‘Ní coirpeach mo mhac’ – scéal dhíchoiriúlú na homaighnéasachta

30 bliain ó a shin deineadh díchoiriúlú ar an homaighnéasacht. Pléitear oidhreacht an athraithe stairiúil sin leis an Taoiseach Leo Varadkar, an tAire Roderic O’Gorman agus na hiar-airí Máire Geoghegan-Quinn agus Pat Carey

‘Ní coirpeach mo mhac’ – scéal dhíchoiriúlú na homaighnéasachta

Oíche an 9 Meán Fómhair 1982, rinneadh ionsaí brúidiúil ar Declan Flynn, fear óg aerach, i bPáirc Fhionnradhairc i mBaile Átha Cliath. Fuarthas a chorpán go moch an mhaidin dár gcionn. Ciontaíodh cúigear fear óg as Declan Flynn a ionsaí agus a mharú, ach níor gearradh téarma príosúin ar aon duine acu. Chuir an eachtra scanradh agus alltacht ar an bpobal aerach in Éirinn ag an am, agus bliain ina dhiaidh reáchtáladh agóid ar son chearta an phobail – an chéad Fhéile Bhróid sa tír seo.

I mbliana, déanfar an Fhéile a cheiliúradh den 40ú bliain, agus glacfaidh na mílte duine, comhlacht agus áit oibre páirt inti. Rachaidh an pharáid trí shráideanna Bhaile Átha Cliath ag deireadh mhí an Mheithimh, agus trí chathracha agus bailte eile na hÉireann le linn an tsamhraidh.

Ó thaobh na polaitíochta de, tá 30 bliain ann ó rinneadh an homaighnéasacht a díchoiriú sa tír seo. Ba í Máire Geoghegan-Quinn a threoraigh an reachtaíocht sin trí Thithe an Oireachtais, ach ní gan chonspóid a bhí an próiseas. Chuir sí síos ar a taithí in alt san Irish Times sa bhliain 2015, i lár an fheachtais ar an gcomhionannas pósta:

‘The government made a decision that may not have been popular but which was certainly right.’

Cuimhníonn Máire Geoghegan-Quinn go maith ar an tréimhse chorraitheach sin. Thóg David Norris, léachtóir, Seanadóir agus fear aerach, cás in aghaidh an Stáit ar cheist an choirithe. D’éirigh leis an gcás agus chuir sin ‘náire’ ar Éirinn os comhair na hEorpa. Bhí Máire Geoghegan-Quinn diongbháilte tabhairt faoi reachtaíocht agus í ceaptha ina hAire Dlí agus Cirt. Chonaic sí sa gcéad chruinniú a bhí aici le hoifigigh a Roinne go raibh an díchoiriú “ag bun an liosta ar fad” de spriocanna reachtaíochta; measadh go mbeadh sé dúshlánach an bille a chur tríd. Ní hé go raibh an Roinn i gcoinne an Bhille, dar léi, ach theastaigh uathu í a chosaint ó dhíospóireacht ghéar. Dúirt sí leo tús áite a thabhairt don reachtaíocht, agus cuireadh tús leis an bpróiseas.

Agus í faoi agallamh agam, dúirt Geoghegan-Quinn go raibh sí i gcónaí ar an taobh liobrálach den pháirtí i Fianna Fáil – seasamh a bhí uaigneach ó am go ham. Ach bhí sí diongbháilte faoin homaighnéasacht a dhíchoiriú ó bhí cruinniú aici le Phil Moore, feachtasóir ciúin a chuaigh chuici ‘mar mháthair, ag labhairt le máthair’ chun achainí a dhéanamh ar an rialtas an dlí a athrú. D’fhág sí rian ar aigne Geoghegan-Quinn; an cur síos cineálta a rinne sí ar a mac Dermot, a bhí aerach. ‘And you tell me that my son is a criminal?’ an cheist a cuireadh ag deireadh a cuid cainte. ‘Ní raibh aon dul as,’ ina dhiaidh sin, a dúirt an t-iar-aire Dlí agus Cirt. ‘Caithfear seo a athrú’.

