Don cheathrú séasúr as a chéile tá cluiche ceannais i gcomórtas rugbaí bainte amach arís ag Cúige Laighean, éacht ann féin go cinnte.
Mar sin féin, is fiú a mheabhrú gur theip orthu an beart a dhéanamh sna trí chluiche ceannais de Chorn na gCuradh a d’imir siad le trí bliana anuas. Is fiú a mheabhrú freisin go bhfuil siad ag imirt inniu ina gcéad chluiche ceannais de chomórtas an URC ó 2022. Chaill siad i mbabhtaí leathcheannais an chomórtais seo le trí bliana anuas. Léargas b’fhéidir ar an mbrú damanta atá ar na Laighnigh agus ar an bpríomhchóitseálaí, Leo Cullen, greim a fháil ar chorn de chineál ar bith, cuma cén stádas atá ag an gcomórtas.
Níl ach ochtó nóiméad imeartha fágtha ag Cúige Laighean leis an easpa gradaim sin a cheartú ach caithfidh siad dúshlán Bulls na hAfraice Theas a shárú más leo sin a dhéanamh.
Is minic a thagair mé don bhuntáiste a bhaineann le himirt sa mbaile in aon chluiche ach ní féidir a thábhacht a shéanadh nuair is cluiche ceannais atá i gceist. Sin scéal an lae inniu ag Cúige Laighean agus iad i gcoinne na mBulls i bPáirc an Chrócaigh. Is cinnte freisin gur ag Cúige Laighean a bheas formhór an lucht leanúna, buntáiste mór eile go cinnte. Mar sin féin, ní féidir le Cúige Laighean a bheith réchúiseach ar bhealach ar bith maidir leis an gcluiche seo.
Tá na Bulls ag teacht go hÁth Cliath agus gan ach cloch amháin ar a bpaidrín acu, sin bua agus díoltas de bhrí gur chaill siad sa gcluiche ceannais seo anuraidh, cluiche inarbh acu a bhí buntáiste an bhaile. Cuimhnigh freisin gur thug na Bulls taispeántas iontach uathu an Satharn seo caite agus iad ag fáil an lámh in uachtar ar na Sharks sa gcluiche leathcheannais.
Caithfidh mé tagairt a dhéanamh freisin don phaca ollmhór agus thar a bheith fisiciúil atá ag teacht ón Afraic Theas. Beidh an t-ochtar tosaithe céanna, beagnach, ag dul chun páirce do na Bulls inniu is a bhuail Cúige Laighean (25-20) sa gcluiche leathcheannais anuraidh. Mise i mbannaí duit, ní bheidh aon fhaitíos ar na Bulls ná ar a bpríomhchóitseálaí, Jake White roimh Chúige Laighean.
Maidir le Cúige Laighean, is cinnte gur cúis mhór áthais dóibh agus dá lucht leanúna gur éirigh leo pé púca a bhí á gcrá ó chluiche leathcheannais Chorn na gCuradh a ruaigeadh agus iad i gcoinne churaidh reatha an URC, Glaschú an Satharn seo caite. Thug Cúige Laighean taispeántas rugbaí sa gcluiche sin a bhí chomh maith nó fiú níos fearr ná mar a thug siad le fada, fada an lá. Cinnte, bhí deacrachtaí ciceála ag Prendergast agus bhí an imirt scaoilte ó am go ham ach ar an taobh eile bhí na tosaithe fíochmhar agus ag ionsaí mar aon aonad amháin agus bhí luas agus ardscil rugbaí na gcúlaithe soiléir do chách. Bhí díocas ar chuile imreoir agus iad ar thóir oibre ón gcéad nóiméad chomh maith.
Is cinnte go raibh tionchar ag cinneadh Leo Cullen a chuid imreoirí chéad rogha a chur chun páirce ag tús an chluiche ar an athrú a tháinig ar dhearcadh agus ar chur chuige na n-imreoirí. Má dhéanann siad amhlaidh arís inniu i gceannceathrú CLG beidh sé deacair ag na Bulls féin iad a cheansú.
Tá ochtó nóiméad ag Cúige Laighean agus ag Cullen le tarrtháil a dhéanamh orthu féin agus ar a gcáil. Cé nach mbeidh sé éasca, creidim gur féidir leo é a dhéanamh ach teastóidh an iarracht agus an cur chuige is fearr le ceithre bliana anuas uathu.
Cén rogha eile atá acu anois?
Fág freagra ar 'Ní féidir le Cúige Laighean a bheith réchúiseach ar bhealach ar bith roimh theacht na mBulls'