dtáinig an tseachtain seo caite nuair a thug McEnroe agus Navratilova bratach isteach ar an gcúirt leadóige ag éileamh ainm Court a bhaint anuas agus an áit a ainmniú in ómós do Evonne Goolagong.

Iníon le lomaire caorach bundúchasach is ea Goolagong a tháinig i gcomharbacht ar Court ar an ord fiúntais domhanda i dtús na 1970idí.

Tógadh í tráth a raibh leithcheal á dhéanamh go forleathan ar a cine ach bhí sé d’ádh ar Evonne gur i mbaile beag tuaithe nach raibh ann ach cúpla céad duine a tógadh í. In áit nó i gcathair a bheadh níos mó daoine, tá seans ann gur i ngan fhios den saol a chaithfeadh sí a hóige, ach in Balleran (600 km as Sydney agus 700 km as Melbourne) bhí níos mó saoirse ag na bundúchasaigh a saol a chaitheamh mar a bhí á dhéanamh ag chuile dhuine eile agus nuair a chonaic fear as an áit í ag breathnú isteach trí pholl an chlaí a bhí timpeall ar an gcúirt leadóige, cuireadh tús leis an aistear a thuill clú agus cáil di.

Ní raibh Goolagong ach naoi mbliana déag d’aois nuair a bhuaigh sí Craobh Oscailte na Fraince agus Craobh Wimbledon in imeacht trí seachtaine i 1971 – sa dara cluiche ba ar Court a bhuaigh sí sa mbabhta ceannais.

Ní raibh fear óg ar dhroim na cruinne nach raibh craiceáilte ina diaidh – gan inti ach

girseach bheag (5’ 6” nó 167cm) i gcomparáid le formhór na n-imreoirí ban eile agus mealltacht faoi leith ag baint lena cúlra, lena cumas, lena slacht agus dá ndéarfainn é, lena hainm.

Bhí daoine ar comhainm leis na seaimpíní ban a chuaigh roimpi le fáil fiú i leabhar teileafóin na hÉireann – Smith, King, Jones, Wade agus corrCourt fiú. Maidir leis na fir bhí Connors, Ashe agus Roche chomh fairsing le sprémhóin.

Ach ní raibh ann ach an t-aon Evonne Goolagong amháin agus ba chuid ise d’aistear soineanta óige a comhaoiseanna.

Is iomaí sin athrú tagtha ar an uile spóirt ó shin – cuid chun a leasa, cuid eile nach ea. £1,800 a fuair Evonne as Wimbledon a bhuachan don chéad uair i 1971. Fuair Astrálach eile, John Newcombe, a dhá oiread as ceann na bhfear a thabhairt leis lá arna mhárach. Sin rud nach dtarlaíonn níos mó.

Is beag den dea-scéala a bhaineann le rath imreoirí leadóige na tíre sin ó shin faraor. Níor bhuaigh aon bhean Astrálach craobh a tíre féin ó rinne Chris O’Neill sin i 1974, bliain tar éis do Goolagong agus i gcás na bhfear níor tharla sé ó rinne Mark Edmondson an gaisce dhá bhliain dár gcionn.

Chomh duairc céanna atá scéala Wimbledon – bhí an t-ainm Cawley curtha mar aguisín le hainm Evonne Goolagong agus í pósta nuair a bhuaigh sí i 1980. Ise an tAstrálach deireanach a bhuaigh Craobh na mBan. Thug Clayton Hewitt Craobh na bhFear leis in 2002.

Más vótáil a shocróidh an scéal, tabharfaidh mise ar chuma ar bith Uimhir 1 do Goolagong.

Fág freagra ar 'Ní raibh ann ach an t-aon Evonne Goolagong amháin…'