Ní bheidh an goile ag cách d’uafáis scéal Sophia Murphy, ach clár é seo ar cheart féachaint air

Bhí clár cumhachtach ag ‘Finné’ ar TG4 dúinn a d’fhéadfadh spreagadh a thabhairt do dhaoine eile teacht chun cinn agus a scéalta a insint

Ní bheidh an goile ag cách d’uafáis scéal Sophia Murphy, ach clár é seo ar cheart féachaint air

Thosaigh an dara sraith de Finné ar TG4 an Chéadaoin seo. Saothar é seo atá á chur i láthair ag comhfhreagraí cúirte RTÉ, Orla O’Donnell agus a dhíríonn ar a scéalta pearsanta siúd ar bhain eachtraí anróiteacha dóibh.

Ghnóthaigh an clár faoi Martin Conmey ón gcéad sraith duais de chuid Chumann Dlí na hÉireann níos luaithe i mbliana. Is sé chlár a bheidh sa tarna sraith seo agus déanfar cíoradh ar scéalta a bhaineann le cearrbhachas, ciorrú coil, imtheorannú agus an cosc ar ghinmhilleadh san am a chuaigh thart.

Tosnaíonn an chéad chlár le seat de mháthair agus cailín ar bhus. D’fhéadfadh a leithéid d’íomhá a bheith in aon chlár faisnéise ach ansin de gheit déantar sin a theilgean isteach i gcuntas tochtmhar, suaiteach le Sophia Murphy. Na céad fhocail a chloisimid ó Sophia ná í ag trácht ar an gcéad chuimhne atá aici de mhí-úsáid ghnéis a hathar. Tharla an iliomad ionsaithe eile i gcaitheamh a hóige.

Ciontaíodh John Murphy anuraidh as na hionsaithe a dhein sé ar Sophia agus gearradh téarma príosúnachta ocht mbliana déag air. Thug Sophia suas a neamhainmníocht le go bhféadfadh sí a scéal féin a insint; rud a bhfuil sí an-bhródúil as agus dar léi féin a  neartaíonn í le haghaidh a thabhairt ar an anachain.   

Labhraíonn Sophia go neamhbhalbh faoin na hionsaithe gnéis a deineadh uirthi ó bhí sí an-óg go dtí go raibh sí sna déaga. Ní bheidh an goile ag gach n-aon do na huafáis seo ach is clár é seo ba cheart féachaint air.

‘Dad’ a thugann sí go minic ar Murphy i gcaitheamh an chláir agus is léiriú beag ann féin é sin ar an gcíor thuathail intinne, a raibh agus a bhfuil uirthi déileáil leis. Í ag iarraidh meabhair a bhaint as iompar a hathar, an duine ba cheart í a chosaint ar uafáis an tsaoil ag déanamh ionsaithe uafásacha uirthi. Go deimhin, tugann sí le fios dúinn gur thug sí cuairt air i bPríosún Chnoc an Arbhair agus tráchtann sí ar an bhfearg a bheith fite fuaite leis an nasc athartha.

Labhraíonn sí go tomhaiste, mothúchánach faoina hóige agus an tsoineantacht a scuabadh chun siúil go míthrócaireach. “I was an adult before I was even a child,” a deir sí linn ag pointe amháin. Is iad na radharcanna ina bhfuil Sophia ag léamh litreacha a scríobh sí chuig Sophia óg na míreanna is cumhachtaí agus is léanmhaire sa chlár.

Fite fuaite leis seo tá ionchur eolgaiseach as Gaeilge ón síciteiripeoir Máirín Ní Nualláin agus an síceolaí Éamonn Ó Dochartaigh.   

I rith an tsaothair léirítear Sophia mar íospartach ach léirítear í chomh maith mar dhuine misniúil a bhfuil teacht aniar inti. Tá sí ar a croí díchill ag iarraidh teacht slán agus dul i ngleic leis an lorg a d’fhág gníomhartha a hathar uirthi.

Clár cumhachtach é seo a d’fhéadfadh spreagadh a thabhairt do dhaoine eile a d’fhulaing a mhacasamhail teacht chun cinn agus a scéalta a insint.

Fág freagra ar 'Ní bheidh an goile ag cách d’uafáis scéal Sophia Murphy, ach clár é seo ar cheart féachaint air'