LÉIRMHEAS: Dhá chlár in aon chlár amháin a bhí i ‘Noel Hill – Aisling Ghéar’

Tá ‘Noel Hill – Aisling Ghéar’ tar éis roinnt conspóide a ghiniúint ó craoladh é, ach clár é a raibh tathag ann

LÉIRMHEAS: Dhá chlár in aon chlár amháin a bhí i ‘Noel Hill – Aisling Ghéar’

Dhá chlár in aon chlár amháin ba ea Noel Hill – Aisling Ghéar (TG4, aréir); clár atá tar éis roinnt conspóide a ghiniúint i gConamara ó craoladh é.

Faoi mar is eol do mhórán ag an bpointe seo deineadh ionsaí tromchúiseach ar an gceoltóir aitheanta Noel Hill i dteach tábhairne i gConamara in 2008. Fágadh gan aithne gan urlabhra é agus drochghortuithe air a fhágfaidh a rian air don chuid eile dá shaol. Níor tugadh an cás cúirte a lean an eachtra chun críche go dtí 2015 nuair a gearradh seacht mbliana príosúnachta ar an té a d’ionsaigh é.

Ba é an t-ionsaí sin agus an lorg a d’fhág sé ar Hill ceann den dá bhunchloch a bhí ag an gclár tathagach 75 nóiméad seo. Dúirt Hill gur athraigh an 4o soicind sin a shaol. Thrácht sé go mothúchánach ar an ngalar dubhach agus an neamhord strus iarthrámach a d’eascair as.

Thug athchruthuithe drámatúla, a bhí ábhairín méaldrámata ar uairibh, agus Noel Hill féin i gcuid acu, éachtaint ar lorg na hoíche cinniúnaí sin i mí na Nollag 2008. Níor deineadh paidir chapaill de chúlra an aighnis idir Hill agus an té a d’ionsaigh é. An é go rabhthas den tuairim go bhféachfaí ar a leithéid mar iarracht maolú éigin a dhéanamh ar an ionsaí? Rud nach féidir a dhéanamh, dar ndóigh.

Dúirt iníon Hill gur dheacair dó idirdhealú a dhéanamh anois idir an t-ionsaí agus Conamara; áit ar chuir sé fé lena chlann óg blianta ó shin.

Tharraing Hill an t-ábhar céanna chuige féin cúpla babhta. Dúirt sé go raibh an chloch sa mhuinchille ag daoine don Chláiríneach, an duine ón taobh amuigh, mar gurbh é, dar leo, ba chúis le duine díobh féin a bheith i mbraighdeanas. Thagair sé do bhagairtí a deineadh air agus dúirt gurbh éigean dó córas slándála a chur i bhfearas ina thigh. Chuir a chomhairleoir abhaile air go raibh sé ‘ag fáil bháis i gConamara’. Ba mhór idir seo agus an ‘parthas’ a mheas sé a bheith i gConamara nuair a bhog sé ann.

Más aon léiriú an raidhse téacsanna faoin gclár a seoladh chuig Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, tá muc ar gach mala ag daoine áirithe faoin droch-cháil, dar leo, a tharraing an clár agus caint Hill ar Chonamara.

I measc na dteachtaireachtaí ba láidre a bhí sa chomhfhreagras a léadh amach ar Iris Aniar, bhí an tuairim nár cheart do TG4 a leithéid de chlár a chraoladh in aon chor, toisc, is dócha, a íogaire is a bhíonn scéal dá leithéid in aon phobal. Ba bhocht an rud é, áfach, dá mbeadh a leithéid sin de mheon ag lucht déanta scannán nó ag TG4 féin, nó dá staonfaí ó scéalta a ionramháil toisc a íogaire is a bheidís.

Caithfidh mé a admháil nár taibhsíodh domsa agus mé ag féachaint ar an gclár go raibh muintir Chonamara go léir á ndamnú ag an gceoltóir, cé go dtuigim cén fáth go mbeadh an tuairim sin ag duine i bhfianaise a lárnaí is a bhí téama ‘Conamara’ sa scéal. B’fhéidir dá mbeadh cur chuige beagáinín beag níos tomhaiste ag Hill agus dá ndéarfadh sé nárbh aon léiriú an t-ionsaí, na bagairtí agus a mhíchompord faoi Chonamara ar phobal Chonamara trí chéile, go mbeadh cuid den ghoimh bainte as na gearáin.

Ach ar deireadh thiar ba é a scéal féin a bhí á insint anseo. An locht a bheadh agamsa ar an gcur chuige ná gur dhóbair go ndein téama seo ‘Conamara’ scéal an cheoil a shlogadh go hiomlán, agus nár fágadh dóthain ama don leigheas a bhí sa cheol dó i ndiaidh an ionsaithe, mar shampla.

Ceardaí consairtín é Hill a bhfuil aithne i gcian is i gcóngar ar a chumas ceoil. ‘Jimmy Hendrix an chonsairtín’ a bhaist Stephen Rea air. Chomh maith leis sin, tugadh léiriú ar a óige in iarthar an Chláir agus cé chomh tábhachtach is a bhí an ceol do mhuintir na háite, ‘lovely west Clare people who were mad for music’. Labhair sé go paiseanta faoina dhúil sa cheol agus an tuiscint atá aige go gcothaíonn sé nasc leis na glúnta a chuaigh roimhe agus bhí dreasanna deasa ceoil fite fuaite leis an gcaint ó thús deireadh.

Clár a thug éachtaint thaitneamhach áirithe ar chumhacht an cheoil agus clár a thug ábhar machnaimh dúinn.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Dhá chlár in aon chlár amháin a bhí i ‘Noel Hill – Aisling Ghéar’'

  • Carol

    ábhairín méaldrámata ?? ní dóigh liom é – léargas ionraic, gonta a bhí ann.

  • An Teanga Bheo

    Firicí is firinne sin é go beacht an clár ina fhocail fhéin