Ní míchothrom go dtí na cluichí ceannais seo

Má bhí an tarraingt do Chorn an Domhain sa Rugbaí míchothrom, seans nach tada é i gcomparáid leis na coimhlintí a bheidh againn sna babhtaí leathcheannais

 Ní míchothrom go dtí na cluichí ceannais seo

San oíche Dé Sathairn seo caite, nuair a chuir feadóg Wayne Barnes deireadh leis an dara cluiche ceathrú ceannais sa deichiú babhta de Chorn Rugbaí an Domhain, chuir sé deireadh freisin le brionglóid agus uaillmhian na hÉireann na babhtaí leathcheannais den chomórtas a bhaint amach don chéad uair ariamh.

B’in deireadh freisin leis an gcamchuairt rugbaí is mó a raibh lucht tacaíochta rugbaí na hÉireann páirteach inti ariamh. Ó Bhordeaux go Naoned agus go Páras faoi thrí, bhí na mílte de na héadain chéanna le feiceáil agus na glórtha céanna le cloisteáil, Gaeilge á labhairt ag cuid acu, i dtithe ósta, i mbialanna agus ar shráideanna na Fraince, iad ag casadh na n-amhrán céanna in éindí ag gríosú ár gcuid imreoirí.

Faraor, bhí plean eile ag na hAll Blacks agus in ainneoin tréan-iarracht chróga phainéal na hÉireann, bhí bearna ceithre phointe i bhfabhar na Nua-Shéalainne ann ar deireadh. Ní minic a bhí náisiún chomh croíbhriste agus a bhí Éire oíche an tSathairn seo caite, sin nó gur tharla an rud céanna do na Francaigh agus iadsan i gcoinne na hAfraice Theas oíche Dé Domhnaigh.

Quel désastre! Tubaiste! Ní dúinne agus do na Francaigh amháin, ach don chomórtas freisin mar gurb í foireann Shasana an t-aon fhoireann ón limistéar seo a bhain na babhtaí leathcheannais amach. Léiriú eile ar cé chomh míchothrom agus a bhí an tarraingt don chomórtas, tarraingt a rinneadh ceithre bliana ó shin.

Ach sin stair an chomórtais. Ní dóigh go dtarlóidh sin arís ach idir an dá linn, tá dhá chluiche leathcheannais le himirt an deireadh seachtaine seo.

Anocht cuirfidh na hAll Blacks chun páirce i gcoinne na hAirgintíne agus amárach tabharfaidh an Afraic Theas, curaidh an chomórtais, faoi na Sasanaigh agus má bhí an tarraingt don chomórtas míchothrom, seans nach tada é i gcomparáid leis na coimhlintí seo. Is deacair bealach chun craobhchluiche na seachtaine seo chugainn a shamhlú don Airgintín ná do Shasana. Go deimhin, is ábhar iontais a bheas ann mura bhfeicfear greadadh sa dá chluiche seo.

Mar a dúirt mé, tá deireadh tubaisteach ag teacht leis an gcomórtas seo. Tá na mílte ticéad ar fáil don dá chluiche seo, léiriú ar an easpa suime atá iontu. Beidh lucht bainistíochta an chomórtais ag súil go bhfillfidh an lucht féachana don chluiche ceannais.

Mar sin féin, má tá dúil fós agat i rugbaí, is fiú a mheabhrú go bhfuil tús á chur le URC na bliana seo.

Beidh na hUltaigh as baile san Iodáil amárach i gcoinne Zebre. Cuirfidh Connachta fáilte chuig an mBóthar Beag roimh na hOspreys agus i Luimneach imreoidh na Muimhnigh in aghaidh na Sharks ón Afraic Theas. Dé Domhnach, beidh Cúige Laighean i nGlaschú le himirt i gcoinne fhoireann an bhaile sin. Cé gur deacair torthaí a thuar roimh an cluiche amháin féin a bheith imeartha i gcomórtas na bliana seo, tá mise ag súil go mbeidh bua ag ár gcuid cúigí ar fad sa gceithre chluiche sin.

Fág freagra ar ' Ní míchothrom go dtí na cluichí ceannais seo'