‘Ní dóigh go bhfacthas a leithéid de thinte ealaíne sa Spidéal cheana’

Níor stop an aimsir ná an easpa réamheolais daoine ó ghabháil ag ‘Turas Tine’, ócáid de chuid Ghaillimh 2020 a bhí ar siúl ar an Spidéal

‘Ní dóigh go bhfacthas a leithéid de thinte ealaíne sa Spidéal cheana’

Caolseans gur dhíbir an tine mhór is na lóchrainn a bhí lasta an fuacht as cnámha na ndaoine a bhí bailithe ag Seanchéibh an Spidéil tráthnóna aréir, ach is cinnte gur bhain an slua mór a bhí i láthair sult as an ócáid a eagraíodh mar chuid de shearmanas oscailte Gaillimh 2020.

Go gairid i ndiaidh a sé a chlog, agus an ghealach ag lonradh go fann sa spéir, tháinig an banna Dris-Óg chun stáitse le tús a chur leis an spraoi. Scoláirí as Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal a bhunaigh an banna seo cúpla bliain ó shin.

Tá siad an-dílis don Ghaeilge agus i measc na n-amhrán a chas siad aréir bhí ceann dá gcuid féin, ‘Réabhlóid’, chomh maith lena leagan de ‘Stand By Me’, ar a dtugann siad ‘Labhair Í’.

Bhí lucht eagraithe na hócáide i mbun oibre ó mheán lae inné ag feistiú stáitse gar do cheann na seanchéibhe.

Bhí neart fear slándála ar an láthair, iad sách préachta ag breathnú. I sráidbhaile an Spidéil ní raibh chuile dhuine cinnte céard go díreach a bhí ag tarlú. Cé go raibh roinnt póstaer crochta le tamall is bratacha ildaite Gaillimh 2020 ar foluain, bhí daoine den tuairim go bhféadfaí an scéal a scaipeadh níos fearr.

Ach níor stop an aimsir ná an easpa réamheolais na daoine ó ghabháil ag an ócáid. Bhí go leor de mhuintir na háite i láthair, tuismitheoirí lena gcuid gasúr agus cuairteoirí. Bhí siad ann as an Mhalae, an Bhriotáin  agus an Ghearmáin.

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An tine téama na hoíche agus ní raibh a gcuid casta ag Dris-Óg nuair a tháinig na drumadóirí. Mháirseáil na scórtha acu amach as an dorchadas i dtreo an stáitse, iad ag lascadh a gcuid drumaí agus á dtionlacan ag lucht na lóchrann. Is iomaí sin uair fhada atá caite ag na rannpháirtithe seo ag cleachtadh i gColáiste Chonnacht sa Spidéal chuile Shatharn le roinnt seachtainí anuas faoi stiúir Wonder Works, an chuideachta a bhí freagrach as an searmanas oscailte ag Cluichí Oilimpeacha 2012 i Londain.

Ba í an craoltóir Síle Nic Chonaonaigh a bhí ina bean an tí faoin aer aréir agus ise a d’aithris an dán ‘An tEarrach Thiar’ le Máirtín Ó Direáin – a guth á iompar ag an ngaoth chomh fada le hÁrainn féin, b’fhéidir. Tá línte an dáin sin ‘Currach lán éisc ag teacht chun cladaigh ar órmhuir mhall i ndeireadh lae’ greanta ar an sféar miotail inar lasadh an tine mhór ag searmanas na hoíche aréir.

Tháinig na tinte ealaíne ar cheann na céibhe aniar aduaidh ar dhaoine. Cé go bhfuil neart taithí ag muintir chontae is chathair na Gaillimhe ar thaispeántais den chineál seo ó tháinig Macnas ar an saol, baineadh geit agus cnead as a raibh i láthair. Ní dóigh go bhfacthas a leithéid sa Spidéal cheana.

Chomh luath is a chríochnaigh na tinte ealaíne, thosaigh roinnt den slua ag déanamh a mbealach abhaile. B’fhéidir go raibh daoine den tuairim go raibh deireadh leis an ócáid nó b’fhéidir go raibh an ceann is fearr faighte ag an bhfuacht orthu. Ach is gearr go raibh an banna rac Rofi James, as Gaillimh, ar stáitse is iad ag iarraidh an slua a théamh. Is ar éigean go raibh siad in ann a gcuid gléasanna ceoil a chasadh leis an bhfuacht, a dúirt an t-amhránaí, ach ina ainneoin sin chas siad a gcuid amhrán bríomhar.

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Leanfar leis an Turas Tine in oirthear na Gaillimhe ar feadh na seachtaine:  i dTuaim a bheas siad anocht; i mBéal Átha na Sluaighe amárach; i bPort Omna ar an Déardaoin agus i mBaile Átha an Rí ar an Aoine. Ar an Satharn a bheas an Searmanas Oscailte do Gaillimh 2020 ar bun ag a 6 tráthnóna ar an Pháirc Theas ar an gCladach i gCathair na dTreabh. Go mbaine muid uilig sult as imeachtaí Ghaillimh 2020.

Fág freagra ar '‘Ní dóigh go bhfacthas a leithéid de thinte ealaíne sa Spidéal cheana’'