Ní léir go bhfuil suim ag an bpobal i bhfeachtas díoltais Trump ach tá seisean diongbháilte leanúint leis

Beag beann ar cén tubaiste a tharlaíonn sna Stáit Aontaithe is ag tochas ar a cheirtlín féin agus sa tóir ar dhíoltas pearsanta a bheidh Donald J Trump

Ní léir go bhfuil suim ag an bpobal i bhfeachtas díoltais Trump ach tá seisean diongbháilte leanúint leis

Tá sé deich mbliana ó chuir Donald Trump é féin i láthair an domhain agus é ag maíomh go gcuirfeadh sé an saol sna Stáit Aontaithe ina cheart arís. Chuaigh tionchar a ghluaiseachta MAGA i bhfeidhm ar an bpobal agus toghadh mar uachtarán é i mí na Samhna 2016. Ní raibh deireadh maith ag an gcéad téarma sa Teach Bán agus níor toghadh in athuair é.

Níor chreid agus ní chreideann sé go raibh an toghchán sin cóir agus tá sé riamh ó shin ag maíomh gur trí chalaois agus caimiléireacht a bhuaigh na Daonlathaigh agus Joe Biden an toghchán. Nuair nach bhfuair sé aon aird faoina dhearcadh bheartaigh sé tabhairt faoi fheachtas díoltais a chruthódh gur deineadh éagóir agus faillí air. Tá bac curtha leis an bhfeachtas sin an tseachtain seo ag breithiúnais chúirte a chaith amach péire de na cásanna a thug sé lena dhearbhú gurbh é a bhuaigh an toghchán i Samhain 2020.

Tá cásanna cúirte tugtha ag Trump in aghaidh 470 duine, eagraíocht agus institiúid mar chuid dá fheachtas le díoltas a bhaint a amach agus pionós a ghearradh ar dhaoine a chuir ina aghaidh. Ní áiríonn sin an méid daoine ón iasacht a bhfuil cásanna tugtha ina n-aghaidh ná na daoine ar fad a briseadh as a gcuid post mar chuid den athstruchtúrú ar eagraíochtaí Stáit nó Feidearálacha i Meiriceá.

An tseachtain seo caite theip ar na cásanna a thug sé in aghaidh iarstiúrthóir an FBI, James Comey agus aturnae an Stáit i Nua-Eabhrac, Letitia James, a thug cás caimiléireachta in aghaidh ghnólachtaí Donald Trump. Tráthúil go leor, ní de bharr argóintí dlí ná mórphrionsabail fealsúnachta a theip ar na cásanna ach de bharr nach raibh an dlíodóir a bhí ag troid an cháis oilte lena dhéanamh – dlíodóir árachais is ea í agus níor éirigh léi an fhianaise chuí do na cásanna coiriúla a chur i dtoll a chéile.

Fágann sin, ar ndóigh go bhfuil deis eile ag Trump na cásanna seo a thógáil. Agus tá sé i gceist aige é sin a dhéanamh. Dúirt urlabhraí ón Teach Bán nach bhfuil fíricí na gcásanna in aghaidh Comey agus James athraithe agus go leanfar leo. Tá cúbláil bainc curtha i leith Letitia James chomh maith le cúiseanna a bhaineann le ráitis bhréige a dhéanamh faoi bhainc. Tá ráitis bhréige curtha i leith James Comey freisin chomh maith bac a chur ar fhiosrúchán i dtithe na comhdhála. Bhris Trump Comey as a phost in 2017 nuair a bhí sé i mbun fiosraithe faoin ról a bhí ag an Rúis sa toghchán in 2016.

Is gearr uainn tús oifigiúil an fheachtais do na toghcháin lár téarma faoi Shamhain seo chugainn – ní raibh tacaíocht an Uachtaráin chomh híseal riamh agus tá go leor den phobal sna Stát Aontaithe trína chéile faoi chúrsaí imirce agus an costas maireachtála. An bhfuil suim acu i bhfeachtas díoltais Trump? Ní léir bhfuil, ach tá Trump diongbháilte leanúint leis na cásanna cúirte agus súil aige go mbeidh an pobal ag díriú orthu sin seachas ar na deacrachtaí atá sa tír agus bua na nDaonlathach i sraith toghchán le gairid. Beag beann ar cén tubaiste a tharlaíonn sna Stát Aontaithe is ag tochas ar a cheirtlín féin agus sa tóir ar dhíoltas pearsanta dó féin a bheidh Donald J Trump.

Fág freagra ar 'Ní léir go bhfuil suim ag an bpobal i bhfeachtas díoltais Trump ach tá seisean diongbháilte leanúint leis'