Mí-ádh amach agus amach a bhí ar Chúigí Mumhan, Laighean agus Chonnacht i mBabhta 13 den URC an deireadh seachtaine seo caite.
In ainneoin go raibh na cúigí ar fad ag imirt as baile, agus cluiche á imirt san Afraic Theas ag Cúige Laighean áit a mbíonn sé fíordheacair an lámh in uachtar a fháil ar na foirne baile, ní raibh ach trí phointe sa mbreis ag an bhfreasúra ar Chúige Mumhan agus ar Chúige Chonnacht agus ní raibh na Bulls ach pointe suarach amháin chun cinn ar Chúige Laighean. Dála an scéil, ba é sin an chéad chluiche a chaill Cúige Laighean in aon chomórtas go dtí seo. Seans gur cúis sóláis dóibh gur éirigh leis na trí chúige pointe bónais a aimsiú agus gur éirigh le Cúige Chonnacht, foireann a chláraigh sé úd le dhá phointe bónais a thabhairt abhaile leo.
Cúige Uladh an t-aon chúige a thug na pointí iomlán leo an deireadh seachtaine seo caite agus iad ag fáil bua le ceithre úd (34-30) ar na Dragons sa mBreatain Bheag. Bhí súil leis an toradh sin mar gurb iad na Dragons an fhoireann is laige sa gcomórtas agus gan ach bua amháin cláraithe acu go dtí seo.
Cé go bhfuil Cúigí Uladh, Connacht agus Mumhan ag imirt in Éirinn an deireadh seachtaine seo i mBabhta 14, is ag foireann Bhéal Feirste amháin atá buntáiste imirt sa mbaile. Anocht, cuirfidh siad fáilte go Staid Kingspan roimh Stormers na hAfraice Theas, foireann atá san ochtú áit ar thábla an URC, áit amháin chun cinn ar Chúige Uladh. Is cinnte go dtabharfaidh an bua sin as baile i mBabhta 13 spreagadh agus misneach do na hUltaigh agus beidh gá leis mar go raibh bua maith sa mbaile ag na Stormers (29-17) ar na Scarlets i mBabhta 13. Is deacair a dhéanamh amach cé a bhuafaidh. Ní chuirfinn aon airgead air ach beidh díomá ar Chúige Uladh má theipeann orthu sa mbaile.
Mar a dúirt mé níos túisce, cé nach mbeidh buntáiste an bhaile ag Cúige Chonnacht ná ag Cúige Mumhan agus iad i gcoinne a chéile i bPáirc Mhic Éil i gCaisleán an Bharraigh seans maith gur ag tacú le foireann an iarthair a bheas tromlach an 25,000 duine a bheas ag an gcéad chluiche gairmiúil rugbaí a imreofar sa gcontae ariamh. Is cinnte gur borradh mór gnó a bheidh sa choimhlint seo do Chaisleán an Bharraigh. Seans maith go bhfeicfidh muid a leithéid i gcontaetha eile sa gcúige amach anseo, go háirithe má éiríonn le Cúige Chonnacht leas a bhaint as an tacaíocht a bheas acu. Ach ní bheidh sé éasca acu.
Tá siad sé háit níos ísle ná Cúige Mumhan ar an tábla, sa dara háit déag. Mar sin féin níl ach trí phointe idir na foirne seo. Beidh an dá fhoireann ag iarraidh tógáil ar an tsár-iarracht a rinne siad i mBabhta 13 in ainneoin gur chaill siad. Tá drogall orm arís toradh a thuar don chluiche seo. Is leor a rá go bhfuil bun-ábhar againn do shárchoimhlint rugbaí ar ócáid stairiúil i gcontae Mhaigh Eo.
Tá dúshlán mór eile roimh Chúige Laighean, foireann atá fós ar bharr tábla. Is in Durban na hAfraice Theas i gcoinne na Sharks, foireann atá sa gceathrú háit ar an tábla, a bheas an cluiche seo. Tá an t-ádh ar fhoireann Leo Cullen gur le farraige seachas ar thalamh ard a bheas an cluiche seo. Ní féidir bua do na cuairteoirí a chur as an áireamh, sin má imríonn siad fiú leath chomh maith agus a rinne siad seachtain ó shin.
Fág freagra ar 'Ní bheidh sé éasca ag Cúige Chonnacht i gcluiche stairiúil i Maigh Eo'