‘Ní bheidh mé ag teacht abhaile’ –turas Marty Walsh ar Chonamara stoptha ag fadhbanna traenach Mheiriceá

Cuireadh ar ceal mar gheall ar bhaol stailce an chéad turas a bhí socraithe go hÉirinn ag Marty Walsh ó ceapadh é ina Rúnaí Saothair i Rialtas Mheiriceá

‘Ní bheidh mé ag teacht abhaile’ –turas Marty Walsh ar Chonamara stoptha ag fadhbanna traenach Mheiriceá

Bheadh radharc breá siar i dtreo bhun na spéire ón doras dúnta in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta ar an Satharn beag seo amach romhainn. Beidh an taoille tuile ag seoladh isteach ó Oileán Máisean, aniar le cóstaí Mhaínse, agus ag sníomh isteach go ciúin, deas réidh chomh fada le binn an Ionaid.

Is cinnte go mbainfeadh Rúnaí Saothair Stáit Aontaithe Mheiriceá lán a shúl as an radharc. Bheadh Marty Walsh sa mbaile. Ansin a bhí sé ceaptha a bheith. Ach bhí air glaoch teileafóin a dhéanamh chuig a uncail, Peadar Ó Máille i Ros Cíde an Luan seo caite. Ní bheidh mé ag teacht “abhaile”, arsa an Rúnaí Saothair. Sin é go díreach a dúirt sé, a deir Peadar Ó Máille. “I cannot go home”.

Bhí an brú mór a bhaineann lena phost mar Rúnaí Saothair sna Stáit Aontaithe théis breith air. Bhí cúrsaí gaibhte chun donais agus in aimhréidh sna cainteanna a bhaineann le haighneas na n-oibríthe traenach ar fud na Stát Aontaithe. Mura mbeadh socrú ann taobh istigh de bheagán laethanta bheadh an sop séidte.

D’fhéadfadh eacnamaíocht na Státaí a bheith dhá bhilliún euro sa ló thíos leis an stailc sin. Ach sa mullach air sin, agus toghcháin lár téarma ar na bacáin i Meiriceá, d’fhéadfadh an stailc a lorg a fhágáil ar chúrsaí polaitíochta ar an taobh thiar den Atlantach.

Is iad na Daonlathaigh is mó a bheadh thíos leis sna bothanna vótála.

Ba é seo an chéad turas a bhí socraithe go hÉirinn ag Marty Walsh ó ceapadh é ina Rúnaí Saothair i Rialtas Mheiriceá – an chéad turas “abhaile” mar bhall de Rialtas an Uachtaráin Biden. Imirceoirí as Ros Muc agus Carna ab ea tuismitheoirí an Rúnaí Saothair. Chleacht sé turais “abhaile” ó bhí sé ina ghasúr. Bhí an nádúr sin leis an “mbaile” aige nuair a tháinig sé anall leis an mbunchloch a leagan d’Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta agus aríst leis an Ionad a oscailt go hoifigiúil in 2018. Cuireadh míle fáilte roimhe i gConamara agus é an uair sin ina Mhéara ar Bhoston.

Bhí duine díobh féin curtha i gceannas ar chathair Bhoston, an áit a ndeachaigh an oiread sin acu ar imirce agus go leor acu beo bocht san aimsir a caitheadh. Ó shin i leith, cuireadh glaoch air go Washington. Sin glaoch nach bhfaigheann ach beagán daoine, ach tá cúraimí ag baint leis de ló agus d’oíche.

Tharla sé ionann agus bliain go ham seo go raibh Marty Walsh ceaptha a bheith ina phriomchainteoir ag comhdháil ar an gcóras idirlín a reáchtáladh in Ionad Cuimhneacháin agus Diaspóra na Gaeltachta i gCarna. Ach bhí na cruóganna chomh mór sin, agus an tUachtarán Biden ag iarraidh bille mór forbartha infreastruchtúir a chur thrí Thithe na Comhdhála in Washington, nach bhféadfadh an Rúnaí Saothair leathuair an chloig féin a spáráil ar ‘Zúm’ as Washington an lá sin. Tharla go raibh imní ar an Uachtarán nach mbeadh na vótaí uilig a theastaigh uaidh aige agus cuireadh Marty Walsh ag stocaireacht.

Tá Marty Walsh sa mbearna an tseachtain seo freisin, é féin agus an Rúnaí Iompair, Pete Buttigieg. Tuairiscíodh an tseachtain go raibh Marty Walsh curtha ag plé go díreach leis na ceardchumainn ag an Uachtarán Biden. Tá na cruinnithe sin ar bun agus seo á scríobh.

Sé an scéal anois i lár na seachtaine go bhfuil an cás idir dhá cheann na meá. Má théann lucht na dtraenacha lastais ar stailc beidh sé ina ghéarchéim láithreach. Tá cruthneacht agus grán an fhómhair á dtabhairt chun bealaigh ag an tráth seo agus is iad na traenacha a thugann cuimse díobh sin anonn agus anall. Tarlaíonn sé i mbliana go bhfuil soláthairtí feilme Mheiriceá ag teastáil go géar de bharr na héiginnteachta a bhaineann leis an soláthar as an Úcráin.

Tugann na traenacha go leor ábhar fuinnimh – gual san áireamh – anonn agus anall sna Státai freisin.

Lena chois sin uilig, tá roinnt traenacha paisinéirí stoptha cheana féin de bharr aighneas na n-oibrithe lastais. Bheadh an baol ann go gcuirfí sceideal an mhórchomhlachta Amtrak as a riocht uilig gan mórán achair.

Dá dtéadh an scéal sin in olcas ba dhona an iarraidh a bheadh ann do Rialtas Joe Biden agus vótáil lár téarma rompu i mí na Samhna.

Meastar go bhfuil gaoth go leor i seolta na bPoblachtánach, cé gur deacair a rá ar mó dochar ná a mhalairt atá Donald Trump a dhéanamh dóibh. Dá n-éireodh leo suíochán amháin breise a fháil sa Seanad bheadh ceannas acu ansin. Is fánach an rud a chuirfeadh riar maith toghchán ar fud na tíre sin bealach amháin nó bealach eile – géarchéim traenacha, mar shampla.

Beidh i bhfad níos mó ar aire an Rúnaí Saothair an deireadh seachtaine seo ná an radharc siar ó bhinn Ionad na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i gCarna.

Ach ní fear é a ligeann an “baile “ i ndearmad lá ar bith dá shaol.

Ní cheaptar in oifig an Rúnaí Saothair gur féidir leis taisteal “abhaile” anois nó go mbeidh na toghcháin lár téarma thart, pé ar bith caoi a mbeidh scéal na dtraenacha.

Ach níltear á chur as an áireamh go dtiocfaidh Marty Walsh anall roimh dheireadh na bliana agus go gcaithfidh sé súil siar ó bhinn Ionad na nImirceach i dtreo íochtar na spéire agus na bhfarraigí móra siar go Meiriceá.

Fág freagra ar '‘Ní bheidh mé ag teacht abhaile’ –turas Marty Walsh ar Chonamara stoptha ag fadhbanna traenach Mheiriceá'