Ní léir go bhfuilimid toilteanach dáiríre aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide

Admhaítear an riachtanas ar chaon taobh, ach ní léir fós bun-athrú ar thuiscint an phobail ar an riachtanas atá ag teannadh linn

Ní léir go bhfuilimid toilteanach dáiríre aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide

Dúirt iarchomhairleoir rialtais leis an scríbhneoir seo cúpla bliain ó shin go raibh sásamh as cuimse á bhaint as gach lá oibre aige ó fuair sé post nua i gcomhlacht ardteicneolaíochta.

Bhí aiféala air nach raibh sé páirteach níos mó i leagan amach polasaithe agus ráitis rialtais ach thug an fostóir nua deis dó nár thug obair rialtais dó riamh.

“Is ionann an gearrthéarma polaitiúil de ghnáth agus an tréimhse idir inniu agus nuachtáin an Domhnaigh,” a dúirt sé. “De ghnáth is ionann an meántéarma agus an tréimhse go dtí an chéad bhuiséad eile. Nuair a bhíonn cúrsaí fadtéarmacha á gcíoradh anois agam, is tréimhse 5-10 mbliana a bhíonn i gceist. Níl sa bhfadtéarma polaitiúil, ar a mhéid, ach an tréimhse idir seo agus an chéad olltoghchán eile.”

Níor shéan mo dhuine go smaoiníonn polaiteoirí uaireanta ar fhadhbanna nach féidir a réiteach i dtréimhse Dála. Ba léir dó áfach, mar is léir do dhuine ar bith a choinníonn súil ghéar ar mhórpholasaithe rialtais agus a gcur i bhfeidhm, go dtagann dhá bhunriachtanas polaitiúil eatarthu.

Is mian le gach rialtas agus le móramh dá lucht leanúna sa Dáil go n-atoghfaí iad. Ní bhíonn fonn orthu de ghnáth mar sin polasaí a chur i bhfeidhm a chinnteodh dul as oifig tar éis olltoghcháin. Bíonn atoghadh mar bhun-aidhm freisin ag príomhpháirtithe an fhreasúra agus drogall dá réir orthu tacú le polasaí a chuirfeadh olc ar vótálaithe roimh thoghchán.

Níl léargas nua sna briathra thuas ar ndóigh ar laigí an daonlathais. Tugadh rabhadh soiléir áfach faoin dainséar a chothaíonn leis na laigí sa tuairisc a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Dé hAoine. I mbeagán focal,  is é a léirigh an tuairisc:

 

  • Nach mbainfear amach an laghdú 51 faoin gcéad ar ár n-astaíocht charbóin faoi 2030 atá mar sprioc reachtúil ag an rialtas.
  • Nach mbainfear amach ach oiread an laghdú 42 faoin gcéad ar astaíocht atá mar sprioc éigeantach ag an Aontas Eorpach.
  • Nach mbainfear amach ach laghdú 29 faoin gcéad de réir na straitéise atá i bhfeidhm.
  • Nach mbeidh aon dul as againn i gceann seacht mbliana, mura n-athraíonn lagchomhlíonadh Phlean Aeráide an rialtais, ach liúntais astaíochta a cheannach ó bhallstáit eile an AE.
  • Nach bhfuil ag éirí leis an stát an nasc idir fás eacnamaíochta agus astaíocht a bhriseadh.

Dáiríre, ní dúshlán don rialtas amháin a thug an Ghníomhaireacht ach dúshlán do chách, agus príomhpháirtí an fhreasúra san áireamh.

Dúirt urlabhraí Shinn Féin ar athrú aeráide Darren O’Rourke Dé hAoine gur thaispeáin an tuairisc go raibh athrú práinneach de dhíth ar fheidhmiú an pholasaí reatha. Sin ráite, sheachain sé arís tagairt do na roghanna crua atá riachtanach.

Léirigh an cur is cúiteamh faoi athchóiriú talún le cúpla lá anuas cuid mhór den easaontas polaitiúil agus den lag-chur i bhfeidhm a bhaineann le polasaithe aeráide i gcoitinne.