Máire Geoghegan-Quinn. Pictiúr: RollingNews.ie

Thuig an Taoiseach Albert Reynolds an tábhacht a bhí leis an mbille seo (cé nach raibh Máire Geoghegan-Quinn cinnte faoina thuairimí pearsanta ar an ábhar) agus thacaigh sé léi. Chuir Geoghegan-Quinn an bille i láthair ag cruinniú rialtais agus labhair an Taoiseach díreach ina diaidh – an t-aon uair go gcuimhníonn sí air a leithéid a dhéanamh. An babhta seo, chuir sé a thacaíocht in iúl don rialtas, agus glacadh leis.

Arís agus arís eile, labhair Geoghegan-Quinn lena comhghleacaithe mar dhaoine, mar thuismitheoirí seachas mar pholaiteoirí nó mar bhaill pháirtí. D’éirigh léi ag gach céim den phróiseas – tríd an Dáil, chuig an Seanad  agus ar aghaidh go hÁras an Uachtaráin, áit ar chuir Máire Mhic Róibín (an dlíodóir a bhí ag Norris nuair a thóg sé a chás in aghaidh an Stáit) a lámh leis.

Deir Geoghegan-Quinn anois gurb é rith an bhille sin buaicphointe a saoil pholaitíochta, agus go bpléitear léi fós é sa lá atá inniu ann. Cuimhníonn sí chomh maith ar lá ar reáchtáil sí clinic os cionn teach tábhairne i nGaillimh nuair a tháinig fear an tí chun an dorais chuici chun buíochas a ghlacadh léi: ‘Máire, you’ll have to go downstairs – all your boys are here. All your homosexuals are here!’

Pat Carey aimsir an reifrinn phósta. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Thuig Pat Carey, iar-aire rialtais de chuid Fhianna Fáil sna 2000idí, tábhacht na reachtaíochta sin chomh maith. Chonaic Carey an t-achrann a bhain le díchoiriú i 1993. Ag an am, bhí daoine ann nár chuir spéis in aon rud a chuaigh i gcoinne theagasc na heaglaise. Cheapfá gur “doras faoi ghlas” a bhí ann, agus “do briseadh an doras isteach ón taobh amuigh”. Níl aon amhras ach gur chaill Fianna Fáil vótaí toisc an seasamh sin a ghlacadh, dar leis, ach ba é an rud ceart é le déanamh.

Ghlac Carey ról lárnach sa reifreann a reáchtáladh sa bhliain 2015, ar an gcomhionannas pósta ‘trí thimpiste’. Fear aerach is ea é, a ‘tháinig amach’ agus a labhair ar a fhéiniúlacht den chéad uair le linn an fheachtais, tráth a raibh sé éirithe as an bpolaitíocht. Cé gur vótáil sé ar son reifreann a ghairm agus é sa saol poiblí, níor labhair sé faoi na cúiseanna pearsanta a bhí aige leis sin go dtí aimsir an reifrinn. Léirigh sé díomá le comhairleoirí Fhianna Fáil ag an am toisc nach raibh níos mó á dhéanamh acu ar an gceist, toisc nach raibh ról níos lárnaí á ghlacadh acu sa díospóireacht. Foilsíodh alt i nuachtán ag cur síos ar an gcomhrá áirithe sin a bhí aige leis na comhairleoirí, agus rinne sé dhá agallamh le Pat Kenny agus le Seán O’Rourke, bunaithe ar an alt sin, inar phléigh sé a chás pearsanta. Bhí Carey ar dhuine de na feachtasóirí ba shuntasaí agus ba chumhachtaí aimsir an reifrinn.

