‘Ní hin é an chaoi le haghaidh do lámha a níochán, Mamaí!’

An chéad cheacht a fhoghlaimíonn an tuismitheoir nua ná go bhfuil a intinn féin ag an bpáiste ón tús

‘Ní hin é an chaoi le haghaidh do lámha a níochán, Mamaí!’

‘Ní hin é an chaoi le haghaidh do lámha a níochán, Mamaí!,’ a mhínigh an Babaí dom, go húdarásach.

Chuir an t-údarás ina ghlór beagáinín iontais orm, leis an bhfírinne a rá. Tá sé féin feicthe agam ag ní a cuid lámha agus ní fhéadfá a rá  go raibh aon saineolas aige ná aon scil ar leith aige sa chúram.

Seans gurb amhlaidh nach raibh tuiscint cheart agam ar an modheolaíocht steiriliúcháin a gcloíonn sé léi.

Beidh siad ag dul ar ais ag an scoil an tseachtain seo chugainn, is shocraigh muid go raibh sé chomh maith againn cúrsa beag athnuachana a dhéanamh maidir le níochán lámh, scoitheadh fisiciúil, deasghnátha na sraothartaí agus na rudaí eile a bheidh ag teastáil agus iad ag filleadh ar an seomra ranga.

‘Ní fheicfeá John Wolson ag níochán a lámha mar sin go brách, Mamaí,’ a dúirt sé liom nuair a thosaigh mé ar an gcéad cheacht.

‘Cé?’ a dúirt mé.

‘Níl a fhios agat cé hé John Wolson?’ a d’fhiafraigh sé díom agus iontas air. ‘Tá’s aige chuile shórt faoi hygienic!’

Sin a bhfuair mé d’eolas faoin Uasal Wolson na lámh glan. ‘Seo’d é an chaoi a níonn tú do lámha i gceart,’ a deir sé ansin agus chas sé air an t-uisce sa sconna agus thosaigh ag fliuchadh a lámha suas go rosta.

Níl a fhios agam an é go raibh sé ag breathnú ar shean-eagráin de Gray’s Anatomy, faoi gheasa ag an saineolaí glaineachta samhailteach John Wolson, nó an é go raibh sprid Louis Pasteur tar éis seilbh a ghlacadh ar a chorp, ach thosaigh sé ar phróiseas céimneach níochán lámh a chuirfeadh máinlia a bheadh ag réiteach d’obráid i gcuimhne duit.

‘Caithfidh tú na méaracha a chur ina chéile mar seo, Mamaí,’ a deir sé, is an cúr ón ngallúnach ag éirí san aer.

Sheas mé le taobh an bháisín ag breathnú air agus iontas orm. Má bhí cúig chéim an níocháin ar eolas aige an t-am seo ar fad, cén fáth go mbíonn muid in achrann chuile lá agus mé ag impí air a lámha a níochán i gceart nuair a thagann muid abhaile ón bpáirc spraoi?

Is é an botún a rinne mé ná gur ordaigh mé dhó é a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh a fhios agam níos fearr faoin am seo.

An chéad cheacht a fhoghlaimíonn an tuismitheoir nua ná go bhfuil a intinn féin ag an bpáiste ón tús. Níl siad ag iarraidh dul a chodladh nuair a deirtear leo é, ná béile a ithe, ná cloí le haon phleananna cúnga a bheadh leagtha amach dóibh. I bhfocal eile, tá siad díreach mar a chéile leis an duine fásta.

‘Cé a mhúin duit do lámha a níochán mar sin?’ a d’fhiafraigh mé dhe.

‘Pádraic,’ a dúirt sé agus é fós ag sciúradh.

An t-aon Phádraic a raibh mé in ann cuimhneamh air ná leaidín atá sna naíonáin bheaga in éineacht leis.

‘Pádraic i do rang?’ a d’fhiafraigh mé dhe.

‘Sea,’ a dúirt sé is thosaigh ar an rinseáil.

‘Múinfidh mise duitse é, Mamaí, má tá tú ag iarraidh.’ a deir sé.

Fág freagra ar '‘Ní hin é an chaoi le haghaidh do lámha a níochán, Mamaí!’'

  • brigid

    Iontach deas a léamh! Tuigeann siad an tábhacht ach is féidir leo e a láimsheáil!