‘Ní féidir ciorruithe a chur as an áireamh’.
B’in an teachtaireacht neamhbhalbh a bhí ag Ard-Stiúrthóir nua RTÉ, Dee Forbes, d’fhoireann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus í ar cuairt ar cheanncheathrú an stáisiúin i gCasla an tseachtain seo caite.
Thug Ard-Stiúrthóir RTÉ cuairt chomh maith ar cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann, mar a raibh cruinniú aici le hArd-Stiúrthóir nua an stáisiúin, Alan Esslemont.
Meastar gur pléadh ag an gcruinniú sin cuid de na hathruithe móra atá beartaithe ag ceannasaí nua na seirbhíse Gaeilge. I measc na n-athruithe sin, tá sé i gceist ag Esslemont féachaint ar chur le soláthar cúrsaí reatha TG4. Táthar ag féachaint, mar shampla, ar cheangal níos dlúithe a dhéanamh idir Nuacht TG4 agus 7 Lá.
Tá dualgas reachtúil ar RTÉ 365 uair a chloig de chláir a chur ar fáil do TG4 in aghaidh na bliana agus cuirtear Nuacht TG4 ar fáil mar chuid den soláthar sin. Is é TG4 féin a dhéanann 7 Lá faoi láthair.
Ag labhairt di le foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de nach gcuirfí ciorruithe i bhfeidhm ar an stáisiún raidió.
B’amhlaidh an scéal i ngach cuid de sheirbhís RTÉ, a dúirt sí.
Fág freagra ar '‘Ní féidir ciorruithe a chur as an áireamh’, a deir Ard-Stiúrthóir RTÉ agus í ar cuairt ar RnaG agus TG4'