D’íoc sé praghas pearsanta as sin chomh maith. Deir Carey go raibh comhghleacaithe aige nár labhair leis i gceart ó labhair sé amach go poiblí – ‘b’fhéidir gur cheap siad gur chuir mé an dallamullóg orthu’. Toisc é bheith tagtha amach ina fhear aerach, bhí sé ‘éagsúil’ óna chomhghleacaithe, agus bhí deacracht ag mionlach áirithe glacadh leis an éagsúlacht sin.

Admhaíonn sé chomh maith go raibh saoirse cainte aige toisc é a bheith imithe ón bpolaitíocht. ‘Sheas mé an fód – ach ní raibh aon rud le cailliúint agam,’ a deir Carey.

Leo Varadkar

Ghlac Leo Varadkar, a bhí ina Aire Sláinte ag an am, páirt lárnach san fheachtas chomh maith – ar chúis phearsanta. Fear aerach é nár phléigh a chlaonadh go poiblí, ná lena chomhghleacaithe ar fad go dtí an an reifreann. ‘Ní raibh mé le dul i mbun feachtais sa tríú pearsa,’ a deir Varadkar. Rinneadh tagairt i gcruinnithe Fhine Gael don phobal aerach mar phobal ‘eile’. “Bhí orm a thaispeáint go raibh daoine aeracha sa seomra le linn na gcruinnithe seo,” arsa Varadkar.

D’éirigh leis an reifreann le móramh mór – 62:38%. Agus chuaigh na scéalta pearsanta go mór i gcion ar an bpobal. Dar le Varadkar, chabhraigh na scéalta sin go mór leis an bhfeachtas ach chuir sé iontas ar roinnt Teachtaí Dála chomh maith.

Tháinig an bua seo ag deireadh an fheachtais a bhí brúidiúil, pianmhar agus pearsanta –  feachtas inar pléadh áit na ndaoine homaighnéasacha i sochaí na hÉireann.

Ó shin, áfach, tá an saol bogtha ar aghaidh. D’éirigh leis an reifreann seo an homaighnéasacht a ‘normalú’ ar bhealach, dar le Carey. Ní theastaíonn an chrógacht chéanna ó pholaiteoirí le tacú le cearta LADT+ níos mó. Deir Geoghegan-Quinn gur mór an difríocht idir Fianna Fáil na 1990idí agus an páirtí inniu – gur athraigh sé leis an bpobal.

Ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil homafóibe ann a thuilleadh, áfach. Labhair mé le Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, atá ina fhear aerach chomh maith. Trí lá i ndiaidh a cheapacháin mar Aire ar an Roinn, bhailigh slua taobh amuigh de Theach Laighean i mbun agóide ina choinne – go pearsanta. Bhí lucht na hagóide míshásta go raibh freagracht na Roinne Leanaí bronnta ar fhear aerach, dar leis. Glaodh ‘groomer’ agus ‘paedophile’ ar O’Gorman, bhí sealán an chrochadóra ag duine amháin sa slua.

Ní minic a bhíonn rochtain ag O’Gorman ar a chuntais na meán shóisialta; scríobhtar teachtaireachtaí gáirsiúla den saghas céanna chuige go minic. Luaitear na meáin shóisialta arís agus arís eile i gcomhráite leis na polaiteoirí – tá amhras ar Mháire Geoghegan-Quinn, mar shampla, go mbeadh an rath céanna uirthi dá mbeadh na meáin shóisialta ann i 1993. Ba mhinic a deir sí a cuireadh litreacha le ráitis ‘damanta, áiféiseacha’ iontu – caitheadh iad sa tine. ‘Ní féidir an rud céanna a dhéanamh leis na meáin – agus creideann daoine gach a bhfeiceann siad ar na meáin chéanna.’  Is éasca duine a ionsaí, agus an dubh a chur ina bhán, ar na meáin shóisialta.

Agus tá gach seans ann go dtroidfear an chéad chath eile ar na meáin shóisialta, mar aon le Dáil Éireann.

