Ní fiú tráithnín na moltaí seo mura mbeidh an rialtas sásta iad a fheidhmiú – Ó Clochartaigh

Tá fáilte curtha ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) roimh an tuarascáil ar an leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a seoladh inniu

22/1/2014 Free Margaretta DArcy Protests

Ba cheart don Aire Gaeltachta, Joe McHugh, na moltaí maidir le reachtaíocht teanga a d’fhoilsigh coiste Gaeltachta an Oireachtais inniu a chur i bhfeidhm mar is ceart nó an leasú ar an Acht a chaitheamh i dtraipisí, dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF).

“Fáiltím roimh an tuarascáil seo a théann píosa fada chun na moltaí a rinne pobal na Gaeilge na heagraíochtaí agus páirtithe leasmhara eile a chur san áireamh. Tá se tábhachtach go bhfuil tacaíocht traspháirtí ag na moltaí seo chomh maith,” a dúirt an Clochartach.

Dúirt sé go n-aithnítear sna moltaí an obair thábhachtach atá ar bun ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, agus go bhféachann siad le cur leis an ról atá aige i bhfeidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Thug sé le fios freisin, áfach, nár leor cuid de na moltaí.

“B’fhearr le Sinn Féin go mbeadh na moltaí imithe rud beag níos faide agus sílim go mbeidh orainn filleadh ach go háirithe ar an díospóireacht maidir le córas rialacháin a chur i bhfeidhm in ionad na scéimeanna teanga atá ann i láthair na huaire.

“Ach, ní fiú tráithnín na moltaí seo mura mbeidh an rialtas, na ranna agus na heagraíochtaí stáit sásta iad a thógáil ar bord agus a fheidhmiú. Caithfidh an tAire sin a dheimhniú sa reachtaíocht ar dtús agus ansin caithfear an reachtaíocht a chur i bhfeidhm mar is ceart,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Tá 34 moladh ar fad sa tuarascáil a chuir an Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i dtoll a chéile a bunaíodh ar aiseolas a thug eagraíochtaí Gaeilge, an Coimisinéir Teanga agus Coimisinéir Teanga na Breataine Bige ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2014.