‘Ní bheidh teorainn chrua in Éirinn, is cuma cad a tharlóidh’ – Boris Johnson

Tá Boris Johnson agus a chéile comhraic i dtoghchán ceannaireachta na dTóraithe, Jeremy Hunt, ar cuairt ar Bhéal Feirste inniu

‘Ní bheidh teorainn chrua in Éirinn, is cuma cad a tharlóidh’ – Boris Johnson

Tá ráite ag Boris Johnson nach mbeidh aon teorainn chrua in Éirinn “is cuma cad a tharlóidh”.

Ag labhairt dó i mBéal Feirste, dúirt an té is dóichí a bheidh ar an gcéad phríomh-aire eile ar an mBreatain, go réiteofaí ceist theorainn na hÉireann i gcainteanna trádála iarBhreatimeachta.

“Cinnte caithfimid na fadhbanna a bhaineann le teorainn Thuaisceart Éireann a réiteach agus an áit a réiteofar iad ná i gcomhthéacs an mhargaidh saorthrádála a bheidh orainn a dhéanamh nuair a bheimid imithe ar an 31 Deireadh Fómhair. 

“Tá sé ríthábhachtach béim a chur ar dhá rud anseo i dTuaisceart Éireann. Uimhir a hAon: nach mbeidh teorainn chrua againn is cuma cad a tharlóidh. Ní bheidh aon seiceálacha fisiciúla ná infreastruchtúr ag an teorainn i dTuaisceart Éireann.

“Agus uimhir a dó: déanfaimid deimhin de go bhfágfar an tAE agus go mbeidh Breatimeacht againn a cheadóidh don Ríocht Aontaithe ar fad imeacht ina hiomláine agus í gan roinnt agus an t-aontas [an Ríocht Aontaithe] slán sábháilte.”

Tá Johnson agus a chéile comhraic i dtoghchán ceannaireachta na dTóraithe Jeremy Hunt ar cuairt ar Bhéal Feirste inniu, mar a bhfuil siad ag iarraidh tacaíocht a mhealladh ó bhaill a bpáirtí ansin.

Mhaígh Johnson agus Hunt go ndéanfaidís a ndícheall anam a chur athuair sna cainteanna maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont.

Dúirt Jeremy Hunt chomh maith nach nglacfaí leis an margadh Breatimeachta fad is a bheadh an cúlstop ann.

“Mar sin caithfear é a athrú nó fáil réidh leis ar fad,” arsa Hunt.

Mhaígh Hunt go bhfágfadh an cúlstop go mbeadh an Ríocht Aontaithe “sáinnithe” i gcóras custaim an AE nó go dtabharfadh an AE cead dóibh imeacht.

Dúirt sé nach bhféadfaí glacadh leis sin agus mhaígh sé go raibh sé ar dhuine de na daoine sa Rialtas a chuir in aghaidh an chúlstop.

Níor luaigh sé an méid sin cheana, a dúirt Hunt, mar go gcreideann sé gur chóir fanacht dílis don phríomh-aire.

Fág freagra ar '‘Ní bheidh teorainn chrua in Éirinn, is cuma cad a tharlóidh’ – Boris Johnson'

  • Liam Mac Lochlainn

    An gcreideann an bheirt amadán seo go fírinneach go mbeidh siad ábalta na rialacha a leagan síos? Má cheapann siad go bhfuil, tá siad ar shiúl sa chloigeann. Aislingí bréige atá ann.