Dar le O’Gorman, tá gach seans ann go gcaillfidh sé vótaí sa gcéad olltoghchán eile toisc an seasamh atá glactha aige ar cheist na trasinscne. Cé nach bhfuil aon díospóireacht reachtúil i gceist, mar gur tugadh isteach an tAcht um Inscne a Aithint sa bhliain 2015, tá “cogadh cultúrtha” ag sileadh isteach sa tsochaí, nasctha leis an díospóireacht fhíochmhar atá ar siúl sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe. Ábhar imní é seo do Leo Varadkar chomh maith Tá ‘díospóireacht áiféiseach’ ar siúl i dtíortha eile, a deir sé, ach éiríonn le lucht an aineolais mar nach bhfuil tuiscint chomh forleathan céanna ag daoine ar na saincheisteanna seo.

Roderic O’Gorman. Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Ag caint ar chúrsaí trasinscne, admhaíonn O’Gorman nach bhfuil an cheist sin pléite go sonrach ag leibhéal an rialtais; ach nach samhlaíonn sé go mbeadh easaontas suntasach timpeall ar bhord an rialtais ar an ábhar. Ní fios, áfach, go dtí go bpléifear an cheist. Ag caint ar an rialtas trí chéile, deir Varadkar go mbeidh ‘tromlach’ ann a thacódh le cearta an phobail trasinscne. ‘Ach ní bheidh gach duine ar aon intinn.’

Is ábhar imní é don phobal trasinscne go bhfuil ‘an chaint nimhneach’ ann ina choinne. Luaitear chomh maith na hionsaithe brúidiúla a dhéantar ar bhaill an phobail LADT+ – dúnmharaíodh beirt fhear aerach i Sligeach anuraidh, agus rinneadh ionsaí ar dhaoine i mBaile Átha Cliath agus iad ar a mbealach abhaile ó chlubanna oíche aeracha, mar shampla. Tá súil ag an rialtas go gcuirfear bille ar an bhFuathchaint trí Thithe an Oireachtais go gairid – roimh dheireadh an téarma Dála seo, más féidir. Chabhródh sé stádas faoi leith agus cosaint bhreise a thabhairt don phobal. Ábhar dóchais don Aire Comhionannais chomh maith an Coimisinéir um Shábháilteacht ar Líne mar beidh freagracht ar an Oifig sin féachaint ar an spás ar líne agus a chinntiú go nglacann comhlachtaí agus úsáideoirí freagracht as a gcuirtear amach go poiblí. Leanfar ar aghaidh leis an traenáil a chuirtear ar fáil do ranna Stáit chomh maith – an Garda Síochána, mar shampla – agus luann Varadkar agus O’Gorman an feabhas atá tagtha ar an gcaidreamh eatarthu agus an pobal LADT+.

Tuigeann an rialtas chomh maith go bhféadfaí díospóireacht a thosú ar iliomad ábhar a bhaineann leis an bpobal aerach a tharraingeodh achrann agus fuath – máthair-ionadaíocht, nó comhionannas inscne, a chuirfear os comhair an phobail i reifreann i mbliana. ‘Tuigeann muid go rímhaith go bhfuil an baol ann go dtabharfar isteach argóintí frith-LADT leis seo,’ a deir O’Gorman. Agus tá an t-ullmhúchán tosaithe acu le dul ina gcoinne sin cheana féin. Tá an baol ann chomh maith go mbainfear leas polaitiúil as an reitric chéanna.

Cuireadh i leith O’Gorman gur chuir sé tuilleadh maoinithe ar fáil do ghrúpaí a dhéanann ionadaíocht ar son an phobail aeraigh, i bhfoirm ‘virement”’(airgead a cuireadh ar fáil ach nár caitheadh, agus a chaitear ar ghrúpa nó ar chúis eile ansin). Bhí airgead á chur ar fáil do ‘constituency’ an Aire. Ach ní dáilcheantar a bhí i gceist leis seo, dar le O’Gorman, ach a ‘mhuintir’ – an pobal LADT+.

