‘Ní dhéanfaidh roinnt seachtainí ag sclamhadh a chéile ach deighilt níos mó a chruthú’ – an fód á sheasamh ag May

Má éiríonn le Theresa May sa vóta muiníne ina ceannaireacht tráthnóna spreagadh a bheadh ann di agus í ag súil le leasuithe a fháil sa Bhruiséil ar a margadh Breatimeahcta

‘Ní dhéanfaidh roinnt seachtainí ag sclamhadh a chéile ach deighilt níos mó a chruthú’ – an fód á sheasamh ag May

Tá rabhadh tugtha ag Príomh-Aire na Breataine Theresa May dóibh siúd atá ag cuimhneamh ar a dúshlán a thabhairt i vóta muiníne anocht gurbh é an toradh a bheadh ar a díbirt ná go gcuirfí an Breatimeacht siar.

Dheimhnigh Graham Brady, Cathaoirleach Choiste 1922 na gCaomhach, ar maidin go raibh an 48 litir is gá do vóta muiníne i gceannaire na dTóraithe faighte aige ó Fheisirí Parlaiminte an Pháirtí Chaomhaigh agus go mbeadh an vóta muiníne sin ann tráthnóna.

I ráiteas a chuir sí amach ar maidin, thug May le fios go raibh an cruinniú a bhí beartaithe inniu aici leis an Taoiseach Leo Varadkar curtha ar athlá aici agus go raibh sí réidh chun an fód a sheasamh.

“Troidfidh mise an vóta sin ar mo mhíle dícheall. Tá mise i mo bhall den Pháirtí Caomhach le breis is daichead bliain. D’oibrigh mé ar a shon mar ghníomhaí, mar chomhairleoir, mar Fheisire Parlaiminte, mar scáth-aire, mar rúnaí baile agus faoi láthair mar phríomh-aire.

“Bhí fúm dul go Baile Átha Cliath tráthnóna chun leanúint den obair sin – ach fanfaidh mé anseo i Londain go ndéanfaidh mé mo chás ar son mo cheannaireachta le mo chomhghleacaithe parlaiminte.”

Dúirt sí gurbh iad an freasúra is mó a bhainfeadh buntáiste as athrú ceannaireachta agus go mbeadh ar cheannaire nua an dáta Breatimeachta – an 29 Márta – a chur siar.

“Ní bheadh ceannaire nua i mbun oibre faoin 21 Eanáir, an spriocdháta dlíthiúil, mar sin tá an baol ann go bhfágfadh toghchán ceannaireachta an idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht i lámha Fheisirí an fhreasúra anseo sa pharlaimint.

“Ní bheadh deis ag an gceannaire nua idirbheartaíocht a dhéanamh maidir le comhaontú Breatimeachta agus an reachtaíocht a chur tríd an bparlaimint faoin 29 Márta. Mar sin an chéad bheart a bheadh le déanamh acu ná airteagal 50 a chealú nó fad a chur lena fheidhm, is é sin moill a chur ar an mBreatimeacht nó é a stopadh ar fad tráth a bhfuil daoine ag iarraidh go gcuirfimis an gnó i gcrích.”

Dúirt sí nach n-athródh toghchán ceannaireachta “na gnéithe bunúsacha” den idirbheartaíocht Breatimeachta “ná an uimhríocht sa pharlaimint”.

“Ní dhéanfaidh roinnt seachtainí ag sclamhadh a chéile ach deighilt níos mó a chruthú, díreach nuair ba chóir dúinn seasamh le chéile ar mhaithe lenár dtír. Ní chun leas na tíre aon chuid de sin,” arsa Theresa May.

D’fhéadfaí Theresa May a dhíbirt ach tromlach simplí 159 feisire parlaiminte a bheith ann, ach tharlódh go gcinnfeadh sí féin éirí as sa chás go mbeadh vóta suntasach mímhuiníne inti.

D’fhógair breis is 110 feisire de chuid na Parlaiminte go luath inniu go mbeidís ag tacú le May.

Ag 5pm tráthnóna labhróidh sí le Coiste 1922 na dTóraithe. Cuirfear tús leis an vótáil ag 6pm agus leanfaidh sí ar aghaidh go dtí 8pm.

Cuirfidh Graham Brady, Cathaoirleach an Choiste 1922, an Príomh-Aire ar an eolas faoi thoradh an vóta muiníne thart ar 9pm agus fógrófar go poiblí ina dhiaidh sin é.

Tá May faoi bhrú mór agus é ag dul di a margadh Breatimeachta a dhíol le dóthain feisirí in Westminster, ach dá n-éireodh léi teacht slán ó vóta muiníne na hoíche anocht spreagadh a bheadh ann di agus í ag súil le leasuithe ar an margadh sin a fháil sa Bhruiséil, mar a mbeidh cruinniú mullaigh ar siúl amárach agus Dé hAoine.

De réir rialacha a páirtí ní bheadh cead dúshlán May mar cheannaire a thabhairt arís go ceann bliana.

Má chailleann sí an vóta, bheadh sí ina Príomh-Aire ar bheagán cumhachta nó go mbeadh ar a cumas a comharba a mholadh don Bhanríon.

Sa chás go gcaillfeadh sí, bheadh an plé faoin mBreatimeacht ina lánstad nach mór nó go dtoghfaí ceannaire nua ar na Tóraithe. Bíonn dhá chuid i gcomórtais cheannaireachta na dTóraithe. D’fhéadfadh aon fheisire parlaiminte seasamh sa toghchán agus leanfadh an 315  feisire atá ag an bpáirtí orthu ag vótáil go dtí nach mbeadh fágtha san iomaíocht ach beirt.

I measc na ndaoine atá á lua mar chomharba ar May, tá Boris Johnson, Dominic Rabb, Aber Rudd, Michael Gove agus Jeremy Hunt.

Fág freagra ar '‘Ní dhéanfaidh roinnt seachtainí ag sclamhadh a chéile ach deighilt níos mó a chruthú’ – an fód á sheasamh ag May'