Ní maith liom foireann sacair SAM, ach beidh mé ag tacú le Megan Rapinoe anocht

Is fiú ceiliúradh a dhéanamh ar Megan Rapinoe bródúil cróga, sárimreoir dosháraithe Mheiriceá

Ní maith liom foireann sacair SAM, ach beidh mé ag tacú le Megan Rapinoe anocht

Chloisfeá ‘Bellisituppum’ mar scread ón lucht leanúna agus trí nó ceithre chúl glan idir Chumann Bharra Naofa ar thaobh theas na cathrach agus Raonaithe an Ghleanna ón taobh thuaidh i gCraobh Shinsir Iomána Chorcaí ‘sa Pháirc’ fadó. 

‘Bellows-it-up-them’, ar ndóigh, a bhí ann. ’Sé sin, cománaigí oraibh go mí-thrócaireach leads agus cuirigí trí nó ceithre chúl eile sa bhreis leo siúd arís ionas nach féidir le ‘De Glen’ nó ‘De Barrs’, pé dream acu a bheadh thíos, a gceann a thógaint arís ná choíche. Mórtas treibhe agus gangaid pharóisteach araon a spreag an drochscread díoltasach – ‘Bellisituppum!’

Ár mbuíochas le Seán Beecher agus an foclóir iontach dá chuid, A Dictionary of Cork Slang don téarma álainn sin agus a lán eile dá leithéid. Tá nathanna sráide Chathair Chorcaí breac le bligeardaíocht dhiabhlaí den uile dhath agus déanamh. Ach sin obair lae eile dom.

Cúrsaí sacair, a chairde ban is fear. Sacar na mBan.

Thosaíos amach agus an ghoimh dhearg agam d’fhoireann Stáit Aontaithe Mheiriceá ag Corn an Domhain na mBan coicís ó shin.

Ar éigean má chaill mé ‘as an imirt’ nó cinneadh VAR ó shin, ach an chaoi inar cheiliúir lúthchleasaithe SAM, gan náire, Gach Aon Ceann den dtrí chúl déag a shádar isteach i gcoinne na Téalainne ab údar lem’ dhíomá leo.

Teip ó thaobh an dea-iompair spórtúil a bhí ann, gan dabht, ach níos measa fós, bhain easpa grástúlachta leis. Ghoill sé orm go ndearnadar ‘bellisituppum’ ar fhoireann a dteastódh scór bliain eile forbartha uathu le go mbeidís in ann dúshlán d’aon tsaghas a thabhairt do shárpheileadóirí na foirne ban is fearr ar domhan – banlaochra caide SAM.

Ní háil liom cleachtas ‘high-fiveála’ na Yanks. Nós eile nach luíonn le cultúr an chluiche. Ní thig liom Messi a shamhlú i mbun high-fiveála, nó Puskas, nó Cruyff, nó Georgie s’againne nó Giles nó Law nó éinne eile de mhóruaisle na mbróg is na caide.

Rith sé liom oíche chluiche na Téalainne go mba pheil den chineál ‘Shock and Awe’ a bhí á himirt ag mná Mheiriceá. Ní féidir liom macallaí an Trumpachais nó na heite deise ailtéarnaí a ruaigeadh as mo cheann nuair is Meiriceánaigh atá i mbun ‘bellisituppum’ a imirt ar fhoireann bheag ón Áise.

Níorbh shin an chéad uair acu a leithéid ach oiread, mar a dúirt beansaoi Saigon fadó. 

Ansin, gan choinne, ó thaobh deas na faiche, mar a déarfá – bíodh is gur ar an gcliathán clé a imríonn sí –  chuir Megan Rapinoe í ƒéin in iúl. 

Don Giron, mo chliabháin, a chéad chuir peil na mban ar mo shúilibh dom san Astráil i mbliain ár dTiarna 2013. Leanamar beirt foireann ban, Western Sydney Wanderers, an séasúr sin agus is breá liom cluiche na mban san Astráil ó shin.

Admhaím go rabhas dall ar Mhegan Rapinoe agus a hoidhreacht go dtí lár na seachtaine seo caite.

Bean a dhiúltaigh an ‘Star Spangled Banner’ a chanadh. Bean a fhágann an lámh dheas fána taobh in ionad í bheith fillte ar a croí agus Amhrán Náisiúnta na Stát Aontaithe á bhualadh ag tús gach cluiche. Bean a chuaigh ar a leathghlúin lena dlúthpháirtíocht le Colin Kaepernick a chur in iúl in 2016. Beart a tharraing fearg phoiblí an té atá in ainm is a bheith ina Uachtarán ar Mheiriceá faoi láthair.

(Dia idir sinn agus An Drochrud Drochghruaigeach.)

Bean a dúirt ‘I’m not going to (visit) the fucking White House’ in agallamh an tseachtain seo caite. 

Bean a fágadh ar an taobhlíne i gcoinne Shasana sa chluiche leathcheannais Dé Máirt seo caite cé gurbh í a fuair gach ceann de na cheithre chúl deireanach a fuair a foireann roimhe sin.

Ní chreidim, dála an scéil, nach raibh sí aclaí. Ní chreidim nach scáil dhubh na ceartaiseachta polaitiúil ba chúis leis an gcinneadh náireach ‘sos’ a thabhairt di. Ní chreidim, ach an oiread, nach raibh ‘ceacht’ de shaghas éigin á múineadh di.

Ach anois táim gafa idir dhá thine Bhealtaine.

Teastaíonn uaim go n-ísleofaí bratach speanglach fhoireann SAM sa chluiche ceannais tráthnóna. Ach, ar an dtaobh eile den scéal nach mé a bheadh sásta dá bhfeicfimis tríchleas anocht ó  Megan Rapinoe bródúil cróga, Megan Rapinoe prionsabálta daonna, Megan Rapinoe sárimreoir dosháraithe Mheiriceá. Nach mé a bheadh sásta dá mba í Megan Rapinoe a d’aimseodh na cúil inniu a d’ísleodh @POTUS an Bhoidín Bhig chun na lice sin is ísle in ifreann a luaigh Donald Tusk le déanaí agus é ag trácht ar bhaotháin an Bhreatimeachta.

Mar a dúirt duine éigin den Twitterati le linn na seachtaine, ‘má scórálann Rapinoe cúl eile, is má chromann sí isteach ina stoca chun an sceitse is bunúsaí de Phlean Cúram Sláinte a tharraingt aníos as, is Drop Dead Cert í d’ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh do Uachtaránacht’.

Ó thuaidh, más ea, le foireann na (??) inniu. Go múintear ceacht an uabhair d’imreoirí uaibhreacha Mheiriceá.

Sin ráite, ó thuaidh go deo le Megan Rapinoe agus a huaisleacht anama.

‘Bellisituppum’, mar a dúirt an fear, an bhean, agus an t-idireatarthaí cróga fadó, agus bígí cinnte, bhíodar ann go tiubh fadó gan aon agó.

Agus ‘BellisituppHIM @POTUS an Bhoidín Bhig, a bhean na stocaí bána,’ a déarfadh mo chara Seán Beecher, Gael agus sóisialaí atá i gcré na cille i Reilg Chnocán na mBan istigh ar Oileán Árann, leantóir díograiseach de chuid Chumann Bharra Naofa ar thaobh theas na cathrach, brat Chorcaí ar foluain de shíor os cionn na lice ar a bhfuil greanta an dán beag álainn seo a leanas –

Seán Beecher
Corcaíoch   

Fág freagra ar 'Ní maith liom foireann sacair SAM, ach beidh mé ag tacú le Megan Rapinoe anocht'