I bhfreagra cuimsitheach, bríomhar sa Seanad, chosain O’Gorman an cleachtas agus an tacaíocht a cuireadh ar fáil. Cheistigh sé an chúis gur díríodh ar an dhá virement seo, péire as 26 a rinne a Roinn, agus a cheadaigh an Roinn um Chaiteachas Poiblí. Mhothaigh O’Gorman nach raibh an dara rogha aige ach dul i ngleic – go láidir – leis an iarracht seo ‘spíd’ a chaitheamh air.

Deir Varadkar nach bhfuil aon náire air go labhraíonn sé don phobal LADT; éisteann sé leo, agus glacann treoir uathu ar cheisteanna éagsúla – sláinte chollaí, mar shampla.

Deir Roderic O’Gorman nach ionann na constaicí atá roimh bhall den phobal LADT agus a bheadh roimh dhuine den lucht siúil, duine de dhath, nó bean, fiú. Ach tá an t-aighneas ann.

Caithfear an t-eolas iomlán agus ceart a chur in iúl don phobal chun dul i ngleic leis seo, dar leis an Aire. ‘Eolas, agus an fhírinne’ is cumhachtaí sa díospóireacht, dar le Varadkar.

Agus arís, feictear buntáiste na gné pearsanta den scéal. Deir O’Gorman go gcabhraíonn sé go mór chomh maith go bhfuil daoine aeracha le feiceáil i mbun oibre mar pholaiteoirí agus i róil shinsearacha eile. Deir Varadkar gur féidir le duine óg atá aerach aon aidhm a bhaint amach, nach bhféachtar ar an homaighnéasacht mar ‘bhac’ sa saol poiblí – d’éirigh leis-sean dul chun cinn ó bhí sé ina fhear óg, sular tugadh an díchoiriú isteach.

Luaitear an mana a bhí ag Harvey Milk, duine de na polaiteoirí aeracha ba mó clú agus cáil sna 70idí – nuair a chuirtear aithne ar an bpobal, athraítear intinn agus tuairimí. Is treise an phearsantacht ná an pholaitíocht go minic.

Mar fhocal scoir, mar sin, labhróidh mé go pearsanta. Tá mise dhá bhliain níos sine ná mar a bhí Declan Flynn nuair a dúnmharaíodh é sa bhliain 1982. Rugadh mé sa bhliain 1990, agus ó shin i leith, ní féidir a shéanadh ach go bhfuil dul chun cinn ollmhór déanta. Níl mo chlaonadh pearsanta in aghaidh an dlí; mar a bhí sé nuair a tháinig mé ar an saol. Tá cead agam pósadh, agus páiste a uchtú, dá mba mhian liom é. Tá tuiscint agus comhbhá leis an bpobal aerach i measc ranna stáit, lucht na polaitíochta agus mhuintir na hÉireann anois nach raibh ann nuair a saolaíodh mé. Ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil deireadh leis an obair ar mo shon, nó nach bhfuil gá le tuilleadh cosanta.

Tá ‘éabhlóid’ ar siúl, dar leis an iar-aire Pat Carey. Agus leanfar ar aghaidh leis sin sa 30 bliain atá romhainn chomh maith. Cuimhneofar ar dhúnmharú Declan Flynn ag Féile Bhróid na bliana seo, agus beimid ar fad ag luí isteach ar an obair lena chinntiú nach gcuirtear beatha daoine aeracha i mbaol arís go deo.

  • Foilsíodh an t-alt seo in eagrán mhí an Mheithimh den iris Comhar, eagrán speisialta ina ndéantar ceiliúradh ar dhíchoiriúlú na homaighnéasachta in Éirinn i 1993

Fág freagra ar '‘Ní coirpeach mo mhac’ – scéal dhíchoiriúlú na homaighnéasachta'

  • Meadhbh

    An-alt go deo, treise leat a Eoin!

  • Sorcha

    Alt tábhachtach. Buíochas libh.

  • Seán Mag Leannáin

    Cad atá i gceist le máthair ionadaíocht? Níor chuala mé an téarma seo riamh cheana.