Tá dhá dhualgas ar dhuine ar bith atá ag beartú labhairt nó scríobh faoi dhúnmharú Ashling Murphy. Ní foláir cloí leis an gcuid den scéal léanmhar atá ar eolas go cinnte dearfa. Ní foláir cuimhneamh freisin ar chroíbhriseadh a muintire.
D’athmhúscail an t-uafás sa Tulach Mhór díospóireacht a theastaíonn go géar ar an bhforéigean agus ar an mbagairt foréigin nach féidir le bean ar bith neamhaird a dhéanamh orthu ar feadh a saoil. Ní bheidh toradh fónta ar an bplé áfach má úsáidtear é mar ábhar poiblí sóláis a ndéanfar dearmad air tar éis tamaill.
Rinne an t-iriseoir Sorcha Ní Mhonacháin cur síos beacht ar Twitter Déardaoin ar thábhacht phearsanta agus phoiblí an oilc:
‘Bhí saol aclaí, ceolmhar i ndán d’Ashling Murphy – go dtí gur bhain fear di é le gníomh gránna, fuafar. Caithfidh seo stad. Caithfidh fir mhaithe labhairt le fir eile in éadan foréigean ban. Go dtí sin ní bheidh mná slán ná saor. Suaimhneas síoraí d’Ashling agus sólás dá muintir.’
Léiríonn cuntas atá á choinneáil ag Women’s Aid gur maraíodh 244 bean sa stát ó 1996 anall – thart ar dheichniúr ar an meán gach bliain. Deimhníodh sna cásanna ina raibh toradh cinnte ar fhiosrúchán go raibh aithne ag 87% de na mná a maraíodh ar na fir a mharaigh iad. Bhí strainséirí freagrach as marú na mban eile, a trí déag faoin gcéad den iomlán.
Cuireann dúnmharú mná in ionad poiblí i rith an lae alltacht agus imní ar chách. Tarraingíonn sé aird ar bhuanchúis imní nach gcuireann as d’fhir: nach bhfuil aon dul as ag gach bean ach a bheith ar a hairdeall in áiteanna poiblí. Go deimhin, téann tionchar an dainséir ar mhná as amharc mar ábhar díospóireachta toisc go mbíonn mná chomh cáiréiseach cúramach agus iad ag siúl nó ag rith in áiteanna ina mbraitheann siad contúirt. Ní minic leo labhairt faoin gcáiréis shíoraí sin.
Is eol dár bhformhór go bhfuil an scéal amhlaidh ach de ghnáth ní phléitear a chúis ná a leigheas go forleathan ach amháin tar éis eachtra uafásach – mar a tharla tar éis dúnmharú Sarah Everard i Londain anuraidh, agus mar atá ar bun abhus ó tháinig an drochscéala ón Tulach Mhór Dé Céadaoin.
Léiríodh fearg, faitíos agus comhbhrón in éineacht ag na tionóil ar ar fhreastail mná, agus fir ina dteannta, ar fud na tíre tráthnóna Dé hAoine. D’áitigh go leor ban ar fhir tacú leo chun stop a chur leis an tsíorbhagairt foréigin a chuireann srian ar a sábháilteacht agus a saoirse.
B’ábhar suntais nach beag é go ndúirt mná freisin go raibh siad “tuirseach” den tsíorimní agus den síordhainséar. Is léir le fada dar leo an fuath agus an drochmheas a thugann ar fhir mná a ionsaí, a mhaslú nó a scanrú. Is éard a theastaíonn gníomh a chuirfidh deireadh leis an meon a spreagann mí-iompar agus uaireanta, marú.
Tá sé róluath a rá an mbeidh mórán fear toilteanach aghaidh a thabhairt ar fhir eile a gcuireann a gcuid cainte nó a ngníomhartha faitíos ar mhná. Dá threise an alltacht a chuir dúnmharú Ashling Murphy ar chách, is fada an t-achar idir alltacht a mhothú tar éis uafáis agus a admháil go bhfuil caint ghránna, gártha magaidh, maslú, bagairt, scanrú, leagan láimhe nach dteastaíonn, crúbáil, ionsaí gnéasach, batráil agus dúnmharú ar fad ar an speictream céanna.
Beidh faisnéis agus tuiscint níos doimhne ná mar atá ar fáil faoi láthair ag teastáil más mian leis an rialtas dóchas dáiríre a thabhairt do mhná go rachfar i ngleic leis an bhfadhb – mar a gheall an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee ar an raidió Déardaoin.
Mhol príomhfheidhmeannach Chomhairle na mBan, Orla O’Connor ag tionól taobh amuigh de Theach Laighean go gceapfaí aire rialtais chun déileáil le foréigean ar bhonn inscne. B’fhiú a moladh a mheá, is é sin dá mbeadh fáil ag an té a cheapfaí ar an bhfaisnéis, an fhoireann agus an maoiniú a bheadh riachtanach chun dul i ngleic leis an bhfadhb.
Ós ag caint ar acmhainní atáimid, ní foláir cuimhneamh ar chás cúirte i mBaile Átha Cliath Déardaoin ar dúradh lena linn go raibh cúrsa cónaitheach teiripe de dhíth ar ógánach a bhí os comhair na cúirte. D’admhaigh sé gur bhagair sé go ngortódh sé beirt iriseoirí, beirt bhan. Dúradh leis an gcúirt nach acmhainn don HSE íoc as an gcúrsa teiripe.
Beidh caiteachas níos mó agus cur chuige níos leanúnaí ar bhonn náisiúnta ag teastáil leis gcineál meon fireann a scanraíonn mná a cheansú, nó ar a laghad é a mhaolú. Shílfeá gur beag duine i dTeach Laighean nó lasmuigh de áfach a shéanfadh an riachtanas faoi láthair.
Fág freagra ar 'Ní chuirfidh uafás ná imní stop leis an bhforéigean a chuireann srian ar shábháilteacht gach bean sa tír'