Ní cathair mar a tuairisc ‘Chernobyl’ go fóill

B’fhéidir go mbeidh ‘Chernobyl’ níos mó os cionn a buille nuair a bheidh an tubaiste féin curtha di aici agus ionramháil á déanamh aici ar an méid a tharla ina diaidh

Ní cathair mar a tuairisc ‘Chernobyl’ go fóill

Bhíos ag súil go mór leis an tsraith Chernobyl (Dé Luain) ar comhghuaillíocht í idir Sky Atlantic agus HBO. Tá tragóid Chernobyl greanta ina gcuimhne siúd a bhí suas ag an am. Cuimhníonn siad i gcónaí ar an stangadh a baineadh as an domhan nuair a chualathas faoin tubaiste agus ní dhearmadfaidh siad choíche an sceimhle roimh nimhiú radaíochta, go mórmhór nuair a tuigeadh i gceart cad a bhí chugainn ar an ngaoth anoir.

É sin ar fad agus an comhthéacs casta, teannasach polaitiúil idir an t-iarthar agus an t-oirthear.

Bhíos ag súil go n-éireodh leis na ceártaí seo an chuid is fearr den scannán tubaiste a chniotáil leis an scannán polaitiúil agus an dráma pearsanta le fíorscéal mór a insint go slachtmhar. Cé nach bhfuil an saothar gan a mhaitheasaí b’ábhar díomá an chéad ghála.

Ar an gcéad dul síos beidh siad siúd nach bhfuil cur amach acu ar mhionsonraí na tubaiste nó tuiscint mhaith ar an bhfisic núicléach acu (agus sin formhór againn), ag tochas a gcinn go minic agus an chaint eolaíoch ar fad ag dul sa bhfraoch orainn.

Ní chabhraíonn sé go bhfuil sé an-deacair na hainmneacha agus aghaidheanna difriúla a aithint ó chéile agus nach bhfuil aon chur amach againn ar leagan amach na monarchan. Tá an ceann deireanach acu sin níos tábhachtaí ná mar a cheapfá óir go bhfuil an oiread sin cainte faoi na seomraí difriúla san ionad agus cad é caint faoi “croí” na monarchan.

Is mór an trua nach mbaintear úsáid as grafaicí anseo agus ansiúd, agus fiú dá mbeadh seat aeir den láthair ann (le cabhair an CGI), chabhródh seo linn an mearbhall a chur dínn. Gan amhras d’fhéadfaí seatanna den láthair inniu a sholáthar ag deireadh na sraithe.

Lena chois sin chabhródh réamhrá beag ó thaobh an chomhthéacs pholaitiúil le tuiscint a thabhairt dúinn ar mheon na bpearsana éagsúla nuair a théann an phraiseach ar fud na mias agus na gráinníní núicléacha ar fud na dúichí.

Is cinnte nár chabhraigh meon na n-údarás leis an tubaiste. Ag tús an chláir tráchtann Valery Legasov (Jared Harris) ar an gcamastaíl agus an t-uisce fé thalamh a bhain leis an tubaiste ó thús go deireadh. Déanann sé an chaint seo a thaifeadadh dhá bhliain tar éis na tragóide agus ansin déanann sé na téipeanna a chur i bhfolach agus é féin a chrochadh.

Ansin i bhfaiteadh na súl táimid thiar in Pripyat na hÚcráine ar an oíche chinniúnach úd in Aibreán na bliana 1986.

Tá a fhios ag an lucht féachana go bhfuilid in umar na haimléise go mór mhór agus na hoibrithe ag maíomh go bhfuilid in ann miotal á bhlaiseadh. Tá meascán den neamhinniúlacht, eagla roimh an bhfírinne agus sotal le feiscint i measc na n-údarás, go háirithe in Antoly Dyatlov (Paul Ritter), an té a chúiseofar as a bheith freagrach.

Tá taispeántais bhreátha ón gcliar agus beidh tuilleadh de Jesssie Buckley na hÉireann le feiscint amach anseo agus níl Stellan Skarsgård, Barry Keoghan ná Emily Watson feicthe againn go fóill.

B’fhéidir go mbeidh an tsraith níos mó os cionn a buille nuair a bheidh an tubaiste féin curtha di aici agus ionramháil á déanamh aici ar an méid a tharla ina diaidh.

Fág freagra ar 'Ní cathair mar a tuairisc ‘Chernobyl’ go fóill'