Ní muid féin a roghnaíonn amhrán an tsamhraidh, roghnaíonn sé muid

Ní bhíonn aon neart agat air, bíonn siad ar an raidió chuile lá agus déanann siad nead i do chluas – amhráin an tsamhraidh 

Ní muid féin a roghnaíonn amhrán an tsamhraidh, roghnaíonn sé muid

Tá sé in am amhrán an tsamhraidh a roghnú arís. Chuala mé duine ar an raidió an lá cheana ag moladh do dhaoine amhrán a phiocadh amach don samhradh chun téama a thabhairt do shamhradh na bliana seo.

Is deas an smaoineamh é, ach níl a fhios agam an féidir leat amhrán a phiocadh don samhradh agus é a bhaisteadh mar ‘théama’ an tséasúir.

Sílim gurb é an t-amhrán féin a phiocann thú.

Dá mbeadh aon bhaint agamsa leis an scéal ní phiocfainn Boom Boom Boom Let Me Hear You Say Wayo leis na Outhere Brothers, ná Gangam Style le Psy ná Good 4 u le Olivia Rodrigo. Ach níl aon neart agamsa air, bhí siad ar an raidió chuile lá agus rinne siad nead i mo chluas.

Céard a chaithfidh a bheith ag amhrán le go mbeidh sé ina hit don samhradh?

Ní gá gur amhrán é a thaitneodh leat nó a phiocfá féin. Ach caithfidh sé a bheith gliondrach nó pléascach, caithfidh na mothúcháin a bhaineann leis an amhrán thú a bhualadh san éadan.

Níl aon áit don amhrán casta ar sceideal an tsamhraidh. Tá muid ar saoire, tá na scoileanna dúnta, tá na laethanta fada agus tá muid ag iarraidh spraoi a bhaint as an saol.

Caithfidh an ceol tacú leis an meon sin, fiú más popcheol díoltais é mar a bhí ag Rodrigo anuraidh. Ar a laghad bhí fonn ag dul leis a ghreamódh i do chloigeann is a chuirfeadh na cosa ag damhsa.

Amhráin ghliondracha, spraíúla, éadroma iad na hamhráin is fearr i rith an tsamhraidh. Amhrán a theastaíonn a n-éistfeá leis agus tú ag tiomáint síos an bóthar is na fuinneoga ar oscailt lá gréine agus tú ar do bhealach go dtí an trá.

Amhrán simplí is fearr, le go mbeidh na liricí nó an curfá agat théis é a chloisteáil uair nó dhó.

Ní hé an t-amhrán féin a dhéanann amhrán an tsamhraidh, is iad na cuimhní a spreagtar nuair a chloiseann tú an t-amhrán arís a dhéanann é. An turas ar a dtugtar thú i bhfad i ndiaidh don samhradh sin a bheith thart a chinntíonn áit an amhráin i do chuimhne.

Tá amhrán in ann thú a thabhairt siar ar ais go dtí pé samhradh a bhí ann agus cuimhneoidh tú cá raibh tú agus cé a bhí leat.

Sin é an fáth go dtaitneoidh an t-amhrán Shotgun le George Ezra liom, (amhrán an tsamhraidh 2018) go deo, mar go gcuimhním ar thurais go dtí an trá agus an Babaí á chasadh in ard a chinn ar chúl an chairr. Do mo bhodhrú a bhí sé, leis an fhírinne a rá.

Uptown Funk le Mark Ronson in 2014 is an damhsa casta a chum an Bheainín le dul in éineacht leis. Is féidir filleadh ar na laethanta sin anois is arís nuair a chloisim na hamhráin.

Níl a fhios agam cén t-amhrán a bheidh ann an samhradh seo. Tá seans maith gur About Damn Time le Lizzo a bheidh ann, nó As It Was le Harry Styles. Is dóigh gur amhrán nua a bheidh ann, b’fhéidir nach bhfuil sé cloiste fós agam.

Ní muid féin a roghnaíonn amhrán an tsamhraidh, roghnaíonn sé muid. Ní fiú a bheith á throid.

Fág freagra ar 'Ní muid féin a roghnaíonn amhrán an tsamhraidh, roghnaíonn sé muid'

  • Mise Áine

    Hmmmm..amhrán eile i nGaeilge le scríobh, ceapaim…🎵🎻🎹🎶 📝✍️🎤😀