Ní éireodh leis an IRA Nua na focail ‘acht Gaeilge’ a rá i gceart fiú…

Ní éireoidh le polaiteoir ar bith grúpaí ar nós an IRA Nua a shásamh mar tá olc ina gcroí don pholaitíocht féin

Ní éireodh leis an IRA Nua na focail ‘acht Gaeilge’ a rá i gceart fiú…

Foilsíodh cartún uafásach san Irish Times Dé Cáedaoin, an lá céanna a raibh sochraid Lyra McKee ar siúl i mBéal Feirste. Triúr a bhí le feiscint sa chartún: paraimíleatach poblachtánach de shaghas éigin agus fuil ar lámha aige agus, taobh leis, Arlene Foster agus Michelle O’Neill ina seasamh. Tá méar de lámh fuilteach amháin ag brú ar ghualainn Foster, agus tá lámh fuilteach eile ag treorú na bpolaiteoirí i dtreo Stormont. Cad is brí leis an tsamhail ait seo?

Is léir go gceapann The Irish Times go bhfuil baint de shaghas éigin ag Arlene Foster go háirithe le scéal uafásach an iriseora óig a maraíodh i nDoire an tseachtain seo caite mar le Foster amháin atá teagmháil a dhéanamh ag lámha fuilteacha an chartúin. Cén fáth sin? Déarfadh The Irish Times, seans, go bhfuil Tuaisceart Éireann i sáinn nó i liombó toisc gur theip ar na polaiteoirí an feidhmeannas a chur ar bun arís i Stormont agus gur spreagadh an liombó sin do ghrúpaí foréigneacha sna cathracha is boichte, go háirithe sna cathracha ina bhfuil móramh Caitliceach.

De réir na loighce sin, níor vótáil náisiúnaithe ar son an riail dhírigh ó Londain, ach sin toradh theip na bpolaiteoirí i Stormont agus úsáideann na grúpaí seo foréigean chun a gcuid míshástachta leis an teip sin a chur in iúl do chách. Is dá bharr sin a lámhadh Lyra McKee bocht.

Loighic bhacach is ea an méid sin i ndáiríre. Níor dhúnmharaigh an ‘IRA Nua’ an bhean bhocht seo chun spreagadh a thabhairt do na polaiteoirí comhrialtas áitiúil a chur ar bun arís, nó chun a gcuid díomá a chur in iúl faoi theip Shinn Féin acht Gaeilge a mhealladh ón DUP.

Ní dócha go n-éireodh le dúnmharfóirí Lyra McKee na focail ‘acht Gaeilge’ a litriú ná a rá i gceart fiú. Is fuath leis ‘IRA Nua’ polaitíocht Stormont ar fad, agus is fuath leo Comhaontú Aoine an Chéasta freisin. Ceapann baill na n-eagraíochtaí seo agus a gcuid lucht tacaíochta go bhfuil an ceart acu foréigean a úsáid i gcoinne an PSNI, i gcoinne an Gharda Síochána agus i gcoinne shaighdiúirí na hÉireann pé uair is mian leo. Níor chóir polaitíocht tír ar bith a bhunú ar thoil ná ar mhianta na ndaoine seo.

Agus níor chóir do pholaiteoirí bheith ag cur ceisteanna orthu féin de shíor mar gheall ar ghearáin na ngrúpaí seo. Ní éireoidh le polaiteoir ar bith iad a shásamh, mar tá olc ina gcroí don pholaitíocht féin.            

Fág freagra ar 'Ní éireodh leis an IRA Nua na focail ‘acht Gaeilge’ a rá i gceart fiú…'

  • walter jefferson

    Ar ndoigh is ceap magaidh é