‘Ní féidir leis na Náisiúin Aontaithe faic a dhéanamh mura bhfuil Iosrael sásta comhaontú leo’

Deir Fionnuala Ní Aoláin, iarthoscaire speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe gur beag is féidir leis an eagraíocht a dhéanamh chun comhréiteach a fháil idir Hamas agus Iosrael

‘Ní féidir leis na Náisiúin Aontaithe faic a dhéanamh mura bhfuil Iosrael sásta comhaontú leo’

Deir Iarthoscaire speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe, arb as an Ghaeltacht di, nach féidir leis na Náisiúin Aontaithe “faic” a dhéanamh chun stop a chur leis na hionsaithe ar Gaza mura bhfuil Iosrael sásta comhaontú leo.

Ó thosaigh an choimhlint is déanaí sa Mheánoirthear tá go leor cainte ann faoin easpa tionchair atá ag na Náisiúin Aontaithe ar aon chomhréiteach a fháil idir Hamas agus Iosrael.

Ach deir Fionnuala Ní Aoláin, ar tháinig deireadh lena tréimhse sé bliana mar thoscaire de chuid na Náisiún Aontaithe an mhí seo, go léiríonn an cogadh sa Mheánoirthear gur beag is féidir leis an eagraíocht a dhéanamh nuair nach bhfuil tacaíocht na mballstát acu.

“Ba cheart go mbeadh ról ag na Náisiúin Aontaithe agus sin a scríobhadh i gCairt na Náisiún Aontaithe. Ach i ndeireadh an lae, is ag na stáit atá an chumhacht.

“Ní féidir leis na Náisiúin Aontaithe faic a dhéanamh mura bhfuil Iosrael sásta comhaontú leo agus sin é an fhadhb. Níl sé de cheart ag na Náisiúin Aontaithe máirseáil isteach mura bhfuil stáit an domhain sásta tacaíocht a thabhairt dóibh.”

Dúirt Ní Aoláin, Ollamh le Dlí agus Cearta an Duine in Ollscoil Minnesota agus in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, go gcuirtear brú mór ar na Náisiúin Aontaithe nuair a bhíonn cogaí ann ach nach mbíonn sé de chumhacht acu aon rud a dhéanamh.

“Ceapaim go gcuirtear brú uafásach ar na Náisiúin Aontaithe rudaí a dhéanamh sna nóiméid seo ach braitheann an chumhacht sin ar fad ar chomhaontú leis na stáit atá ag obair linn. Ní féidir linn mná a chur isteach i scoileanna san Afganastáin mura bhfuil an Taliban sásta linn. Sin é deireadh an scéil.”

“Tá muid láidir nuair a thagann tíortha an domhain thart orainn agus nuair a thacaíonn linn. Nuair nach bhfuil tacaíocht Stáit Aontaithe Mheiriceá nó na Rúise againn, mar atá feicthe againn i gcás na hÚcráine, níl cumhacht ag na Náisiúin Aontaithe.

“Braitheann an chumhacht atá againn ar chomhaontú agus comhoibriú leis na stáit a mbíonn muid ag obair leo. Níl aon rud níos mó ná sin i gceist.”

Maidir le sárú a bheith á dhéanamh ar an dlí idirnáisiúnta, deir Ní Aoláin nach bhfuil ceachtar den dá thaobh ag cloí leis na rialacha a bhaineann le cúrsaí cogaíochta atá i gCairt na Náisiún Aontaithe.

“Tá sé de cheart ag tír teacht ar ais i ndiaidh ionsaithe ach tá rialacha a bhaineann le cogaíocht ar cheart don dá thaobh a bheith á gcur i bhfeidhm. Ní bhaineann sin le taobh amháin ach leis an dá thaobh. Baineann sé le Hamas agus le stát Iosrael.

“‘The means essential for the survival of the civilian population’, caithfear é sin a chur i bhfeidhm, fiú i lár cogaidh agus níl sin á dhéanamh go hiomlán.”

Dúirt Ní Aoláin go bhfuil an baol ann fós go bhféadfadh tíortha eile “a bheith tarraingthe isteach” sa choimhlint.

“Tá tine lasta sa Mheánoirthear ach má thosaíonn cogaíocht réigiúnach ní bheidh muid ag caint ar Gaza agus Iosrael amháin, bheadh muid ag caint ar chogadh ina bhféadfadh tíortha eile a bheith tarraingthe isteach ann.”

Dúirt Ní Aoláin go bhfuil sé “an-deacair” a bheith dóchasach go dtiocfaidh sos cogaidh iomlán i bhfeidhm go luath.