Admhaítear an riachtanas ar chaon taobh, ach ní léir fós bun-athrú ar thuiscint an phobail ar an riachtanas atá ag teannadh linn.

Níl an Comhaontas Glas gan locht ó thaobh feidhmiú praiticiúil a bpolasaithe de, ach ní féidir séanadh na firinne faoi athrú aeráide a chur ina leith. Breathnaíonn na páirtithe eile de ghnáth ar chúrsaí aeráide mar ábhar tábhachtach a gcaithfear aghaidh a thabhairt air de réir a chéile agus comhréiteach á dhéanamh i gcónaí idir costas an riachtanais agus an costas polaitiúil.

Seachnaíonn meon an mhóraimh i nDáil Éireann mar sin dhá bhunghné de gach athrú aeráide: ní thugann sé aon aird ar chúrsaí polaitíochta agus níl an aeráid ábalta ná toilteanach teacht ar chomhréiteach le duine ar bith.

Ní go minic a dhéanann ceannairí polaitiúla cur síos macánta ar a gceird, ach rinne Jean-Claude Juncker cur síos oscailte in 2007 ar an bhfáth nach raibh ceannairí an Aontais Eorpaigh toilteanach déileáil go héifeachtach leis an ngéarchéim airgeadais a bhí ag teannadh leo:

“Tá a fhios againn céard ba chóir dúinn a dhéanamh, ach ní heol dúinn conas a bheith atofa tar éis a dhéanta,” a dúirt Juncker le linn dó a bheith ina uachtarán ar choimisiún an AE.

Thóg sé breis agus deich mbliana ina dhiaidh sin ar cheannairí an AE teacht ar aon tuairim faoin gcur chuige a bhí riachtanach (seachas déine agus síorchiorrú ar chaiteachas rialtais) chun teacht as an ngéarchéim.

Tugadh foláireamh eile Dé hAoine dár bpolaiteoirí agus dúinn uilig go bhfuil athrú gan mhoill ar ár nósanna de dhíth. Déanta na fírinne, tá formhór na bpolaiteoirí agus an phobail ar aon tuairim: admhaímid go bhfuil athrú mór riachtanach gan mhoill, ach b’fhearr linn moill a chur ar gach mór-athrú riachtanach.

Beidh ceannaireacht chróga de dhíth sula n-athrófar meon dá leithéid a chuireann cáil na tíre agus todhchaí an phláinéid araon i mbaol.

Fág freagra ar 'Ní léir go bhfuilimid toilteanach dáiríre aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide'

  • Eoghan Ó Néill

    Ceart iomlán agat Cathal. Beidh orainn uilig gearradh siar ar an mhéid tiomána a dheineann muid agus bheith coigilteach ar úsáid leicteachais, laghdú ar an tréid náisiúnta ealaigh agus méadú mór ar phlantáil crann. Mura réitítear an fhaidhb aeráide beidh daoine bochta ó thíortha scriosta ag teacht ina sluaite aníos chun na tíre seo. Caithfimid díriú níos mó ar an fhad-téarma agus na gar-pháistí a thiocfaidh inár ndiaidh.

  • jpmorley0@gmail.com

    Maidir leis an aeráid agus comhlachtaí ollmhóra idirnáisiúnta, cuirtear déanamh an airgid chun tosaigh ar gach cúinse aeráide i gcónaí, cuma cén dochar is díobháil a dhéantar. IKEA, Starbucks & McDonalds (i measc 10 gcomhlacht eile) sáite siar síos i nglanadh, i ndó & in oll-léirscrios laethúil an Amazon. Dá mbeadh a fhios sin ag daoine an ndéanfaidís Boycot orthu, meas tú? Gan an caifé sin a ól, gan an burger sin a ithe agus tú buailte fút ar chathaoir de chuid IKEA? Gan an carr a bheith páirceálta i ngar is i ngaobhar duit? Mar mhaithe leis an aeráid, a dhalta? Má cheapann tú go ndéanfadh tá trua agam dod cheann cipín.