Ní bheidh traein i gConamara, ach céard faoi bhóithre?

Tá bóithre maithe ag teastáil agus tá bóithre maithe dlite do phobal Chonamara

Ní bheidh traein i gConamara, ach céard faoi bhóithre?

Ní bheidh an traein ag teacht ar ais go Conamara.

Tá a ndréacht-tuarascáil eisithe ag an gcomhlacht comhairleoireachta a rinne staidéar “straitéiseach” ar an gcóras iarnróid ar fud na tíre. Bhí toradh ciallmhar ar an dréacht-tuarascáil chomh fada agus a bhain sé le traenacha i gcuid mhór de cheantair tuaithe an iarthair, Conamara ina measc. Dúradh: “Ní leigheas éifeachtach a bheadh i bhforbairt fhorleathan ar iarnróid ar fhadhbanna taistil agus ceangail idirbhailte i gcuid mhór d’iarthar na hÉireann.”

Moltar gur cheart an tseirbhís traenach a neartú idir cathair na Gaillimhe agus cathracha móra eile na tíre agus gur cheart tuilleadh seirbhísí a bheith ar fáil ar an líne iarnróid as Maigh Eo go dtí Baile Átha Luain.

D’fheilfeadh sé, a dúradh, go mbeadh seirbhís ar an iarnród idir Baile Átha an Rí agus Clár Chlainne Mhuiris aríst mar go dtabharfadh sé deis iompar lastas go calafoirt ar an gcósta ó dheas. Chiallódh sé freisin, a dúradh, go bhféadfaí seirbhís traenach a chur ar fáil idir cathair na Gaillimhe agus Maigh Eo.

Dá réir seo uilig, caithfear a bheith ag brath ar bhóithre mar phríomhbhealach taistil san réigiún tuaithe taobh thiar den tSionainn. Níos gaire de láthair i gConamara, is léir – agus ba léir i gcónaí – gurb é an bóthar an príomhbhealach taistil taobh thiar den Choirib. Pé ar bith cumhacht a choinneoidh inneall an chairr, nó inneall an bhus, ag imeacht, sin scéal eile. Tá bóithre maithe ag teastáil agus tá bóithre maithe dlite do phobal Chonamara. Taispeánann na comharthaí bóthair go bhfuil sé 82 ciliméadar as an gClochán go Gaillimh; 80 ciliméadar as Carna go Gaillimh; 60 ciliméadar as Leitir Mealláin go Gaillimh.

Ní bheidh an traein ag teacht go Conamara níos mó. Cuireadh deireadh léi i 1935.

Cá bhfuil muid ar an mbóthar i dtreo na forbartha ar phríomhbhóithre Chonamara agus muid ag teannadh leis an ráithe dheireanach de 2024?

Is ag an mbóthar náisiúnta den dara grád atá an stádas is airde i gConamara, an N59. Síneann sé as cathair na Gaillimhe siar go dtí an Clochán agus as sin ó thuaidh go dtí an Líonán agus amach go hiarthar Mhaigh Eo. Tá léas dóchais ag baint le forbairtí ar an mbóthar seo le tabhairt faoi deara le gairid ach seachain a gceapfaí go bhfuil aon bheartas mór oibre ar na bacáin fós. Ach is cosúil go bhfuil dris chosáin curtha as an mbealach ó thaobh na pleanála de; tá réiteach i bprionsabal idir Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Oifig na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra faoin gcaoi a ndéanfaí láimhsiú ar uasghrádú an bhóthair sin soir i dtreo Uachtar Ard.

Más mall is mithid.

Thug an Bord Pleanála cead forbartha ar an N59 as an Teach Dóite go hUachtar Ard 12 bliain ó shin. Bhi coinníoll casta leis; chaithfeadh Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a bheith sásta le modhanna oibre Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Rinneadh scéal an ghamhna bhuí dóe ach tá léargas ar an mbóthar anois.

Dá mbeadh airgead ann. Mair a chapaill agus gheobhair féar.

Chuir Bonneagar Iompair Éireann níos mó airgid ar fáil le haghaidh Bealaí Glasa in iarthar na Gaillimhe anuraidh ná a chuireadar ar fáil le aghaidh bóithre náisiúnta. Ach tá máistir ar Bhonneagar Iompair Éireann agus sin í an Roinn Iompair. Tá máistir ar an Roinn Iompair freisin agus sin é an tAire Eamon Ryan.

Tá polasaí ann go gcaithfear €360m. sa mbliain ar Bhealaí Glasa. Dúirt Cumann na bhFeilméaraí Sléibhe tamall ó shin go mbeadh ciall agus réasún le mionscrúdú a dhéanamh ar an gcaiteachas sin, go háirithe agus an t-airgead á tharraingt siar as forbairt bóithre a theastaíonn faoin tuath. Níl córas traenach ag formhór na bhfeilméaraí seo ná ag a gclann. Tá neart acusan ina gcónaí i gConamara.

Is doiléire fós ceist an bhóthair as Gaillimh go deisceart agus go hiarthar Chonamara. Tá stádas níos ísle ag an mbóthar sin, bóthar réigiúnach an R336, ná atá ag an mbóthar ó thuaidh [N59]. Ach, tá an trácht méadaithe thar cuimse ar an mbóthar sin le scór nó deich mbliana fichead. Bhí caint ar bhóthar nua ó dheas chomh fada ó shin leis an 1990idí. Glactar leis go forleathan nach bhfuil an bóthar atá ag teacht anoir le cósta sách maith le haghaidh na tráchta atá ann anois. Níl sé leath sách maith, ach an oiread, le bheith ina bhóthar seirbhíse do Chalafort Ros an Mhíl.

Rinneadh iarracht le theacht ar bhealach le haghaidh bóthar nua le roinnt blianta agus bhí tromlach Chomhairleoirí Contae Chonamara den bharúil gurbh fhearr teannadh amach an sliabh agus gan tithe a leagan. Ach ní raibh aon ghlacadh ag na saineolaithe leis sin ar an gcúis, a dúradh, go mbeifí ag dul thrí Cheantar Speisialta Caomhnaithe – SAC. Ní ghlacfaí leis, a dúradh. Thit an plean uilig as a chéile.

Ní bheidh aon traein i gConamara agus tá staidéar féidearthachta eile le déanamh maidir le bóthar Chonamara Theas. Cuireadh €30,000 ar fáil i mbuiséad Chomhairle Chontae na Gaillimhe le haghaidh an staidéir. Ní bheidh a gcosa beaga ag rith ó chomhlachtaí saineolaithe ag fiach ar an méid sin. Mair a chapaill agus gheobhair féar ar thaobh an bhóthair – mar ní bheidh traein i gConamara.

Fág freagra ar 'Ní bheidh traein i gConamara, ach céard faoi bhóithre?'

  • Proinsias

    Maidir leis an R336 dúirt innealtóír gur saineolaí ar an gcóras iompar sa tír é an méid seo liom le deireanas “The R336 road is unique in Ireland because it is a semi urban strip with no traffic calming measures in pinch areas. It has a remarkable number of unmarked blind exits in areas zoned 80 kph. Even the congested road from Stranorlar to Ballybofey desn’t come close to it in terms of danger “

  • JP

    Rothar leictreach, an-áis go deo.