“Sa ngearrthéarma, tá sé an-deacair aon rud dóchasach a fheiceáil. Níl muid ag caint ar shos cogaidh ach ar stop sealadach díreach le huisce agus beatha agus córas leighis a scaoileadh isteach.

“Tá na mílte marbh, tá milliún teifeach againn anois i ndeisceart Gaza. Tá an t-infreastruchtúr tite as a chéile ar fad agus tá os cionn céad ball de na Náisiúin Aontaithe maraithe de bharr na buamála agus tá sé an-deacair stop a fheiceáil.”

Cé nach léir cén chuma a bheas air faoi láthair, tiocfaidh an lá a mbeidh sos cogaidh ann, a deir Ní Aoláin.

“Beidh stop ann, bíonn stop ann i gcónaí ach an cheist is tábhachtaí b’fhéidir, cén stop a bheas ann.

“An mbeidh sos comhraic sealadach nó fadtéarmach ann. An mbeidh próiseas síochána ann mórán mar a tharla tar éis 1973, tar éis Chogadh Yom Kippur nuair a tháinig ceannairí an réigiúin ar fad le chéile agus rinneadh socrú. Ag an am bheifeá a’ rá, ní bheidh socrú ann. Níl mé ag iarraidh a bheith idéalach. Tá idéalachas dainséarach sa spás seo.”

Deir Ní Aoláin go mbeidh “ról lárnach” ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, Catar agus an Éigipt in aon chomhréiteach a dhéanfar ar cheist Gaza amach anseo.

“Tá níos mó ná an dá thír i gceist, tá an Éigipt i gceist agus níl siadsan sásta daoine a scaoileadh isteach mar níl siad ag iarraidh déileáil leo agus an cúram sin a bheith orthusan. Mar sin tá sé an-éasca pictiúr dubh agus bán a dhéanamh de. Tá go leor dubh agus bán i gceist ach tá go leor de nach bhfuil, tá sé casta.

“Tá an idirbheartaíocht atá ag dul ar aghaidh níos casta ná mar a fheiceann muid sna meáin. Tá Catar lárnach sna cainteanna sin mar sin an stát a thugann tacaíocht do Hamas agus is iadsan an stát is tábhachtaí ó thaobh na daoine a gabhadh ar an 7 Deireadh Fómhair a fháil amach.

“Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá i bpáirt chomh maith mar is iadsan atá ag cabhrú le harmáil Iosrael ach chomh maith leis sin tá tionchar an-mhór acu ar an méid is féidir le hIosrael a dhéanamh.”

Deir Ní Aoláin go bhfuil an “an-bhrú” á chur ar Iosrael, ní hamháin ón Aontas Eorpach ach ó Mheiriceá freisin ach nach fios cén tionchar atá sin ag imirt ar chúrsaí.

“Tá sé deacair ag an domhan mór glacadh leis na híomhánna atá feicthe againn le laethanta fada anuas agus tá brú á chur orthu ach níl mé cinnte cad é a thiocfas as.”

Tráth a bhfuil coireanna uafásacha á ndéanamh in Gaza, deir Ní Aoláin nár cheart go ndéanfaí neamhaird ar ghéarchéimeanna daonnúla eile sa domhan.

“Cuireann muid an-bhéim ar an méid atá ag tarlú in Gaza, ach ag an nóiméad ceannann céanna, tá na Pacastánaigh ag díbirt na mílte Afganastánach a tháinig isteach ag lorg sábháilteachta sa bPacastáin agus tá siad á ndíbirt ar ais anois chuig an Taliban agus níl éinne ag breathnú agus níl éinne ag caint mar gheall air sin.”

“Tá sé uafásach agus tá coireanna ag tarlú. An bhfuil na coireanna atá muid a fheiceáil anois níos measa ná an méid atá feicthe in áiteanna eile, tá sé sin deacair a rá. San Éimin, bhí ceithre bliana den chineál seo troda ann agus bhí na Meiriceánaigh ag armáil agus ag tacú le taobh amháin agus bhí gasúir ag fáil bháis chuile lá agus ní raibh suim dá laghad ag an domhan mór é sin a chur amach ar na leathanaigh nuachta.”

“Caithfidh muid deireadh a chur le marú. Tá sé sin éasca á rá agus an-deacair le déanamh. Sa dorchadas seo sa Mheánoirthear, tá rudaí eile ag tarlú sa domhan agus níl muid ag tabhairt aon aird orthu agus tá sé sin an-dainséarach,” a dúirt Ní Aoláin.

Fág freagra ar '‘Ní féidir leis na Náisiúin Aontaithe faic a dhéanamh mura bhfuil Iosrael sásta comhaontú leo’'