Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an lá le Macron in aghaidh Le Pen

Thabharfadh bua do Marine Le Pen misneach do Vladimir Putin

Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an lá le Macron in aghaidh Le Pen

Dá bhféadfaí brath ar fhianaise na bpobalbhreitheanna, bheadh toradh thoghchán uachtaránachta na Fraince ar eolas roimh ré. Tá Emmanuel Macron idir a 5-8 pointe céatadáin chun cinn ar Marine Le Pen agus aghaidh á tabhairt acu ar an dara babhta vótála amárach, Dé Domhnaigh.

Ainneoin na fianaise sin, áfach, ní chuirfeadh duine stuama geall rómhór ar atoghadh Emmanuel Macron. Cuimhnigh ar mhíchruinneas na bpobalbhreitheanna a thug le fios in 2016 nach é Donald Trump ach Hillary Clinton a thoghfaí mar uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Gan trácht ar na pobalbhreitheanna a thug le fios an bhliain chéanna nach raibh móramh sa Ríocht Aontaithe i bhfabhar an Bhreatimeachta.

Tugann córas toghcháin na Fraince deis do vótálaithe tacú leis an iarrthóir uachtaránachta is fearr leo sa chéad bhabhta. Cuirtear rogha de chineál eile ar fad os a gcomhair sa dara babhta: vótáil i bhfabhar iarrthóra, vótáil in aghaidh iarrthóra, nó staonadh.

Vótáil 27.9% i bhfabhar Macron sa chéad bhabhta agus 23.2% i bhfabhar Le Pen. Thug thart ar leath na vótálaithe tacaíocht mar sin d’iarrthóirí eile agus is ar an rogha a dhéanfaidh siadsan a bheidh toradh na vótála Dé Domhnaigh ag brath.

Níor atoghadh uachtarán sa Fhrainc ó 2002, nuair a d’áitigh Jacques Chirac ar vótálaithe a raibh an ghráin acu air vótáil ar a shon d’fhonn iarrthóir an Front National, Jean-Marie Le Pen a shárú. Dhíbir iníon Marine Le Pen a hathair ón ngluaiseacht ó shin agus í á hathbhaisteadh mar an Rasssemblement National (tionól nó teacht le chéile náisiúnta) chun vótálaithe nach bhfuil bá acu leis an eite dheas a mhealladh.

Bhunaigh Le Pen cuid mhór dá feachtas uachtaránachta ar ghealltanais go mbeadh an ráta cánach níos ísle agus caiteachas rialtais níos airde (contrárthacht nár mhínigh sí) dá dtoghfaí í. Chuir sí béim arís ar chúrsaí imirce agus ar bheartais a theastaíonn dar léi chun coireacht agus sceimhlitheoireacht Ioslamach a chur faoi chois.

Ní haon chabhair dá cás é go bhfuil an geilleagar ag neartú ó toghadh Macron cúig bliana ó shin agus nach ndearna antoiscigh mór-ionsaithe ar an tír ó maraíodh 137 duine i gclub oíche i bPáras in 2015 agus 86 duine i Nice an bhliain dár gcionn.

Nuair a thug Le Pen agus Macron aghaidh ar a chéile le linn díospóireacht teilifíse Dé Céadaoin, cháin Macron an cosc ar chaitheamh scairfeanna Moslamacha atá beartaithe ag Le Pen a chur i bhfeidhm má thoghtar í – dar léi gur “éide éigeantach” í an scairf a gcuireann Ioslamaigh iachall ar mhná í a chaitheamh.

Dúirt Macron léi gurbh ionann an cosc agus droim láimhe a thabhairt do shaoirse agus do mheasarthacht agus go spreagfadh sé “cogadh cathartha”. Ach ba le linn an phlé ar an gcogadh san Úcráin a léiríodh an t-easaontas ba shoiléire eatarthu.

Chuir Macron i leith Le Pen go raibh sí ró-spleách ar an Rúis toisc airgead a bheith faighte ar iasacht ag Rassemblement National ó bhainc sa Rúis. Chosain Le Pen na hiasachtaí – ní raibh aon dul as aici ach airgead a lorg thar lear, a dúirt sí, toisc nach raibh bainc sa Fhrainc toilteanach iasachtaí a thairiscint dá gluaiseacht.

Cé gur thagair Le Pen le linn na díospóireachta d’ionsaí na Rúise ar an Úcráin (bhí “líne dhearg” trasnaithe ag an Rúis, dar léi) ní raibh aon fhreagra éifeachtach aici ar bhuncháineadh Emmanuel Macron. Bhí sí faoi anáil Vladimir Putin mar gheall ar na hiasachtaí, a dúirt sé, mar a léirigh an tacaíocht a thug sí d’fhorghabháil na Crimé in 2015 agus a cáineadh ar smachtbhannaí in aghaidh na Rúise a moladh ó shin.

Níl aon dabht cén toradh ar thoghchán an Domhnaigh ab fhearr a d’oirfeadh do leas na hÉireann. Teastaíonn aontas agus cur chuige aontaithe níos mó ná riamh san Eoraip ó chuir Putin tús le hionsaí a bhain an bonn den chaidreamh idirnáisiúnta a bhí i réim sa réigiún ó 1945.

Níl aistarraingt na Fraince ón Aontas Eorpach molta ag Le Pen. Mar sin féin dá dtoghfaí í d’iarrfadh sí atheagrú agus saoirse bhreise náisiúnta ar dhóigh a d’athródh an status quo go hiomlán. Is féidir cur síos beacht ar an toradh is simplí agus is contúirtí a bheadh ar bhua Le Pen – thabharfadh sé misneach do Vladimir Putin.

Ainneoin na bpobalbhreitheanna, ní féidir talamh slán a dhéanamh de nach sáróidh neamhshuim agus míshásamh Macron. Dúirt an scríbhneoir Francach Sylvain Tesson le gairid go bhfuil muintir na Fraince ag cur fúthu i bParthas cé go gceapann siad gur in Ifreann atá siad.

Go dtí go neosann na vótaí scéal an toghcháin sa Fhrainc, cuimhneoidh lucht tacaíochta Macron agus Le Pen araon ar ar tharla sa Bhreatain agus sna Stáit sé bliana ó shin.

Fág freagra ar 'Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an lá le Macron in aghaidh Le Pen'