Ní bhainfidh Nua Eabhrac geit as éinne ach d’fhéadfadh Gaillimh teacht aniar aduaidh ar Mhaigh Eo

Ní gá duit a rá le máistrí na peile cad a tharlaíonn dóibh siúd atá ag iarraidh an cúigiú craobh as a chéile agus ní bheidh Maigh Eo chomh leochaileach aon lá eile i mbliana is a bheidh siad ar an 14 Meitheamh

Gary O'Driscoll (Nua Eabhrac) agus Seán Denvir (Gallimh) Pictiúr: INPHO/Andy Marlin
Gary O’Driscoll (Nua Eabhrac) agus Seán Denvir (Gallimh) Pictiúr: INPHO/Andy Marlin

Bearna de sé phointe dhéag a bhí idir foireann na Gaillimhe agus a gcéilí comhraic, Nua Eabhrac, Dé Domhnaigh.

Toisc go raibh roinnt cluichí i gcoinne an Chabháin ag Nua Eabhrac le déanaí, b’fhéidir go rabhthas ag súil go mbeadh ar chumas fhoireann na háite searradh beag níos mó ná san a bhaint as na cuairteoirí i mbliana. Is léir le roinnt mhaith blianta anois, áfach, go bhfuil an bhearna idir na foirne atá á bprapáil féin ag baile le cluichí sraithe go deireadh an earraigh agus foireann Nua Eabhrac, a bhíonn ag braith ar chluichí fánacha neafaiseacha, ag dul i méid na haon bhliain.

Bhíos féin i láthair i bPáirc na nGael sa Bronx an dtaca seo anuraidh nuair a dhein Maigh Eo slad sa dara leath ar fhoireann Nua Eabhrac agus ag labhairt dom tar éis na himeartha lena mbainisteoir, Ian Galvin, tuigeadh dom nach bhfuil Nua Eabhrac chun aon gheit rómhór a bhaint as aon fhoireann i gcraobh Chonnacht aon bhliain feasta.

Dúirt an Gealbhánach gur mhaith leis dá mbeadh ar churadh Roinn 4 na sraithe peile taisteal go Nua Eabhrac chun dúshlán a thabhairt d’fhoireann na háite chun iad a ullmhú i gceart don gcraobh. Bheadh tairbhe an chomh maith d’fhoireann, ar nós Uibh Fhailí a bhuaigh an roinn áirithe sin le déanaí, sa mhéid is go dtabharfadh sé cluiche breise dóibh sara dtabharfaidís faoina bhfeachtas craoibhe féin ag baile.

Ach is beag seans, i ndáiríre, atá ann go mbuafaidh foireann Nua Eabhrac cluiche craoibhe go luath agus fiú dá mbuafadh, ní bheadh ar chumas isteach is amach le haon trian den bhfoireann taisteal abhaile chun an chéad chluiche eile d’imirt toisc go bhfuilid ag maireachtaint go mídhleathach ins na Stáit Aontaithe.

Tá láncheart ar bhonn stairiúil, ar bhonn cothromaíochta, ar bhonn ionadaíochta agus ar bhonn forbartha, ag foireann Nua Eabhrac bheith rannpháirteach i gcraobh Chonnacht ach tar éis an Domhnaigh, díreoidh an chaint thall ar cé na himreoirí a bheidh ag teacht anall do shamhradh na bliana seo, ar cé na foirne a bhfuil póca teann acu chun na himreoirí céanna a mhealladh agus ar cén sórt feachtais a bheidh i mbliana ag an nGaillimh.

Beidh slat tomhais i bhfad níos fearr againn ar chumas na Gaillimhe nuair a chasfaidh siad ar Liatroim i bPáirc Seán Mac Diarmuda seachtain ón nDomhnach.

Seachas pé tinneas boilg a bhuail scata dá gcuid imreoirí roimh an gcluiche, is beag eile a bheidh le tabhairt abhaile acu tar éis a dturais ar Nua Eabhrac.

Tá a fhios againn ós na tuairiscí go raibh Damien Comer i mbarr a mhaitheasa agus go bhfuair Shane Walsh báide agus ceithre phointe ach ní haon ghaisce mór é sin, a déarfá. Dhein imreoirí Chonamara, Seán Denvir, Fiontán Ó Curraoin agus Peadar Óg Ó Gríofa a gcion féin agus dhein Paul Conroy cion captaein i lár a’ gharraí.

B’fhéidir, áfach, gurb é an tréith is suntasaí i dtaispeántas na Gaillimhe Dé Domhnaigh ná an teacht aniar atá déanta ag Tom Flynn óna ghortú agus ba dheas é siúd a fheiscint ag teacht chun páirce. Is cinnte nach mór is féidir leis a dhéanamh idir seo agus cluiche Liatroma chun dul i bhfeidhm ar Kevin Walsh agus a roghnóirí ach más féidir leis an nGaillimh an cluiche sin a chur díobh, beidh mí iomlán ag Flynn chun é féin a ullmhú don ndúshlán a thabharfaidh Maigh Eo dóibh i lár an Mheithimh.

Tá mórán cainte á dhéanamh faoi Mhaigh Eo agus Ros Comáin bheith i bhfad chun cinn ar fhoireann seo na Gaillimhe i láthair na huaire. Bunaithe ar fhianaise an chomórtais sraithe atá díreach thart, bheadh bunús maith leis an gcaint sin. Ach tá an domhan de dhifríocht idir sraith agus craobh agus más féidir leis an nGaillimh a gcosa a thabhairt slán ó Pháirc Seán ar an 17 Bealtaine, beidh siad ag tabhairt faoina dtríú cluiche craoibhe agus gan aon chluiche buaite ag Maigh Eo ón 8 Márta nuair a bhí cúig phointe farasbairr acu ar Dhoire i bPáirc na gCeilteach.

Glactar leis, agus ceithre chraobh as a chéile buaite acu ó 2011, gurb iad Maigh Eo na máistrí i gConnachta ach ní gá duit a rá le máistrí na peile agus na hiomána, Ciarraí agus Cilll Chainnigh, cad a tharlaíonn dóibh siúd atá ag iarraidh an cúigiú craobh as a chéile a bhuachtaint!

Déarfá ag an bpointe seo go bhfuil Maigh Eo fós róchumasach don nGaillimh ach ní bheidh siad chomh leochaileach aon lá eile i mbliana is a bheidh siad ar an 14 Meitheamh.

Fág freagra ar 'Ní bhainfidh Nua Eabhrac geit as éinne ach d’fhéadfadh Gaillimh teacht aniar aduaidh ar Mhaigh Eo'