‘Ní íomhánna iad seo dár bpobal’ – freagra tugtha ag scoláirí as an gCeathrú Rua ar chonspóid faoi chlár Noel Hill

Tá a ndearcadh féin nochta ag rang ardteiste i Scoil Chuimsitheach na Ceathrún Rua faoin díospóireacht a spreag an clár de chuid TG4 Noel Hill – Aisling Ghéar

‘Ní íomhánna iad seo dár bpobal’ – freagra tugtha ag scoláirí as an gCeathrú Rua ar chonspóid faoi chlár Noel Hill

Tá a dtuairim féin faoin gconspóid a bhain leis an gclár faisnéise faoin gceoltóir Noel Hill tugtha ag daltaí i Scoil Chuimistheach Chiaráin na Ceathrún Rua.

Tá freagra seolta ag an rang ardteiste agus a múinteoir Gaeilge, Máirín Ní Dhomhnaill, chuig eagarthóir an Sunday Independent ar alt leis an gcolúnaí iomráiteach Eoghan Harris inar thrácht sé ar an gclár faisnéise a craoladh le déanaí ar TG4.

Ina cholún an tseachtain seo caite, thug Harris ardmholadh do Noel Hill – Aisling Ghéar agus dúirt gurb é “an clár faisnéise is fearr a rinneadh le caoga bliain”.

Phléigh an clár, a craoladh an mhí seo caite ar TG4, leis an drochionsaí a rinneadh ar an gceoltóir a d’fhág gortaithe go dona é ina chorp agus ina intinn.

Sa ráiteas atá déanta ag an rang Ardteiste as an gCeathrú Rua, mar a bhfuil Noel Hill féin ina chónaí, deir siad go bhfuil sé “as bealach ag fear, fear eile a ionsaí” ach go bhfuil an colúnaí agus an ceoltóir cáiliúil “as bealach” chomh maith mar, dar leis na scoláirí, gur maslaíodh “pobal Chonamara trí chéile” mar gheall ar “eachtra amháin” a bhain “le duine amháin ag am amháin”.

Dúirt Eoghan Harris ina alt, inar thagair sé do léirmheas ar an gclár a foilsíodh ar an suíomh seo, gur saothar ealaíne den scoth a bhí in Aisling Ghéar nár chuir fiacail ann gur díbríodh Noel Hill as Conamara i ndiaidh an chás cúirte faoin ionsaí brúidiúil a rinneadh air.

Mhol an colúnaí “misneach” lucht déanta an scannáin a léirigh, dar leis, an chaoi ar féidir le muintir na tuaithe iompú ar an duine ón taobh amuigh agus ar an mbaol, dar leis, a bhaineann le ró-adhradh a dhéanamh ar an nGaeltacht mar thobar an dúchais agus mar chonair go dtí saol Gaelach íonghlan. Mhol sé leis léiritheoir agus stiúrthóir an chláir, Edel Fox agus Paddy Hayes, a dhiúltaigh, a dúirt sé, “to soften the story or retreat from the dark side of rural Ireland”.

Dúirt Harris ina alt gurb é an t-úrscéal grinn le Myles na gCopaleen An Béal Bocht a mheabhraigh dó féin ar dtús “that as well as poets and musicians, the Gaeltacht also produced gombeens, greedy farmers and builders who would use their boots on your face”.

Deir lucht Rang Ardteiste 6B scoil na Ceathrún Rua gurb amhlaidh go raibh “drochdhiabhail” déanta de “chuile dhuine eile sa bpobal” ag Noel Hill –Aisling Ghéar.

“Ní íomhánna iad seo dínne. Ní íomhánna iad seo dár bpobal,” a deir na scoláirí agus iad, a deir siad, mórtasach as a “gcine”.

Dúirt Noel Hill sa chlár go mbraitheann sé doicheall roimhe i nGaeltacht Chonamara mar gheall ar an ionsaí agus ar lean é, agus nárbh ionann an ceantar agus ‘parthas’ mar a shamhlaigh sé tráth.

Mhaígh an ceoltóir go raibh an chloch sa mhuinchille ag daoine i gConamara dó i ndiaidh an ionsaithe mar gur “duine ón taobh amuigh” é agus mar go gceaptar, dar leis, gurbh é féin ba chúis le príosún a bheith curtha ar dhuine díobh féin.

Lean roinnt conspóide craoladh an chláir agus daoine áirithe buartha faoin droch-cháil, dar leo, a tharraing sé ar Chonamara.

Chosain Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont chur chuige an chláir i ndiaidh a chraolta.

Dúirt sé go raibh glaonna “diúltacha agus dearfacha” faighte ag TG4 faoin gclár ach gur daoine as pobal Chonamara amháin a bhí diúltach.

Dúirt Esslemont gur “fírinne Noel Hill” a bhí sa chlár “agus seans láidir nach fírinne chuile dhuine a bhí i gceist”.

Fág freagra ar '‘Ní íomhánna iad seo dár bpobal’ – freagra tugtha ag scoláirí as an gCeathrú Rua ar chonspóid faoi chlár Noel Hill'

  • An Teanga Bheo

    Fág ag na h-iriseoiri is na meáin a gnó a dheanadh…. firici is firinne a chuir os comhair an phobal
    go beacht. Chuir na gasuir chuig an scoil más sea !

  • Carraig53@protonmail.com

    Mhair mise ar an gCeathrú Rua ar feadh bliana. An íomhá atá im cheann fós: Leaids óga de chuid na háite agus déagóirí as ceantar na nOlieán ag ‘fearaíocht’ agus ag spochadh as a chéile chuile dheireadh seachtaine beo lasmuigh de na tithe tábhairne. Bhí mo rothar ar teaghrán agam tráth agus nuair a bhain mé an glas de chas leaid amháim liom go raibh mé á ghoid! Is fearr rith maith ná droch-sheasamh san áit sin.