Ní fios don HSE cá bhfuil ‘na bearnaí’ le líonadh maidir le seirbhísí Gaeilge

De réir taighde de chuid an HSE bhainfeadh 73% de mhuintir na Gaeltachta úsáid as seirbhísí Gaeilge dá mbeadh a leithéid ar fáil agus iad ar comhchéim le seirbhísí Béarla

Ní fios don HSE cá bhfuil ‘na bearnaí’ le líonadh maidir le seirbhísí Gaeilge

Tá géillte ag an HSE nach eol don eagraíocht cé mhéad nó cén caighdeán seirbhísí Gaeilge atá ar a gcumas a sholáthar.

Thug Stiúrthóir Náisiúnta Cumarsáide Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an méid sin le fios ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta tráthnóna inné.

Rinne toscaireacht ón HSE cur síos do bhaill an choiste ar a straitéis náisiúnta nua don Ghaeilge, a bhfuil á sholáthar acu de sheirbhísí  Gaeilge faoi láthair agus a bhfuil pleanáilte acu maidir le feabhas a chur ar an soláthar sin. Is é seo an chéad uair straitéis náisiúnta Ghaeilge a bheith ag an bhfeidhmeannacht sláinte ar iarradh orthu 12 bliain ó shin scéim náisiúnta teanga a chur le chéile.

D’admhaigh an Stiúrthóir Náisiúnta Cumarsáide Paul Connors nach bhfuil aon eolas beacht go fóill acu faoi na bearnaí ina gcuid seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht ná ar cé mhéad agus cén cineál speisialtóirí atá ag teastáil chun freastal ar an éileamh ar sheirbhísí Gaeilge.

Dúradh go raibh gá anailís a dhéanamh i dtaobh “na mbearnaí” ina seirbhís Gaeilge agus táthar ag súil go mbeidh an t-eolas sin ar fáil roimh dheireadh na bliana nuair a bheidh Plean Gníomhaíochta Gaeilge na heagraíochta réidh.

De réir a gcuid taighde féin, bhainfeadh 73% de mhuintir na Gaeltachta úsáid as seirbhísí Gaeilge dá mbeadh a leithéid ar fáil agus iad ar comhchéim le seirbhísí Béarla.

Dúirt Cuimín Mac Aodha Bhuí, Ceannasaí Seirbhísí na Gaeilge, gurb é an easpa is mó sa Ghaeltacht ná dochtúirí teaghlaigh le Gaeilge. Dúirt sé go raibh sé “fíordheacair” dochtúirí teaghlaigh le Gaeilge a fháil agus go bhfuil sé “ag éirí níos deacra”. Bhíothas ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb sin le scéim scoláireachtaí atá á rith i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta ach ní raibh “ach seisear nó seachtar” á n-oiliúint faoin scéim faoi láthair agus bheadh “bearna fhada” ocht nó naoi mbliana ann faoin am a mbeidís oilte le dul ag obair.

Dúirt Mac Aodha Bhuí go raibh dul chun cinn á dhéanamh ag an HSE go háirithe i réimse na teiripe teanga agus 10-12 teiripeoir le Gaeilge ag obair sa Ghaeltacht. Maidir le haltraí sláinte pobail le Gaeilge bhíothas “láidir” i gConamara ach gann i dTír Chonaill.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Catherine Connolly gurb é “an taighde atá riachtanach” ná cá bhfuil na bearnaí i seirbhís Ghaeilge na feidhmeannachta agus gur chóir díriú air sin mar ábhar práinne.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, admhaítear i ndréachtscéim náisiúnta teanga an HSE gur ‘trí sheans’ a chuirtear seirbhísí Gaeilge ar fáil sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, nó gurb amhlaidh go dtapaítear an deis seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil de réir mar a thagann a leithéid de dheis aníos.

Fág freagra ar 'Ní fios don HSE cá bhfuil ‘na bearnaí’ le líonadh maidir le seirbhísí Gaeilge'