Ní binn leis an iriseoir béal ina thost

Is fusa don iriseoir ábhar spreagúil a sholáthar nuair a bhíonn easaontas nó achrann faoi chaibidil ach troid na mbó maol a bheidh i dTeach Laighean i mbliana, dar lenár gcolúnaí... 

Ní binn leis an iriseoir béal ina thost

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Ní go minic a nochtann iriseoirí an fhírinne maidir lena gceird ach ní foláir í a admháil uaireanta.  

Cibé gairm a bhí á cleachtadh ag an té a chum an seanfhocal ‘Is binn béal ina thost’, ní raibh aon bhaint aige ná aici le gairm na hiriseoireachta ná le scríobh colún. Ní raibh eagarthóir ar bith riamh sásta le tost ná le páipéar bán ná scáileán glan ar a ríomhaire. 

Teastaíonn tuairiscí agus tuairimí agus, eadrainn féin, cluain chliceála ó gach eagarthóir gach lá. Níl aon rogha ag a fhoireann ach an t-éileamh sin a shásamh.  

Bíonn go leor daoine breátha in ísle brí sna leamhlaethanta liatha tar éis na Nollag, agus gan aon fhonn cainte ná spraoi orthu ar feadh scaithimh. 

Ní cheadaítear saoirse dá leithéid d’iriseoirí ná do cholúnaithe. Níl aon rogha acu ach gruaim lár an gheimhridh a chur as a n-intinn go mbeidh a saothar seolta. Bíonn dualgas dá leithéid ar gach oibrí, ach ní bhíonn dualgas ar a bhformhór ábhar nuachta nua a lorg, ná mianach tuairimíochta nua a aimsiú..

 “Féach, nár gheall tú thuas an fhírinne a inseacht” a déarfaidh léitheoirí foighdeacha faoin am seo. “An bhfuil seans ar bith ann go gcomhlíonfá do gheallúint, seachas a bheith ag síorchur síos ar a dhéine agus atá saol an iriseora? Nach bhfuil fadhbanna le réiteach againn ar fad agus brú orainn go léir an tráth seo bliana ar bhealach éigin?”

Gearán réasúnta. An fhírinne mar sin, gan mhoill. Ní oireann comhthuiscint d’iriseoirí, ná aontas, ná comhréiteach, ná tarraingt le chéile. 

Nílimid míréasúnta ná mídhaonna. Fáiltímid roimh réiteach argóna agus maolú ar an naimhdeas nó an faltanas. Ach bíonn a fhios againn go n-íocfaimid go daor as. Tá amhras ort, a léitheoir dhil? Samhlaigh mar sin an spéis a chuirfeá i gceannlíne mar seo:

CUR CHUIGE AN RIALTAIS MOLTA AG MICHEÁL MARTIN

Nó i gceannlíne mar seo: 

LAGHDÚ AR AN RÁTA BÁIS AR BHÓITHRE NA TÍRE

Nó, má chuirtear ciall i leataobh go hiomlán, a leithéid seo:

GACH RÉIGIÚN GAELTACHTA SÁSTA LEIS AN ÚDARÁS

Níl iriseoirí ná colúnaithe in aghaidh gach dea-scéala i bprionsabal, ach is fusa ábhar spreagúil a sholáthar nuair a bhíonn easaontas nó achrann faoi chaibidil. Má cháineann ceannaire an fhreasúra cur chuige an rialtais, tarraingíonn sé sin aird láithreach. 

Ní hionann sin agus a rá gur chóir aird a thabhairt ar cháineadh i gcónaí, ach bíonn mianach nuachta ann go minic. Chomh maith le síol colúin, más léir go bhfuil (a) fiúntas ina bhfuil á rá nó (b) gur raiméis atá ann.

Tiocfaidh an Dáil le chéile arís Dé Máirt tar éis saoire na Nollag. Ainneoin toghcháin na hEorpa agus na toghcháin áitiúla a bheith ar siúl i mí na Bealtaine, is léir go mbeidh príomhpháirtithe an rialtais agus an fhreasúra ag tarraingt le chéile ar feadh na bliana seo. 

Tá geallúint chomhoibrithe tugtha ag Fianna Fáil d’Fhine Gael. Geallúint gan choinníoll, mar gheall ar ghéarchéim an Bhreatimeachta. Nó sin a deirtear. Oireann an sos comhraic seo do na páirtithe eile. 

Gan dabht, feicfear trodaíocht na mbó maol ó am go ham in 2019, ach níl le meá ó thaobh seasmhacht na Dála seo ach ceist amháin: an mbeidh údar dóchais sách láidir ag Leo Varadkar i mbliana a chuirfeadh ina luí air olltoghchán a fhógairt?

Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil bliain spreagúil polaitíochta amach romhainn. Cuirfidh an Breatimeacht crua atá ag bagairt brú as cuimse ar gheilleagar agus ar shaol na tíre. Roimhe sin, tabharfaidh na haltraí dúshlán an rialtais nuair a chuirfidh siad tús le sraith stailceanna lae ar an 30 Eanáir. Deir Paschal Donohoe nach bhfuil 300m ar fáil leis na haltraí a shásamh. 

Idir an dá linn, tá costas an ospidéil nua do leanaí ag ardú in aghaidh an lae beagnach: 983 milliún a theastaigh lena thógáil, de réir mar a bhí beartaithe ag an rialtas i mí Meán Fómhair. De réir an mheastacháin is deireanaí, beidh 1.73 billiún riachtanach. Níl aon mhíniú réasúnta tugtha fós ar an mbearna idir an dá fhigiúr, ná aon ghealltanas inchreidte tugtha nach rachaidh an praghas in airde arís. Do bharúil, 2bn faoi dheireadh, ar a laghad?

Má chuireann ganntanas bunábhair i dTeach Laighean imní ar iriseoirí nó ar cholúnaithe polaitíochta in 2019, beidh flúirse ábhar ar fáil lasmuigh. Tiocfam slán.

Fág freagra ar 'Ní binn leis an iriseoir béal ina thost'

  • Máiread

    Iontach